YouVersion Logo
Search Icon

Matha 24

24
Caibidil XXIV
Comharthadha roimh scrios Ierusalem. 29 Agus roimh dheireadh an domhain.
1Agus ar bhfagbháil an teampuill Diósa, do ímthigh sé: agus tangadar a dheisciobuil chuige do thaisbéanadh oibreach an teampuill dhó. 2Agus a dubhairt Iósa riu, An bfaicthí íad so uile? go fírinneach a deirimsi ribh, Nach bfúigfidhthear cloch ar muin chloiche ann so, nach sgáoilfidhthear.
3Agus ar suighe dhó ar shlíabh na noluidheadh, do chúadar a dheisciobuil chuige go priobháideach, ag rádh, Innis dúinne, gá húair thiocfuid na neithesí chum criche, agus créd é comhartha do theachdasa, agus dheiridh an tsáoghail? 4Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé riu, Tabhruidh dá bhar naire nach meallfa eín neach sibh. 5Oír tiocfuid móran am mainmsi, ag rádh, Is misi Criósd; agus meallfuid mórán. 6Do chluinfithí cogthuidh agus túarasgbháil cogthadh: tabhruidh dá bhur naire gan búaidhreadh do bheith oruibh: oír is éigin na neithesi uile do theachd chum críche, achd ní bhfuil deireadhann fós. 7Oir éiréochuidh cineadh a naghaidh ríoghachda: agus beíd górta, agus pláighean na, agus crioth talmhan, a móran dáitibh. 8Achd ní bhfuil ionnta so uile achd, tosach amhgar. 9Ann sin do bhéaruid síad sibhsi dá bhur gcéasadh, agus muirfid sibh: agus bíadh fúath ag na huile chíneadhachuibh dháoibh ar son manmasa. 10Ann sin do gheabhuid móran adhbhar oilbheime, agus braithfid dáoine a cheile, agus bíaidh fúath aca dhá chéile. 11Agus éiréochuid mórán dfáidhibh fallsa, agus meallfuid mhórán. 12Agus do bhrigh go mbía a néagcóir ar na meadughadh, fúairéochuidh carthannachd mhóráin. 13Achd gidh bé bhías seasmhach go deireadh, a sé shláineochthar. 14Agus do dhéantar an soisgéulsa na ríoghachda do sheanmóir ar feadh an domhain uile; mar fhíadhnuisi do na huile chineadhachuibh; agus ann sin tiocfuidh an deireadh.
15Ar a nadhbharsin an tráth do chífidhe adhfhúathmhuireachd an léirsgrios, air ar labhair Dániel fáidh, na seasamh ann sa nionad choisreagth: (tuigeadh, an té léaghas:) 16Ann sin an luchd bhiás a ttier Iúdaighe teitheadh síad fá na sléibhtibh: 17An té a tá ar mhullach an tighe na tigheadh sé a núas do bhreith neithe ar bith leis as a thigh: 18Agus an té a tá ar an machaire na filleadh sé ar ais do thógbháil a eaduigh leis. 19Agus budh trúagh do na mnáibh torrcha, agus don luchd do bheir cíche úatha ann sna laithibhsin. 20Agus guidhidh gan bhur dteitheadh do bheith ann sa ngeimhreadh, na sa tsabhóid: 21Oír bíadh amhgar mór ann tráthsin, amhail nach raibh ann ó thús an domhain gus a nois, agus nach mbiaigh go bráth. 22Agus muna ngearruighthi na laéthe úd, ní rachadh féoil ar bith as: achd gearrfuighthear na laéthe úd ar son na ndáoine toghtha. 23Ann sin ma deir áonduine ribh, Féuch, a tá Críosd ann so, nó ann súd; ná creididh é. 24Oír eiréochuidh Críosdanna fallsa, agus fáidh fallsa, agus do dheánuid comharthuidhe agus miorbhuile móra; ionnas go meallfuid síad (da madh éidir é) na dáoine toghtha féin. 25Féuch, tug mé sgéula dháoibh roimhe a naimsir. 26Ar a nadhbharsin dá nabruid síad ribh, Féuch, a tá sé san bhfásach; na himdhigh amach: Féuch, atá sé a seómruidhibh úaigneacha; na creididh sin. 27Oír do réir mar thig téinnteach ó a náird shoir, agus do cíthear í go soithe a náird shoir, agus do cíthear í go soithe a náird shíar; mar sin bhías teachd Mhic an duine. 28Oír gidh bé ball ann a mbía an conablachd, is ann sin chruineochthar na hioluir.
