Matha 2:12-13

Matha 2:12-13 OC1970

Fuair siad rabhadh i mbrionglóid gan filleadh ar Iorua, agus mar sin dʼimigh siad leo chun a dtíre féin ar shlí eile. Nuair a bhí siadsan ar shiúl, bʼshiúd aingeal ón Tiarna á thaispeáint féin do Iósaf i mbrionglóid agus á rá leis, “Éirigh, agus beir an leanbh agus a mháthair leat, agus éalaigh go dtí an Éigipt, agus fan ansin nó go gcuire mé scéala chugat; mar tá Iorua ar tí dul ar thóir an linbh lena scriosadh.”