YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 14

14
Caibidil XIV
Comh-chogar dhaĂłine anaghaidh mhac DĂ©.
1Agus a gcionn dá lá na dhiáigh sin do bhí an cháisg, agus sollamuin a naráin gan laibhín ann: agus díarradar uachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe cionnas do bhéuraidís a bfeill airsean, do chum a mharbhtha. 2Achd a dubhradar, Ná déanam é sa tsollamuin, ar eagla go néiréochadh búaidhreadh a measg an phobuil.
3Agus ar mbeith dhó a Mbetánia, a dtigh Shimóin an lobhair, ar suidhe dhó ar an mbord, táinic bean agá raibh bocsa ola, do spícnárd mhórlúaighe; agus ar mbriseadh an bhocsa dhi, do dhóirt sí ar a chéann é. 4Agus do rinneadar dream aca michéadfuidh an a ninntinn féin, agus a dubhradar, Créud fá ndéantar an diombhailsi air a nola? 5Oír do béidir so do reic ar níos mó ná trí chéd pighin, agus a thabhairt do na bochdaibh. Agus do bhádar rodhiomdhach dhi. 6Agus a dubhairt Iósa, Léigidh dhi; créd fá gcuirthí búaidhreadh uirrthe? do rinne sí obair mhaith oramsa. 7Oír a táid boichd bhar bhfochair do ghnáth, agus gidh bé húair bhus toil libh, is éidir dháoibh maith do dhéanamh dhóibh: achd ní bhía misi do ghnáth agaibh. 8A ní dob éidir lé do rinne sí é: tháinic sí roimhe láimh dungadh mo chuirpso chum a adhluice. 9A deirimsi ribh go fírinneach, Gidh bé ar bith ball ar feadh an domhain uile an a ndéantar an soisgeulsa do sheanmóir, go ninnéosdar an nísi do rinne sisi leis mar chuimhne uirrthe.
10Agus dimthigh Iúdas Iscáriot, áon don dá fhear dhég, chum úachdarán na sagart, ionnas go mbraithfeadh sé éisean dóibh. 11Agus ar na chluinsin sin dóibhsean, do ghabh gáirdeachus íad, agus do ghealladar go dtiobhraidís airgead dó. Agus do íarr seision am iomchubhaidh ar a bhrath dhóibh.
12Agus an céad lá do shollamain a naráin gan laibhín, an tan do ghuáthaighdís an túan cásg do mharbhadh, a dubhradar a dheisciobail ris, Gá hait ar toil leachd sinne do dhul dullmhughadh do chum go níosdá úan na cásg? 13Agus do chuir sé días dá dheiscioblaibh, agus a dubhairt sé riú, Imthighidh don chathraigh, agus téigeamhaidh neach oraibh ag iomchar soithigh uisge: leanaidh é. 14Agus gidh bé ar bith tigh a racha sé a sdeach, abraidh ré fear an tighe, go nabair an Maighisdir, Cáit a bhfuil an séomra a nfear nuadh phosta ann a níosa mé an túan cásg a bhfochair mo dheisciobal? 15Agus taisbéanuidh seision dhíbh séomra árd fairsing deaghmhaiseach ullumh: ullmhuighidh é dhúinn ann sin. 16Agus do imthigheadar a dheisciobail, agus tangadar don chathraigh, agus fúaradar mar a dubhairt seision riú: agus do ullmhuigheadar an cháisg.
17Agus ar dteachd don tráthnóna tháinic seision maille ris an dá fhear dhéug. 18Agus an tan do shuidheadar agus do chaitheadar bíadh, a dubhairt Iósa, A deirim ribh go fírinneach, Go mbraithfi fear dhíbh misi noch a tá ag ithe bídh am fhochair. 19Agus do thionnsgnadarsan bheith go dubhach, agus ag rádh ris a ndíaigh a chéíle, An misi é? agus fear eile, An misi é? 20Agus ar bhfregra dhósan a dubhairt sé riú, Is fear don dá fhear dhéug é, thumas maráon riumsa sa meis. 21A tá Mac an duine ag imtheachd go firinneach, mar a tásgríobhtha air: achd is anáoibhinn don fhear úd lé a mbraiththear Mac an duine! do bfearr do nfearsin nách beirthí e ríamh.
