Psailm 6
6
Psalm VI.
An chéud Psalm aithrighe.
Don phrímhfhear ceóil air Neginot air Sheminit, Psalm Dháibhi.
1O a THIGHEARNA, ná himdhearg mé ann thfeirg, agus ná smachduigh mé ann do mhíothaitneamh.
2Déan trócaire orum, ó a THIGHEARNA; óir atáim lag: a THIGHEARNA, leighis mé; óir atáid mo chnámha buáidheartha.
3Atá manam mar an ccéadna buáidheartha go mór: acht thusa, a THIGHEARNA, cá fad?
4Iompóigh, a THIGHEARNA, fúasguil manam: ó sáor mé ar son do thrócaire.
5Óir san mbás ní bhfuil éanchuimhne ort: annsa nuáigh cía bhéuras buidheachus duit?
6Atáim tuirseach lem chneaduigh; air feadh na hoidhche cuirim mo leaba ar snámh; fliuchuim miomdhuigh lem dhéaruibh.
7Do milleadh mó shúil le dubhachus; fásuidh seanda do bhrígh mo uile naimhde.
8Imthighidh uáim, sibhsi a uile luchd déanta na néagcóra; óir do chúaluidh an TIGHEARNA guth mo éighmhe.
9Do chúaluidh an TIGHEARNA mo ghearán; géubhuidh an THIGHEARNA rem urnaigh.
10Bídís mo naimhde uile náireach agus ro bhuáidheartha: fillidís agus bídís náireach go hobann.
Currently Selected:
Psailm 6: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)