Eóin 10
10
Caibidil X
Tar éis Ċríosd eidírḋealuġaḋ do ḋéanaṁ eidir an deaġ áoḋaire agus an túarusdaluiġ, 31 tugadar na Hiuduiġe fúaḋ niṁneaċ ḋo.
1Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Giḋ bé naċ dtéid a sdeaċ ṫríd an dorus go cró na gcáoraċ, aċd ṫéid suás a dtáoiḃ eile, is gaduiḋe é agus bioṫaṁnaċ. 2Aċd giḋ bé ṫéid a sdeaċ air a dorus, as é áoḋaire na gcáoraċ é. 3Is dó so osglas an doirrseóir; agus éisdid na cáoiriġ a ġuṫ: agus goiriḋ sé a ċáoiriġ réir a nanmann, agus tréoruiġiḋ sé amaċ iád. 4Agus an tan léiġeas sé a ċáoiriġ féin amaċ, sioḃluiḋ sé rómpa, agus leanuid na cáoiriġ é: óir aiṫniġid siád a ġúṫ. 5Agus ní leanfaid siád aóḋaire coimṫiġeaċ, aċd teiṫfid uáḋ: do ḃríġ naċ aiṫnid dóiḃ gúṫ na gcoiṁṫiġeaċ. 6Do laḃair Iósa an ċosaṁláċd so riú: Giḋeaḋ níor ṫuigeadarsan na bríaṫra á duḃáirt sé riú.
7A duḃairt Iósa riú arís, Go deiṁín, deiṁin, a deirim riḃ, Gur misi dorus na gcáoraċ. 8A dtáinig roṁam uile as gaduiḋṫe iád agus bioṫaṁnuiġ: aċd níor éisdeadar na cáoiriġ riú. 9Is misi an dorus, giḋ bé neaċ raċas a steaċ ṫríomsa, slaíneoċṫar é, agus raċuiḋ sé a steaċ agus amaċ, agus do ġéuḃa sé inḃear. 10Ní ṫig an gaduiḋe, aċd do ġoid, agus do ṁárḃaḋ, agus do ṁilleaḋ: ṫáinig misi ionnus go mbíáḋ beaṫa aca agus go mbíaḋ sí ní is fairsinge aca. 11As misi an táoḋaire maiṫ: cuiriḋ an táoḋaire maiṫ a anam féin ar son na gcáoraċ. 12Aċd an túarsdaluiġ, agus an té naċ ḃfuil na áoḋaire, agus naċ leis féin na cáoiriġ, do ċí sé an mactíre ag teaċd, agus fáguiḋ sé na cáoiriġ, agus teiṫiḋ sé: agus fuáduiġe an mactíre na cáoiriġ, agus scabuiġe sé iád. 13Aċd teiṫiḋ an túarasdaluiġ, ar son gur túarasdaluiġ é, agus naċ ḃfuil suim aige ann sna cáorċuiḃ. 14Is misi an táoḋaire maiṫ, agus aiṫniġim mo ċáoiriġ féin, agus aiṫniġid mo ċáoiriġ féin mé. 15Mar aiṫniġeas an Taṫair misi, agus aiṫniġimsi an Taṫair: agus do ḃeirim manam ar son na gcáoraċ. 16Agus atáid cáoiriġ eile agam, naċ don ċróso: agus caiṫfiḋ mé iád sin leis do ṫaḃairt leam, agus ésdfid siád mo ġúṫ; agus biáiḋ áonċró aṁáin, agus áonáoḋaire aṁáin ann. 17Ar a naḋḃarso ġráḋuiġeas Maṫair misi, ar son go gcuirim manam úaim, do ċum go nglacfuinn é arís. 18Ní ḃeireann eúnduine úaim é, aċd cuirim féin uáim féin é. Atá cúṁaċda agam a ċur uáim, agus atá cúṁaċda agam a ġáḃáil ċugam a rís. Fuáir mé an áiṫnesi ó Maṫair.
