1
Marcus 2:17
Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)
Ar a ċluinstin seo do Íosa deir sé leo: Ní ar na daoine slána a ḃíos liaiġ do ḋíṫ aċt ar na daoine breoiḋte; óir ní ṫáinic mise le glaoḋaċ ar ḟíréin aċt ar peacaiġ.
Compare
Explore Marcus 2:17
2
Marcus 2:5
Agus ar ḟeiceáil a gcreidiṁ do Íosa, deir sé leis an té a raiḃ an galar creaṫaċ air: A ṁic, tá do ṗeacaiḋe maiṫte duit.
Explore Marcus 2:5
3
Marcus 2:27
Agus duḃairt sé leo: Is ar son an duine a rinneaḋ an tsabóid, agus ní ar son na sabóide an duine.
Explore Marcus 2:27
4
Marcus 2:4
Agus mar nárḃ ḟéidir leo é a ṫaḃairt ina láṫair mar ġeall ar an tsluaġ, noċt siad mullaċ an tiġe ina raiḃ sé, rinne poll air, agus leig síos an tsráideog ar a raiḃ fear an ġalair ċreaṫaiġ ina luiġe.
Explore Marcus 2:4
5
Marcus 2:10-11
Aċt ċun go raiḃ a ḟios agaiḃ go ḃfuil cuṁaċt ag Mac an Duine peacaiḋe a ṁaiṫeaṁ ar talaṁ (deir sé le fear an ġalair ċreaṫaiġ). Deirim leat: Éiriġ; tóg do ṡráideog; agus gaḃ aḃaile ċun do ṫiġe.
Explore Marcus 2:10-11
6
Marcus 2:9
Cé acu is fusa a ráḋ le fear an ġalair ċreaṫaiġ: Tá do ṗeac-aiḋe maiṫte duit; nó a ráḋ: Éiriġ, tóg do ṡráideog agus siuḃal?
Explore Marcus 2:9
7
Marcus 2:12
Agus dʼéiriġ sé ar an ḃomaite, ṫóg leis a ṡráideog, agus dʼimṫiġ sé i ḃfiaḋnaise a raiḃ ann, ionnas gur ġaḃ iongantas iad uilig agus go dtug siad glóir do Ḋia, ag ráḋ: Ní ḟacamar a leiṫéid ariaṁ.
Explore Marcus 2:12
Home
Bible
Plans
Videos