Lúcas 16
16
Caibidil XVI
Inntleaċt an ḟeaḋmannaiġ éugcoraċ, 19 agus dioġla an tsaiḋḃir, ḋoiṫċiollaċ, ḃolgaċ.
1Agus a duḃairt sé fós ré na ḋeisciobluiḃ, Do ḃí duine saiḋḃir áiriġe ann, aga raiḃ sdíoḃard; agus do rinneaḋ casasoid ris air, gur ḋíoṁáil sé a ṁaóin. 2Agus ar na ġairm ċuige ḋo, a duḃairt sé ris, Créd é so do ċluinim ort? 3Agus a duḃairt an sdíoḃard ris féin, Créd do ḋéana mé? óir atá mo ṫiġearna ag buáin na sdíoḃardaċda ḋióm; ní héidiir leam roġṁar do ḋeanaṁ: agus is nair leam déirc iarruiḋ. 4Atá a ḟios agam créd do ḋéana mé, ionnas, an tan cuirfiġtear as an sdíoḃardaċd me, go ngéuḃuiḋ síad ċuċa mé dá dtiġṫiḃ féin. 5Agus ar ngairm gaċ aóin leiṫ dar ḋliġ a ṫiġearna fiaċa, a duḃairt sé ris an gcéd ḟear, Gá ṁéad a ḋliġeas mo ṫiġearna ḋíot? 6Agus a seision, Céd miosúr ola. Agus a duḃairt seision ris, Gaḃ ċugad do sgríḃina, agus suiḋ go lúaṫ, agus sgríoḃ a deiċ agus dá ḟiṫċead. 7Agus a duḃairt sé na ḋiáiġ sin ré duine eile, Créd ḋliġtear ḋiotsa? Agus a duḃairt seision, Céad míosúr cruiṫneaċda. Agus a duḃairt seision ris, Gaḃ ċugad do sgríḃinn, agus sgrioḃ ceiṫre fiṫċid. 8Agus do ṁol an tiġearna sdíoḃard na héugcóra, do ḃriġ go ndearuiḋ sé ní glic: oír is glíoca clann an tsáoġailsi ná clann an tsolais iona gcinél féin. 9Agus a deirinsi riḃ, Déanuiḋ cáirde ḋiḃ féin lé sáiḋḃreas na héagcóra; ionnus an tráṫ ḃías uireasḃuiḃ oruiḃ, go nglacfuiḋ siḃ ann a lóisdiniḃ siorruiḋe. 10An tí atá ionnruic sa ní is lúġa ata sé ionnruic a móran; agus giḋ bé atá éagcóraċ sa ní is luġa atá se éagcóraċ a mórán mar an gcéadna. 11Ar a naḋḃarsin muna raḃaḃairse fírinneacċ ann sa tsaiḋḃreas ḃréagaċ, cia ṫáoḃtas an saiḋḃreas fírinneaċ riḃ? 12Agus muna frioṫ ionnruic siḃ a gcuid duine eile, cia ḃearaḋ ḋaóiḃ an ní is liḃ féin? 13Ní héidir le searḃfoġantuiḋe ar biṫ seirḃis do ḋéanaṁ do ḋá ṫiġearna: óir biáidḋ fúaṫ aige do neaċ aca, agus gráḋ don dara fear; nó ceangalfuiḋ sé do ḋuine aca, agus do ḃéara sé tarcuisne ar an dara fear. Ní héidir liḃ seirḃís do ḋéanaṁ do ḋía agus do Ṁammon.
