1
Matha 17:20
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
Agus aduḃairt seisean leo, Mar ġeall ar ḃúr n‐easbaiḋ creidiṁ: óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Dá mbéaḋ oiread le gráinne síl mustáird de ċreideaṁ agaiḃ, adéarfaḋ siḃ leis an sliaḃ so, Aistriġ as so annsúd anonn; agus aistreoċaiḋ sé; agus ní ḃéiḋ éinniḋ ann naċ mbéiḋ ar ċumas daoiḃ a ḋéanaṁ.
Compare
Explore Matha 17:20
2
Matha 17:5
Le linn a ċainnte, féaċ, do leaṫ scamall lonnraċ orṫa: agus féaċ, an guṫ as lár an scamaill, aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain, ’n‐a ḃfuil mo mór‐aoiḃneas; éistiḋ leis.
Explore Matha 17:5
3
Matha 17:17-18
Agus d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt, A ṡlioċt ḋíṫċreidiṁ ḋo‐ṫeagascṫa, cá ḟad ḃéas mé eadraiḃ? cá ḟad ḟúlaingeoċas mé siḃ? taḃraiḋ ċugam‐sa annso é. Agus do smaċtuiġ Íosa an deaṁan; agus d’imṫiġ sé as: agus do ḃí an buaċaill slán ó’n uair sin amaċ.
Explore Matha 17:17-18
Home
Bible
Plans
Videos