Lúcas 14
14
Caibidil XIV
Leiġiosaḋ an iorupuis; 7 caint ḃrioġṁar Ċríosd ré am cuireaḋ. 26 Agus raḃaḋ ar ḃeiṫ aireaċ trá, cred ċosdus a ṡeirḃis dúine.
1Agus tarla, ar dteaċd ḋó go tiġḋuine áirġe dúaċdaránuiḃ na Ḃpairísíneaċ a lá na sábbóidedo ċaiṫeaṁ bíḋ, go raḃadar a coiṁéd air. 2Agus, féuċ do ḃí duine áiriġe a nioropuis ná ḟiaḋnuisi. 3Aċd ar ḃfreagra Díosado laḃair sé ris an luċd dliġe agus ris ná Ṗairsíneaċaiḃ, ag raḋ, An ceaduiġeaċ leiġeas do ḋéanaṁ lá na sábbóide? 4Aċd do ṫoċdadarsan. Agus ar mbreiṫ ar a nóglaċ ḋósan, do leiġis sé é, agus do leig sé úaḋ é; 5Agus ag freagra ḋóiḃsean, a duḃairt sé, Ciá aguiḃsi agá dtuitfaeḋ a asal nó a dḋaṁ a ndíg, naċ dtoígeaḃaḋ a níos é a lá na sábboíde? 6Agus níor ḃeídir léo freagra do ṫaḃairt air ann sna neiṫiḃsi.
7Agus do laiḃair sé cosaṁlaċd ris an muinntir ṫainic ar cuireaḋ, ar na ṫaḃairt dá aire mar do ḃádar ag toġa an ċedionuidṡuiġe; ag ráḋ riú, 8An tan do ġéaḃa tú cuireaḋ ó neaċ ar biṫ ċum bainnsi, ná suiḋ ann sa ċéadaít; ar eagla go ḃfúair duine as onó ruiġe ná ṫusa cuireaḋ úaḋ mar an gcéadna; 9Agus go dtiocfaḋ an tí do ġoir ṫusa agus eision agus go naiḃéoraḋsé riot, Taḃair ionad dó so; agus ann sin do ṫoiseóċṫá maille le náire suiḋe ann sa nionad is ísle. 10Aċd an tan ġoirfiḋṫear ṫú, imṫiġ agus suiḋ ann sá nionad is ísle; ionnus an tan ṫiocfas an tí ṫug cuireaḋ ó ḋuit, go naibeóraḋ sé riot, A ċara, suiḋ ní áirde suás ná sin: Ann sin do ġeaḃa tú onóir a ḃfiaḋnuisi a mbiá na suiḋe maile riot. 11Oír giḋ bé árduiġeas é féin ísleóċṫar é; agus giḋ bé ísliġeas é féin, áirdeóċṫar é.
12Agus fós a duḃairt sé ris an té ṫug cuireaḋ ḋó, An tráṫ do ḋéanas tú dinnéir nó suipéir, ná goir do ċáirde ná do ḋearḃraiṫre, ná do ḋáoine gáoil, ná do ċoṁ arsanna saiḋḃre; ar eagla go dtioḃraḋ siadsan fós cuireaḋḋuitse arís, agus go ḃfúoġṫeá an ċomáoin ċéadna. 13Aċd an tan do ní tú féasda, goir na boiċd, na dáoine ciorṫuimeaċa, na bacaiġ, agus na doill: 14Agus biáḋ tú beannuiġe; do ḃriġ naċ ḃfuil acfuinn aca an ċomáoin ċeadna do ṫaḃairt ḋuit: óir do ḃéarṫar a luáiḋeaċd ḋuit a neiséirġe na ḃfíréun.
