YouVersioni logo
Search Icon

Genesis 20

20
Caibidil XX.
Sarah ar na tabhairt ó Abraham, aisiogthar í saor. 17 Ag athchoinnidh Abraham slanaighthear Abimelech.
1Agus do ghluáis Abraham as sin don tir bu dheas, agus do áitreabh eidir Cades agus Súr, agus do rinne comhnuidhe ann, Gerar. 2Agus a dubhairt Abraham a ttáobh Shárah a mhná, A si mo dheirbhshiur í: agus do chuir Abimelech righ Gérar fios, agus do ghlac sé Sárah. 3Ach táinic Dia go Habimelech a naisling sa noidhché, agus a dubhairt ris, Feuch, ní bhfuil ionnad ach duine marbh tres an mnáoi do ghlac tú; oir is bean fir í. 4Ach ní tháinig Abimelech na gar: achd a dubhairt sé, A THIGHEARNA, an muirfidh tu mar sin cineadh ionnruic? 5Nach dubhairt seision riomsa, Sí mo dheirbhshíur í? agus sisi mar an gcéudna, isi féin a dubhairt, Sé mo dhearbhrathair é: a simplidheachd mo chroidhe, agus a neimhchionta mo lamh, do rinne misi so. 6Agus a dubhairt Día a naisling ris, Is fior, is aithnidh damhsa gur ó chroidhe ghlan do rinne tú so; óir do chonnuimh mé ó pheacadh do dheunamh am aghaidh thú: uime sin nar léig mé duit buáin ria. 7Uime sin annois aisig don fhior a bhean; óir is faidh é, agus guidhfidh ar do shon, agus bíaidh tú beó: agus muna aisiogtha tú í, bíodh a fhios agad go bhfuighe tú bás go deimhin, thú féin agus an mheid ghabhus leachd. 8Uime sin do éirigh Abimelech go moch ar maidin, agus do ghoir a sherbhísigh uile, agus do innis na neithesi uile ann a gclúasuibh: agus do líonadar na dáoine deagla mhóir. 9Ann sin do ghoir Abimelech Abraham, agus a dubhairt ris, Créd do rinne tusa linne? agus créud a nurchóid do rinne mé féin duit, ás a ttug tú peacadh mór oram féin agus ar mo rioghachd? do rinne tú gníomha orumsa nár chóir a dhéunamh. 10Agus a dubhairt Abimelech ré Abraham, Créd do chonnairc tú as a ndearna tú an ní si? 11Agus a dubhairt Abraham, Do chionn gur sháoil mé, Go deimhin nach bhfuil eagla Dé sa náitse; agus go muirfidhe misi ar son mo mhná. 12Agus go deimhin thairis sin a si mo dhearbhshiúr í; is inghean dom athair í, ach ní hinghean dom mhathair í; agus tugadh na mnáoi dhamh í. 13Agus tárla, a nuáir thug Día ormsa imtheachd romham ó thigh mathar, do ráidh me ría, Is é so do chineáltussa do dhéunas tú orumsa; ann gach uilé bhall iona ttiucfam, abair dom tháobhsa, A sé mo dhearbhrathair é. 14Agus do ghlac Abimelech cáoirigh, agus daimh, agus ógláoich, agus inniltigh, agus tug do Abraham íad, agus do aisig Sarah a bhean dó. 15Agus a dubhairt Abimelech, Féuch, atá mo dhuthaigh as do choinne: comhnuigh sa náit is fearr chítear dhuit. 16Agus ré Sárah a dubbairt sé, Féuch, tug mé dot dhearbhrathair míle píosa airgid: féuch atá sé dhuitsi na fholach súl, do nuile da bhfuil ad fhochair, agus a bhfochair a nuile eile: mar sin fuáir si achmhusán. 17Ann sin do ghuidh Abraham Día: agus do leighis Día Abimelech, agus a bhean, agus inniltigh; agus rugadar clann. 18Oír do dhruid an TIGHEARNA go daingean a nuile bhrú a ttigh Abimelech, ar son Shárah bean Abraham.

Currently Selected:

Genesis 20: Bedell

Tõsta esile

Share

Kopeeri

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in