22Agus ar mbeith ag caotheamh bídh dhóibhsean, do ghlac Iósa arán, agus tar eis a bheannaighthe, do bhris sé, agus tug sé dhóibhsean é, agus a dubhairt sé, Glacaidh, ithidh: is sé so mo chorpsa. 23Agus ar nglacadh an chupáin dó, an tan rug sé buidheachus, tug sé dhóibhsin é: agus do ibheadar uile as. 24Agus a dubhairt sé ríu, Ag so mfuilsi na tiomna núaidhe, dhóirtear air sin mhóráin. 25A deirim ribh go fírinneach, Nach iobha mé feasda do thoradh na fíneamhna, go nuige an lá úd an a niobha mé núa é a rioghachd Dé.
26Agus an tan do chanadar salm, do chúadar a mach go slíabh na Noluigheadh. 27Agus a dubhairt Iósa riú, Do ghéúbhtháoi uile oilbhéim ionnamsa a nochd: oir a tá sgríobhtha, Búailfidh mé an táodhaire, agus spréighfighthear na cáoirigh. 28Achd tar éis misi eiséirghe, rachaidh mé romhaibhsi don Ghalilé. 29Achd a dubhairt Peadar ris, Má gheibhid cách uile oilbhéim ionnad, ní bhfuighe misi é. 30Agus a dubhairt Iósa risean, A deirim riot go fírinneach, A niugh, ann sa noidhche nochd féin, ní is táosga ná ghoirfeas an coileach fá dhó, go séanfa tú mé trí húaire. 31Achd is móide a dubhairt seision, Dá madh éigean damh bás dfulang ad fhochair, ní shéanfa mé thú go bráth. Agus a dubhradar cách uile mar an gcéadna.
32Agus tangadar don ionad dar ab ainm Getsémane: ann sin a dubhairt seisin ré na dheisciobluibh, Suidhigh ann so, go ndéuna mé urnuighe. 33Agus rug sé Peadar agus Séumas agus Eóin leis, agus do thionnsgain sé bheith go critheaglach brónach; 34Agus a dubhairt sé riú, A tá manam tuirseach go dtí an bás: fanaidhsi ann so, agus déanaidh faire. 35Agus ar nimtheachd roimhe dhó beagán, do thuit sé ar talamh, agus do rinne sé urnuighe, ionnus da madh éidir é, go rachadh an úair thairis. 36Agus a dubhairt sé, Abbá, a Athair, a tá gach ní soidhéanta dhuitsi; cuir an cupánso thoramsa: gidheadh nár ab é an ní bhus toil leamsa, achd an ní bhus toil leachdsa. 37Agus tháinic sé, agus fúair sé índsan na gcodladh, agus a dubhairt sé ré Peadar, A Shimóin, an bhfuil tú ad chódladh? an né nar bhéidir leachd faire éan úaire do dhénnamh? 38Déunaidh faire agus urnuighe, do chum nách dteigeamhadh a ccathughadh sibh. A tá an spiorad ullamh go deimhin, achd a tá an cholann anbhfann. 39Agus ar nimtheachd úatha a rís, do rinne sé urnuighe, ag rádh na mbríathara gcéudna. 40Agus ar bhfilleadh dhó, fúair sé a rís na gcodladh íad: (óir do bhádar a súile trom:) agus ní raibh a fhios aca cionnas do bhéuraidís freagra air. 41Agus táinic sé an treas úair, agus a dubhairt sé riú, Codluidh a nois, agus coimhnuighidh: is lór sin, thainic an úair; féuch, do bheirthear Mac an duine a lámhuibh na bpeacthach. 42Eírghidh, imthigheam; féuch, is fogus dúinn an té bhraitheas misi.
43Agus ar an mball, an feadh do bhí sé ag caint, tháinic Iúdas, áon don dá fhear dhéug, agus slúagh mór na fharradh maille ré cloidhmhibh agus lé batuidhibh, ó úachdaránuibh na sagart agus ó na sgriobuidhibh agus ó na sinnsioruibh. 44Agus tug sé an té do bhraith é comhartha dhóibhsean, ag rádh, Gidh bé neach dhá dtiobhra misi póg, is é sin é; beiridh aír, agus tabhraidh libh é go coimhéudach. 45Agus ar dteachd dhó, do chúaidh sé air ball chuigesin, agus a dubhairt sé, Día do bheatha a mhaighsidir; agus tug sé póg dhó.
46Agus do chuir siadsan a lámha annsan: agus do ghabhadar é. 47Achd ar dtarrang a chloidhimh a mach dfior don mhuinntir do sheas a láthair, do bhúail sé óglach an árdshagairt, agus dó bhean sé a chlúas de. 48Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, An dtangabhair a mach dom ghlacadhsa, amhuil chum biothamhnaigh, lé cloidhmhibh agus lé batuidhibh? 49Do bhí mé gach éanlá aguibh sa teampall ag teagasg, agus níor ghlacabhuir mé: Achd is éigin na sgríobtuiridh do choimhlíonadh. 50Agus ar na thréigean san, do theitheadar a dheisciobuil uile.
