ইউভার্শন লোগো
সার্চ আইকন

Lúcás 4:5-8

Lúcás 4:5-8 OC1970

Agus dʼardaigh an diabhal é, agus thaispeáin dó ríochtaí uile an domhain i bhfaiteadh súile, go ndúirt leis, “Is duitse a thabharfaidh mé a gcumhacht siúd agus a nglóir siúd uile; mar is liom a taobhaíodh é agus a chead agam a bhronnadh ar mo rogha duine. Mar sin is leatsa é, ach tú adhradh agus ómós a thabhairt dom.” Agus dʼfhreagair Íosa é, “Tá sé scríofa, ‘Go dtabharfaidh tú adhradh do do Thiarna agus do do Dhia, agus gan seirbhís a dhéanamh ach dósan amháin.’”

Lúcás 4 পড়ুন