Agus dʼfhigh sé fuip as téada, agus thiomáin sé iad féin agus na caoirigh agus na daimh amach as an teampall; agus scaip sé na boinn a bhí ag lucht malartaithe an airgid agus thiontaigh sé a mboird bun os cionn. Agus dúirt sé le lucht díolta na gcolm, “Tugaigí libh iad seo as seo; ní ceadmhach teach margaidh a dhéanamh de theach mʼAthar-sa.”