51Agus do lean óganach áirighe é, agá raibh línéudach ag folach a lómnochdaighe; agus rugadar na hógánaigh air: 52Agus ar bhfagbháil an línéadaigh dhósan, do theit sé lemnochd úatha.
53Agus rugadar Iósa léo chum an árdshagairt: agus do chruinnigheadar ann sin úachdaráin na sagart uile agus na sinnsir agus na sgriobuidhe. 54Agus do lean Peadar a bhfad úadh é, nó go raibh sé a sdigh a halla a nárdshagairt: agus do bhí sé na shuidhe a bhfochair na searbhfhoghantuidheadh, agus dá ghoradh ag an teinidh.
55Agus do bhádar úachdaráin na sagart agus an chomhairle uile ag íarraidh fíadhnuisi a naghaidh Iósa ionnas go gcuirfidís chum báis é; agus ní fhúaradar. 56Oír do rinneadar mórán dáoine fiadhnuisi bhréige na aghaidh, achd ní thangadar a bhfíadhnuisidhe le chéile. 57Agus déirgheadar dáoine áirighe, agus do rinneadar fíadhnuisi bhréige na aghaidh, ag rádh, 58Do chúalamairne é ag rádh, Brisfidh mé sios an teampoll so déunta lé láimhaibh, agus a dtrí lá tóigeabhaidh mé teampoll éile gan obair lámh. 59Achd mar sin féin ní raibh a bhfíadhnuisi ag teachd lé chéile.
60Agus ar néirghe na sheasamh a lár cháich don ardhshagart, do chuir sé ceisd ar Iósa, ag rádh, An né nach dtabhair tú freagra ar bith úait? Créd fá ndéunaid so fíadhnuisi ad aghaidh? 61Agus do thoch seision, agus níor fhreagair sé én ní. Do fhíafruigh an tárdsagart de a rís, agus a dubhairt sé ris, An tusa an Críosd Mac Dé Bheannuighthe? 62Agus do fhreagair Iósa, Is mé: agus do chífidhesí Mac an duine na shuidhe air deis chumhachd Dé, agus ag teachd lé néulluibh neimhe. 63Agus do réub úachdaran na sagart a éudach, ag rádh, Créd é an feidhm a tá aguinn ar fhíadhnuisibh feasda? 64Do chúalabhair an bhlaisphéíme: créd dó cíthear dháoibhsi? Agus rugadarsan uile breith na aghuidhsean gur thuill sé bás. 65Agus do thionnsgnadar dream áirighe gabháil do sheilidhibh air, agus a aghaidh dfolach, agus dórna do bhúaladh air, agus a rádh ris, Déana fáidheadóireachd: agus do ghabhadar na seirbhísigh do bhasuibh air.
66Agus ar mbeith do Pheadair ann sa halla shíos, tháínic áon do chailínibh an ardshadshagairt: 67Agus ar bhfaicsin Pheadair dá ghoradh dhi, tug sí dha haire é, agus a dubhairt si, Do bhí tusa fós a bhfochair Iósa Nasardha. 68Achd do shéan seisean sin, ag rádh, Ni thuigim, agus ní bhfuil a fhios agam créd a deir tú. Agus do chúaidh sé a mach don phóirsi; agus do ghoir an coileach. 69Agus do chonnairc an cailin é a ris, agus do thionnsgain sí a rádh ris an druing do bhí na seasamh a láthair, Is díobh súd an fearso. 70Agus do shéan seisean a rís. Agus fá cheann beagáin na dhíaghsin, a rís a dubhradar an mhuinntir do bhí na seasamh a láthair ré Peadar, Go fírinneach is díobh súd thusa: óir is Galiléach thú, agus is cosmhail hurlabhra ríu. 71Achd do thionnsgain seisean ag mallughadh, agus mionnughadh, Ní haithne dhamh an duinesi a deirthí. 72Agus do ghoir an coileach an dara húair. Agus do chuimhnigh Peadar ar an fhocal a dubhairt Iósa ris, Ní is táosga na ghoirfeas an coileach fá dhó, séanfuidh tú misi trí húaire. Agus ar ndul a leiththáoibh dhó, do ghuil sé.

Currently Selected:

Marcus 14: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in