YouVersion Logo
Search Icon

Taisbeanadh 20

20
Caibidil XX
Sonas séunmhar na heagluise fhírinnigh ar an ttalamh, re aimsir fhada, tar éis sgrios na níodhal.
1Agus do chonnairc mé aingeal ag teachd a núas ó neamh, agá raibh éochar an phuill dubhaigein, agus slabhradh mór ann a láimh. 2Agus rug sé ar an drágún, an seanathair nimhe, noch is Díabhal agus is Satán ann, agus do cheanguile sé é míle blíadhain, 3Agus do theilg é sa bpoll dubhaigéin, agus do dhún, agus do chuir sé séula air, ionnus nach meallfadh sé na cineadhacha ní sa mhó, go ccoimhlíonfuidh an míle blíadhan: agus na dhiáigh sin is éigean a sgaóileadh feadh aimsire aithghearra.
4Agus do chonnairc mé cáthaóireacha, agus do shuigheadar dream ionnta, agus do tugadh breitheamhnus dóibh: agus do chonnairc mé anmanna na druinge do dícheannadh ar son fhiadhnuise Iosa, agus ar son bhreithre Dé, agus nach dtug onóir don nainmhidhe, ná dhá iomháigh, agus nár ghabh a chomhartha chuca a gcláruibh a néudan, ná na láimh; agus mairfid agus béid na ríoghuibh a bhfochair Chríosd míle blíadhuin. 5Agus an chuid eile do na marbhuidh ní búdh béo íad a rís go criochnughadh an mhíle blíadhan. A sí só an chéud eiséirghe. 6Is beannuighe agus is náomhtha an tí agá bhfuil cuid aige sa gcéud eiséirghe: óir ní bhfuil cúmhachda ag an dara bás orrtha so, achd béid síad na sagartuibh do Dhía agus do Chríosd, agus béid na ríoghuibh na fhochairsean míle blíadhuin.
7Agus an tan chríochnóchar an míle blíadhan, sgaóilfighthear Satán as a phríosún, 8Agus racha sé amach do mhealladh na gcineadhach noch atá a gceithre chorruibh na talmhan, Gog agus Magog, chum a gcnúsuigh a gceann a chéile chum catha; agá bhfuil a nuibhir amhuil ghaineamh na fairrge. 9Agus do chúadar súas ar leithead na talmhan, agus do thimchiolladar campa na náomh, agus an chaithair ionmhuin: agus táinic teine a núas ó neamh ó Dhía, agus do shluig sí íad. 10Agus do teilgeadh an díabhal do mheall íad a loch teineadh agus ruibhe, mar a bhfuil an beathach agus an fáidh fallsa, agus béid síad dá bpianadh do ló agus doidhche go sáoghal na sáoghal.
11Agus do chonnairc mé cathaóir mhór gheal, agus neach áirighe na shuidhe innte, agár theith talamh agus neamh roimhe; agus ní fríth a náit. 12Agus do chonnairc mé na mairbh, eidír bheag agus mhór, na seasamh a bhfíadhnuise Dé; agus do hosgladh na leabhair: agus do hosgladh leabhar eile, eadhon leabhar na beatha: agus rugadh breath ar na mharbhaibh as na neithibh do bhí sgríobhtha sna leabhruibh, do réir a ngníomharthadh. 13Agus tug an fhairrge uáithe na mairbh do bhí innte; agus tug an bás agus ifearn úatha na mairbh do bhí aca: agus rugadh breath orrtha fó leíth do réir a ngníomharthadh. 14Agus do teilgeadh an bás agus ifearn a loch teineadh. A sé so an dara bás. 15Agus gidh bé nar frith sgríobhtha a leabhar na beatha do teilgeadh é sa loch teineadh.

Currently Selected:

Taisbeanadh 20: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in