15Agus an tan do ċúalaiḋ duine áiriġe dá raiḃ ar áonḃord ris na neiṫesi, a duḃairt sé ris, Is beannaiġe an té iṫeas arán a ḃflaiṫeas Dé. 16Aċd a duḃairt seision rís, Do rinne duine áiriġe suipéir ṁór, agus do ġoir sé mórán: 17Agus do ċuir sé a ṡearḃḟoġantaiḋ a nam suipéir dá ráḋ ris an muinntir fuáir cuireaḋ, Tiagiḋ: Oir atáid na huile neiṫe a nois ullaṁ. 18Agus do ṫionnsgnadar uile dáonġuṫ a leiṫsgéul do ġaḃáil. A duḃairt an céadduine ris, Do ċeannaiġ mé fearann, agus is éigin daṁ ḋul amaċ agus a ḟéaċain: íarruim ort gaḃ mo leiṫsgéul. 19Agus a duḃairt fear eile, Do ċéannaiġ mécúig cuingealuiġ do ḋaiṁuiḃ, agus atáim ag dul dá ndearḃaḋ íaruim ort gaḃ mo gaḃ mo leiṫssgéul. 20Agus a duḃairt fear eile, Do ṗós mé bean, ar a naḋḃairsin ní ḟéaduim ṫeaċd. 21Agus ar dteaċd don tsearḃfoġautiḋe, dinnis sé na neiṫesi ḋá ṫiġearna. Ann sin ar ngaḃáil feirge dfear an tiġe a duḃairt sé ré ná óglaċ, Imṫiġ go tapuiḋ fá ṡráidiḃ agus taḃair leaċd a sdeaċ annsona boiċd, agus na bacaiġ, agus na doill. 22Agus a duḃairt an searḃfoġautiḋe, A tiġearna, do rinneaḋ mar a duirt, giḋeaḋ atá ann fós. 23Agus a duḃairt an tiġearna ris a nóglaċ, imitiġ fá ná fálfuiḃ, agus coiṁéigniḋ íad do ṫeaḋ a sdeaċ, do ċum go lionfuiḋe mo ṫiġ. 24Oír a derim riḃ, Naċ blaifiḋ, aon nduine do na fearuiḃ úd fuáir cuireaḋ dom ṡuipéarsa.
25Agus do ḃí slúaġ mór na ċuideaċda: agus ar ḃfilleaḋ ḋo, a duḃairt ríu, 26Giḋ bé ṫig ċugamasa, agus naċ sé a aṫair, agus a ṁaṫair, agus a ḃean, agus a ċlann, agus a ḋearḃraiṫreaċa, agus a ḋeirḃsiúreaċa, agus fós a anam fein, ní heidir leis ḃeiṫ na ḋeiscipbal agamsa. 27Agus giḋ bé naċ iomċrann a ċros déin, agus naċ leanann mise, ní héidir leis ḃeiṫ ná ḋeisciobal agamsa. 28Oír cía agaiḃsi duine le maḋ mian tor do ḋeanaṁ, naċ suiḋfeaḋ ar tús, do ṫeilgean cuntais an ċosdúis, an mbiaḋ acfuinn aige ċum críċe do ċur air? 29Ar eagla, déis na funndameinte do ḋó, agus gan ċumas aige críoċ do ċurair, go dtoiséoċaḋ gaċ áon nduine ḋá ḃfaicfeaḋ é, fonoṁad do ḋéanaṁ faói, 30Ag ráḋ, Do ṫionnsgainn an fearsa obair do ċur ar sioḃal, agus ḟéd sé críoċ do ċuir uirrṫe. 31Nó cia an rí raċaḋ do ḋéanaṁ coguiḋ a naġaiḋ ríġ eile, naċ suiḋfeaḋ ar tús, do ḋéanaṁ coṁairle nar ḃéidir leis le deiċ míle teagṁáil don té ṫig na aġaiḋ lé fiċṫe míle? 32Nó, ar mbeiṫ ḋósan fós a ḃfad úaḋ, cuiriḋ sé teaċdaireaċd ċuige, agus iarruiḋ sé sioṫċáiṫ. 33Mar an gcéadna, gaċ uile ḋuine agaiḃsi naċ díultann ḋá ḃfuil aige, uí héidir ḋó ḃeiṫ na ḋeisciobal agamsa.
34Is maiṫ an salann: aċd má ḃiónn an salann gan ḃlas, créd lé gcuirfiḋ blás air? 35Ní ḃfuil féidim air ċum na talṁon, ná ċum a naóiliġ; teilid daoine amaċ é. Giḋ bé agá ḃfuilid clusa ċum éisdeaċda, éisdeaḋ sé.
Dewis Presennol:
Lúcas 14: BedellG
Uwcholeuo
Rhanna
Copi
Eisiau i'th uchafbwyntiau gael eu cadw ar draws dy holl ddyfeisiau? Cofrestra neu mewngofnoda
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.