Agus d’imṫiġ Ananias, agus do ċuaiḋ sé isteaċ san tiġ; agus do ċuir sé a láṁa air agus aduḃairt, A Ṡaul, a ḃráṫair, an Tiġearna Íosa do ṫaisbeán é féin duit san tsliġe agus tú ag teaċt, do ċuir sé mise ċugat, ċum go ḃfaiġṫeá do raḋarc aṫuair, agus go líonfaiḋe ṫú de’n Spiorad Naoṁ. Agus ar an láṫair do ṫuit ó n‐a ṡúiliḃ mar ḃéaḋ gáinní, agus fuair sé a raḋarc; agus d’éiriġ sé agus do baisteaḋ é