Logo de YouVersion
Icono de búsqueda

Na Sailm 15

15
Salm 15.
Domine, quis habitabit?
1A Thiarna, cé a chónós i do phailliún: nó cé a áiteos do chnoc naofa?
2An té sin, a chaitheas beatha gan smál: agus a bhíos ceart ina ghníomhartha, agus a labhraíos an fhírinne óna chroí.
3An té nach mbíodh cealg ina theanga, agus nach ndearna dochar dá chomharsa: agus nach ndearna ithiomrá ar a chomharsa.
4An té nach mbíonn mórchúiseach, ach a bhíos íseal ina shúile féin: agus a mbíonn mórmheas aige ar lucht eaglaithe an Tiarna.
5An té a mhionnaíos dá chomharsa, agus nach gcliseann air: cé go mbeadh sé féin thíos leis.
6An té nach dtugadh a airgead ar úsaireacht: agus nach nglacfadh le breab in aghaidh an neamhchiontaigh.
7An té dhéanas amhlaidh: ní chuirfear dá chosa é choíche.

Actualmente seleccionado:

Na Sailm 15: OC1965

Destacar

Compartir

Copiar

None

¿Quieres tener guardados todos tus destacados en todos tus dispositivos? Regístrate o inicia sesión