Agus aduḃairt an Spiorad le Pilib, Druid i n‐aice leis, agus téiġ san gcarbad sin. Agus do riṫ Pilib ċuige, agus d’airiġ sé é ag léiġeaḋ Ésáias fáiḋ, agus aduḃairt sé, An dtuigeann tú an méid atá agat d’á léiġeaḋ? Agus aduḃairt seisean, Cionnas is féidir liom a ṫuigsin, gan duine éigin ḃeiṫ ann le n‐a ṁíniú ḋom? Agus d’iarr sé ar Ṗilib teaċt aníos agus suiḋe ’n‐a aice.