19Ar a naḋḃarsin déiriġ connspóid a rís eidir na Iúduiḋíḃ trés na bríaṫraiḃse. 20Agus a duḃradar mórán díoḃ, Atá diaḃal ann, agus atá sé ar buile; créd fé néisdti ris?
21A duḃradar cuid eile, Ní bríaṫra ḋuine ion ḃfuil díaḃal iád so. An ḃféudann an díaḃal súile na ndáoine dall dosglaḋ?
22Agus do ḃí sollamain na coisreagaḋ a Níarusalem, agus do ḃí an geiṁreaḋ ann. 23Agus do ḃí Iósa ag sioḃal ann sa teampall a bpóirsi Ṡoluiṁ. 24Uime sin do ċruinniġeadar na Iúduiḋe na ṫimċeall, agus a duḃradar ris, Gá fad ċuinneóċas tú sinn a naṁarus? Más tú Críosd, innis dúinn é ós áird. 25Do ḟreaguir Iósa iád, Dinniseas dáoiḃ, agus ní ċreidṫí mé: na hoibreaċa ním a Maṫair, do níd siad fínne ḋaṁ. 26Giḋeaḋ ní ċreidtísi, oír ní dom ċáorċaiḃ siḃ, mar a duḃairt mé riḃ. 27Do ċluinid mo ċáoiriġsi mo ġúṫ, agus aiṫniġim iád, agus leanuid síad me: 28Agus do ḃeirim an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ ḋoiḃ; agus ni raċaid siád a muġa go bráṫ, agus ní ḟúaideóċaiḋ eínneaċ as mo láiṁ iad. 29Maṫair, noċ ṫug ḋaṁsa íád, as mó é ná na huile; agus ní ḟéudann éinneaċ a ḃfuadaċ as láiṁ Maṫar. 30Misi agus an Taṫair as áon sinn.
31Uime sin do ṫógḃadar na Iúduiḋe cloċe a rís, ċum a gcaiṫte ris. 32Do ḟreagair Iósa iád, Do ṫaisbéun mé mórán doibreaċniḃ maiṫe ḋáoiḃ ó Maṫair; cía aca obair air son a ngaḃṫáoi do ċloċuiḃ oram? 33Do ḟreagair na Iúdaiḋe é, ag ráḋ, Ní ar son oibre maiṫe ġaḃmóid do ċloċuiḃ ort; aċd ar son blaisṗeíme; agus air son ṫusa, agus tú ad ḋuine, go ndéunann tú Día ḋiót féin. 34Do ḟreaguir Iósa iád; An né naċ ḃfuil sgríoḃṫa an ḃur ndliġeaḋsa, A duḃairt misi, As déé siḃ? 35Má a duḃairt sé gur déé na dáoine úd, ċum a dtaínig briaṫar Dé, agus naċ éidir an sgriobtúir a sgáoileaḋ; 36A nabarṫáoisi, ris an té do ḃeannuiġ an Taṫair, agus do ċuir sé úaḋ air a tsáoġal, Do ní tú blaisṗéime; do ḃriġ go nduḃairt mé, Gur mé Mac Dé? 37Muna ndéunaim oibreaċ Maṫar ná creidiḋsi ḋaṁ. 38Aċd má ním, gé naċ ccreidtí ḋaṁsa, creidiḋ do na hoibreaċuiḃ: ionnus go naiṫéonaḋ siḃ, agus go gcreidfeaḋ siḃ, go ḃfuil an Taṫair ionnamsa, agus misi annsan.
39Uime sin diárradar a rís a ġlacaḋ: agus dimṫiġ sé as a láṁuiḃ. 40Agus do ċúaiḋ sé a rís tar Iordan don ionad an ar ḃaisd Eóin ar tús; agus do ċoṁnuiḋ sé ann sin. 41Agus tángadar mórán ċuige, agus a duḃradar, Ní ḋearna Eóin míorḃuile ar biṫ: aċd gaċ uile ní ḋá nduḃairt Eóin dá ṫáoḃ so, dob ḟíor iád. 42Agus do ċreideadar móran an sa nait sin ann.
Currently Selected:
Eóin 10: BedellG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.