Marcus 16
16
Caibidil XVI
Eiserghe Chríosd, 12 a thaisbeanadh fein, 19 agus a ghabhala súas ar neamh.
1Agus ar ndul don tsabbóid thárrsa, do cheannuigh Muire Magdalén agus Muire mathair Shéumuis, agus Salóme, spíosradh deaghbhaluidh, chum go dtiocfaidis agus go nungfaidis é. 2Agus tangadar go romhoch ar maidin an chéd lá don tseachdmhuin, chum an túama lé héirghe na gréine. 3Agus a dubhradar eatorra féin, Cía iompeochas dhúinn an leac ó dhorus an túama? 4Agus ar bhféachain dóibh, do chonncadar an chloch ar na hiomlat: óir do bhí si romhór. 5Agus ar ndul sdeach ann sa túama dhóibh, do chonncadar ógánach na shuidhe ar a láimh dheis, iomá raibh éudach fada glégheall; agus do ghabh úathbhás íad. 6Agus a dubhairt seisean ríu, Ná bíodh eagla oraibh: A táthaói ag iarruidh Iósa Nasardha, do céasadh: do éirigh sé; ní bhfuil sé ann so: féuch a náit an ar cuireadar é. 7Achd imthighidh, innisidh dá dheisciobluibh agus do Pheadar go bhfuil sé ag dul romhuibh don Ghalilé: do chifidhe ann sin é, mar a dubhairt sé ribh. 8Agus ar nimtheachd dóibhsean a mach go deithniosach, do theitheadar ón túama; óir do bhí críth agus úathbhás orrtha: agus níor labhradar ní ar bith ré héinneach; óir do bhí eagla orrtha.
9Agus ar neiséirghe Díosa ar maidin an céd lá don tseachdmhuin, do thaisbén sé é féin ar tús do Mhuire Mhagdalén, as ar theilg sé seachd ndeamhain. 10Agus ar nimtheachd disi do fhoillsigh sí sin don druing do bhi na fhochair sean, do bhí ag gul agus ag caói. 11Agus an tan do chúaladarsan, eisean do bheith béo, agus go bhfacuidh sis é, nir chreideadar.
12 Achd tar éis so, do thaisbén seisean é féin do dhías aca, a gcruth eile mar shíubháileadar, agus íad ag dul fan dtudháith. 13Agus do imthigh siadsan, agus do fhoillsigheadar sin do chuid eile: gidheadh níor chreideadar íadsan fós.
14Fa dheiridh ar mbeith ar áonbhall do naóinfhear dhég do thaisbéan sé é féin dóibh, agus do chuir sé na aghaidh a míchreideamh agus a gcrúas croidhe, tré nár chreídeadar don druing do chonnairc é ar neiséirghe. 15Agus a dubhairt sé ríu, Imthighidh ar feadh an domhain uile, déanuidh an soisgéul do sheanmóir do gach uile chreatúir. 16Gidh bé chreidfeas agus bhaisdfithear slainéochthar é; achd gidh bé nach ccreidfi daiméontar é. 17Agus leanfuid na comharthuighesi an dream de chreidfeas; Sgriosfuid síad deamhuin tré mainmsi; laibhéoruid lé teangthuibh núadha; 18Toigéubhaid naithreacha neimhe; agus má ibhid ni marbhthach ar bith, ni ghoirtéocha sé íad; cuirfid lámha ar na daónibh éagcruaidhe, agus béid síad slán.
19Agus tar éis an Tighearna do labhairt ríu, do gabhadh súas ar neamh a rís é, agus do shuidh sé ar deis láimh Dé. 20Agus ar ndul a mach dhóibhsean do rinneadar seanmóir ann gach uile áit, ar mbeith don Tighearna ag comhoibriughadh ríu, agus ag tabhairt brígh dá mbríathruibh leis na comhathaidhibh do lean íad. Amén.
Currently Selected:
Marcus 16: Bedell
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)