1
Marcas 2:17
An Bíobla Naofa 1981
Ar a chloisteáil sin d'Íosa dúirt sé leo: “Ní ag na daoine atá slán a bhíonn gá le lia ach ag na daoine atá tinn. Ní fíréin a tháinig mé a ghlaoch ach peacaigh.”
Compare
Explore Marcas 2:17
2
Marcas 2:5
Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: “A mhic, tá do pheacaí maite.”
Explore Marcas 2:5
3
Marcas 2:27
Agus dúirt sé leo: “Rinneadh an tsabóid ar son an duine, ní dhearnadh an duine ar son na sabóide
Explore Marcas 2:27
4
Marcas 2:4
Nuair nárbh fhéidir leo teacht ina ghar mar gheall ar an slua, nocht siad an díon os a chionn, agus tar éis dóibh poll a dhéanamh, lig siad síos an tsráideog a raibh an pairiliseach ina luí inti.
Explore Marcas 2:4
5
Marcas 2:10-11
Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh peacaí a mhaitheamh” - dúirt sé leis an bpairiliseach: “Deirim leat, éirigh, tóg do shráideog agus gabh abhaile.”
Explore Marcas 2:10-11
6
Marcas 2:9
Cé acu is fusa, a rá leis an bpairiliseach: ‘Tá do pheacaí maite,’ nó a rá: ‘Éirigh, tóg do shráideog, agus siúil’?
Explore Marcas 2:9
7
Marcas 2:12
D'éirigh seisean agus thóg an tsráideog láithreach, agus d'imigh amach os comhair cách, ionas go raibh alltacht orthu uile agus gur thug siad glóir do Dhia á rá: “Ní fhacamar a leithéid seo riamh.”
Explore Marcas 2:12
Home
Bible
Plans
Videos