Genesis 1

1
Caibidil I.
Cruṫuġaḋ an doṁúin uile a sé laiṫiḃ.
1Ar ttús do ċruṫaiḋ Día neaṁ agus talaṁ. 2Agus do ḃí an talaṁ gan ḟoirm, agus folaṁ; agus do ḃí dorċadus ar aġaiḋ an aigéin. Agus do ċorruiġ spiorad Dé ar aġaiḋ na nuisgeaḋ. 3Agus a duḃairt Dia, Bíoḋ solus ann: agus do ḃí an solus ann. 4Agus do ċonnairc Día an solus: gur ṁaiṫ é, agus do roinn Día idir an solus agus an dorċadus. 5Agus do ġoir Día don tsolus lá, agus don dorċadus do ġoir sé oiḋċe. Agus do buḋ í an nóin agus an ṁaidean an ċéud lá. 6Agus a duḃairt Día, Bioḋ fiormament a meaḋón na nuisgeaḋ, agus roinneaḋ na huisgeaḋa ó na huisgeaḋuiḃ. 7Agus do rinne Día an ḟiormament, agus do roinn na huisgeaḋa faói an ḃfiormament ó na huisgeaḋuiḃ ós cionn na fiormamente: agus do ḃí mar sin. 8Agus do ġoir Día don ḟiormament neaṁ. Agus do buḋ é an nóin agus an ṁaidean an dara lá. 9Agus a duḃairt Día, Cruinniġṫear na huisgeaḋa atá fáoi neaṁ a néunáit, agus léigṫear an úir tirm leis: agus do ḃí mar sin. 10Agus do ġoir Día don úir ṫirm talaṁ, agus do ċruinniġṫiḃ na nuisgeaḋ do ġoir sé fairge; agus do ċonnairc Día gur ṁaiṫ sin. 11Agus a duḃairt Día, Tugaḋ an talaṁ féur, agus an luiḃ as a ttig síol, agus crann toraiḋ do ḃeir toraḋ do réir a ċinéil, a mbí a ṡíol ann féin ar an ttalaṁ; agus do ḃí mar sin. 12Agus tug an talaṁ mínḟéur, agus luiḃ do ḃeir síol do réir a ċinéil, agus crann do ḃeir toraḋ, noċ ann a raiḃ a ṡíol do réir a ċinéil; agus do ċonnairc Día gur ṁaiṫ sin. 13Agus do buḋ é an nóin agus an ṁaidean an treas lá. 14Agus a duḃairt Día, Bíoḋ loċrainn a ḃfiormament neiṁe do roinn eidir an lá agus a noiḋċe; agus bídís ar son ċoṁarṫaiḃ, agus ar son aimsearuiḃ, agus ar son laiṫiḃ, agus bliaġnuiḃ: 15Agus bidís mar ṡoillsiḃ a ḃfiormament neiṁe, do ṫaḃairt soluis ar an ttalaṁ; agus do ḃí mar sin. 16Agus do rinne Día ḋá lóċrann ṁóra; an lóċrann as mó do ríaġlaḋ an laói, agus an lóċrann as luġa do ríaġlaḋ na hoiḋċe: agus na réulta mar an cceadna. 17Agus do ṡuiġe Día íad a ḃfiormament neiṁe, do ṫaḃairt soluis ar an ttalaṁ. 18Agus do ríaġlaḋ ar an ló, agus ar an oiḋċe, agus do roinn idir an tsolus agus an dorċadus; agus do ċonnairc Día gur ṁaiṫ sin. 19Agus do buḋ é an nóin agus an ṁaidean an ceaṫraṁaḋ lá. 20Agus a duḃairt Dia, Tugaidís na huisgeaḋa amaċ go líonṁur an créatuir corruiġeaċ ann a ḃfuil anam, agus éunlaiṫ ḟéadfas eiteaḋ ós cionn na talṁan a ḃfiormament ṡoilléir neiṁe. 21Agus do ċruṫaiḋ Día míola móra, agus gaċ uile ċréutúir beó ċorruiġeas, noċ tugadar na huisgeaḋa uaṫa go líonṁur do réir a ccinéil, agus gaċ uile éun sgiaṫánaċ do réir a ċinéil; agus do ċonnairc Día gur ṁaiṫ sin. 22Agus do ḃeannaiġ Día íad, ag ráḋ, Bíoḋ siḃ tórrṫaċ agus firlíonaiḋ, agus lionaiḋ na huisgeaḋa ann sna fairgiḃ, agus líonaḋ an éunlaiṫ ar an ttalaṁ. 23Agus do buḋ é an nóin agus an ṁaidean an cúigéaḋ lá. 24Agus a duḃairt Día, Tugaḋ an talaṁ úaḋa créutúir beó do réir a ċinéil, áirnéis, agus gaċ ní ṡnáṁus an talaṁ, agus ainṁiḋe na talṁan do réir a ċinéil; agus do ḃí mar sin. 25Agus do rinne Día ainṁiḋe na talṁan do réir a gcinéil, agus áirnéis do réir a ccineil, agus gaċ ní ṡnáṁus air an ttalaṁ, do réir a ċinéil; agus do ċonnairc Día gur ṁaiṫ sin. 26Agus a duḃairt Día, Déunam an duine ann ar ndeilḃ féin, do réir ar ccosaṁlaċda féin, agus bíoḋ tiġearnus aige ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn éunlaṫ an aiéir, agus ós cionn na háirnéisi, agus ós ciónn na talṁan uile, agus ós cionn ann uile neiṫe ṡnaṁuiġeaċ ṡnáṁus ar an ttalaṁ. 27Mar sin do ċruṫaiḋ Día an duine an a ioṁáiġ féin, a níoṁáiġ Dé do ċruṫaiḋ sé é; fearḋa agus bannda do ċruṫaiḋ sé íad. 28Agus do ḃeannuiġ Día íad, agus a duḃairt Día ríu, Bíoḋ siḃ tórrṫaċ, agus méuduiġiḋ, agus líonaiḋ an talaṁ, agus cuiriḋ fúiḃ é: agus bíoḋ tiġearnus aguiḃ ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn eúnlaiṫ an aéir, agus ós cionn an uile neiṫe ċorruiġeas ar an ttalaṁ. 29Agus a duḃairt Día, Féuċ, tug mé ḋíḃ gaċ uile luiḃ do ḃeir síol da ḃfuil ar druim na talṁan, agus gaċ uile ċrann, an a ḃfuil toraḋ croinn do ḃeir síol; biáiḋ sé na ḃíaḋ ḋiḃ. 30Agus dá gaċ uile ḃeiṫeaċ ar an ttalaṁ, agus dá gaċ uile éun sa naieir, agus dá gaċ aoinní ṡnáṁus ar an ttalaṁ, ann a ḃfuil anam, tug mé gaċ uile luiḃ ġlas mar ḃíaḋ: agus do ḃí mar sin. 31Agus do ċonnairc Día gaċ áoinní dá ndéarna sé, agus, féuċ, do ḃí go roṁaiṫ: agus do buḋ é an nóin agus an ṁaidean an seiseaḋ lá.

Chwazi Kounye ya:

Genesis 1: BedellG

Pati Souliye

Pataje

Kopye

None

Ou vle gen souliye ou yo sere sou tout aparèy ou yo? Enskri oswa konekte

YouVersion sèvi ak cookies pou pèsonalize eksperyans ou. Lè w sèvi ak sit entènèt nou an, ou aksepte itilizasyon cookies yo jan sa dekri nan Règleman sou enfòmasyon privenou an