14Agus do Ċúaladar fós, na Ṗairisniġ sanntaċa, na neiṫesi uile: agus do rinniodar fonoṁad faóision. 15Agus a duḃairt seision ríu, Is siḃsi an dream ṡáorus siḃ féin a ḃfíaḋnuisi na ndaoine; aċd is aiṫnid do Dia ḃur grioḋeṫe: óir an ní atá fá ṁóirċion a ḃfiáḋnuisi na ndaóine atá sé gráineaṁnil a ḃfiáḋnuisi Dé. 16Do ḃí an reaċd agus na faiġe ann go teaċd Eóin: ó ṡin a leiṫ atá rioġaċd Dé ḋá ṡiosgéuluhaḋ, agus atá gaċ uile ḋuine ag déanaṁ foiréigin air. 17Aċd as usa neaṁ agus talaṁ do ḋul ṫort, ná áonṗunc don dliġeadḋ do ṫuitim. 18Giḃ bé neaċ léigeas a ḃean, agus ṗósus bean eile, do ní sé aḋaltrannas: agus giḋ bé ḃéir an ḃeansin do leigeaḋ ó a do ní sé aḋaltrannas.
19Aċd do ḃí duine saiḋḃir áirgiġe ann, agus is é bá héadaċ ḋó purpuir agus sioda, agus do ṫéiġeadḋ sé ċum bíḋ go roṡóġaṁuil gaċ laói: 20Aċd do ḃí duine boċd áirgiġe ann, dar Lás, do ḃí na luiḋe agá ġeatasan, lán do ċréaċduiḃ, 21Agus ler ṁían é féin do ṡásaḋ leis an sbruileaċ do ṫuiteaḋ do ḃórd an duine saidḃir: agus do ṫigdís na madruiḋe, agus do liġeas ċréaċda. 22Agus tárla, go ḃfuair an duine boċd bás, agus gur iomċradar na haingil go huċd Abraṁam é: agus mar an gcéadna fuáir an duine saiḋḃir bás, agus do haḋluiceaḋ é; 23Agus ar mbeiṫ ḋó a nifearn a bpíanuiḃ do ṫóg sé a ṡúile súas, agus do ċunnairc sé Abraham a ḃfád Uaḋ, agus Lasarus ann a uċd. 24Agus ar néiṁġe ḋósan an tansin a duḃairt sé, A aṫair Abraham, déana trócaire oram, agus cuir Lásarus do ṫumaḋ barr aṁeóir a nuisge, agus dfúaraḋ mo ṫeangṫa: óir ataim dom roiṗíanaḋ an sa lasairsi. 25Aċd a duḃairt Abraham, A ṁic, cuiṁniġ gur ġlac tusa neiṫe maiṫe le linn do ḃeiṫ béo, agus Lásarus mar an gceadna droċ neiṫe: aċd atá sólas aigesion a nois dá ḟáġáil, agus atá tusa dod ṗíanaḋ. 26Agus do ḃárr orrṫa so uile, atá foḋoṁain ṁór ar na cur eadruinne agus siḃsi: ionnas naċ Eidir leis na daóiniḃ lé buḋ mían é dul as so ċugaiḃsi: na teaċd as sin, ċuguinne. 27Agus a duḃairt seision, Maseaḋ, íarruim ort a aṫair, eision do ċur go tiġ maṫarsa: 28Oir atáid cúigear dearḃraṫar agam; do ṫaḃairt sgéul dóiḃ, ionnus naċ dtiocfaiḋ siadsan mar an gcéadna ann sa nionadsa na péine. 29A deir Abraham ris, Atáid Maóisi agus na fáiġe aca; éisdeaḋ síad riusan. 30Aċd a duḃairt seísion, Ní haṁluiḋ atá, a aṫair Abraham: aċd dá ndeaċd duine ó na marḃuiḃ ċuca, do ḋéaindis aiṫriġe. 31Agus a duḃairt sé ris, Muna néisdiḋ siad ré Maóisi agus ris na fáiġiḃ, dá néirġeaḋ duine ó ṁarḃuiḃ féin, ni ċredidís dó.
Dewis Presennol:
Lúcas 16: BedellG
Uwcholeuo
Rhanna
Copi
Eisiau i'th uchafbwyntiau gael eu cadw ar draws dy holl ddyfeisiau? Cofrestra neu mewngofnoda
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.