Maitiú 28:12-15
Maitiú 28:12-15 ASN1943G
Agus ċruinniġ siad-san i gcionn a ċéíle mar aon leis na seanóirí, agus i ndiaiḋ dul i gcóṁairle dóiḃ, ṫug siad suim ṁór airgid do na gárdaí, Ag ráḋ: Abraigiḋ go dtáinic a ḋeisciobail san oiḋċe, agus gur ġoid siad é, nuair a ḃí sinne i n-ár gcodlaḋ. Agus má ċluin an t-uaċtarán fá seo, cuirfimíd-ne cóṁairle air, agus cuirfimíd siḃ-se ó ḃaoġal. Agus ġlac siad-san an t-airgead, agus rinne siad mar duḃraḋ leo. Agus leaṫnuiġeaḋ an scéal sin imeasc na n-Iúdaċ go dtí an lá atá indiu ann.