29Ar an mball ndíaigh trioblóide na laitheadh úd bíaidh an ghrían ar ua dhorchughadh, agus ní thiobhra an ghealach a soillsi úaithe, agus tuitfid na réulta ó neamh, agus craithfidhthear subháilcidhe neimhe. 30Ann sin do chífidhthear comhartha Mhic an duine ar neamh: agus ann sin caóifid treabha na talmhan uile, agus do chífid Mac an duine ag teachd a néullaibh neimhe maille ré cumhachdaibh agus ré glóir mhóir. 31Agus cuirfidh sé a aingil le trompa agus lé guth mór, agus cruinneochuid síad a dháoine toghthasan ó na ceithre gáothaibh, ó leithimeal neimhe go soithe an leithimeal eile dhe. 32Agus foghlomuidh cosamhlachd ón chrann fíge; A núair bhíos a ghéagmáoth, agus fhásas a dhuilleabhair, áitheantar gur ab fogas an samhradh: 33Mar an gcéadna bíth a fhios agaibhsi, an tráth do chífidhe na neithisi uile, go bhfuil sé a ngar dháoibh, ann sna doirsibh. 34A deirim ribh go firinneach, Nach racha an dínesi thoruinn nó go ndéantar na neithe si uile. 35Rachuidh neamh agus talamh thort, achd ní rachuid mo bhríathrasa thort go bráth.
36Achd ni bhfuil fios an láoi ná na húaire úd ag duine ar bith, ná fós, ag ainglibh neimhe, ach dag Mathairse amháin. 37Agus amhuil laéthe Náoi, is mar sin bhías teachd Mhic an duine. 38Oír mar do bhádar ann sna laéthibh ré udílínn ag ithe agus ag ol, ag pósadh ban agus ag tabhair ban dfearuibh, go soithe an lá an a ndeachuidh Naói a sdeach ann sa naírc, 39Agus ni raibh a fhios aca nó go dtáiníc an díle, agus gur thógaibh sé lé íad uile; is mar sin bhías teachd Mhic an duine. 40Béid días ar an machaire an tráthsin; géubhthar lé fear aca, agus fuighfidhthear an fear eile. 41Béid díás ban ag méilt ann sa mhuileann; géubhthar lé mnáoi aca, agus fuigfidhthear an bhean eile.
42Ar a nadhbharsin déanuidhsi faire: oír ní bhfuil a fhios agaibh gá húair thiocfas bhur Dtighearna. 43Achd bíodh a fhios so agaibh, dá mbeath a fhios ag fear an tighe cía an úair a dtíocfadh an gaduidhe, go deimhin do dhéanadh sé faire, agus ní fhuileongadh sé a thigh do thochailt tríd. 44Agus ar a nadhbharsin bíthísi ullamh: oír is ann sa núair nach sáoilti thiocfas Mac an duine. 45Uime sin cía a tá na óglach fhírinneach ghlic, noch do chuir a thighearna ós cionn a mhuinntíre, do thabhair bídh dhóibh na am féin? 46Is beannuighthe an tóglach úd, á bhfuighe a thighearna ag teachd, é dhá dhéanamh mar sin. 47Go fírinneach a deirimsi ribh, Go gcuirfe sé os cionn a bhfuil aige é. 48Achd má a deir an drochshearbhfoghantuidhe úd anna chroidhe, A tá mo thighearna ag cur a theachda a righneas; 49Agus má thionnsgnann sé a chomhshearbhfhoghantuidhe féin do bhúaladh, agus fós bheith ag ithe agus ag ol a bhfochair luchd meisge; 50Tiocfuidh tighearna a nógláoich úd ann sa lá nach bhfuil súil aige rís, agus ann sa núair nach bhfuil a fhios aige, 51Agus roinnfidh sé é, agus do bhéara sé a chuid dó a bhfochair luchd an fhúarchrabhaidh: mar a mbía gul agus gíosgán fíacal.

Currently Selected:

Matha 24: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in