YouVersion Logo
Search Icon

Matha 21

21
Caibidil XXI
Poimp ríoghamhail Chríosd, 12 noch do sciúrsuigh lucht gnothuighthe, as an teampuill, 33 agus thairrgir um dhíoghla na scoló a eúgcorach.
1Agus an tráth do dhruideadar ré Híarusalem, agus tangadar go Betpháge, go slíabh na noluidheadh, ann sin do chuir Iósa diás deisciobal úadh, 2Ag rádh ríu, Imdhighidh don bhaile a tá as bhur gcomhair, agus ar an mball do geabhtháoi asal ceanguilte ann, agus searrach na fhochair: sgáoilidh, agus tabhraidh chugamsa íad. 3Agus má labhrán áon nduine ní ar bith ribh, abruidhsi, Go bhfuil féidhin ag an Dtighearna orrtha; agus léigfidh sé uádh ar an mball íad. 4Agus táinic so uile chum críche, ionnas go gcoimhlíonfuidthe an ní a dubhradh tres an bhfáidh, a deir, 5Innisidh dinghin Shion, Féuch, atá do rí ag teachd chugad, go ciúin, ar muin asuil, agus bhromuigh searach a nasail. 6Agus do imthigheadar na deisciobuil, agus do rinneadar mar do aithin Iósa dhíobh. 7Agus tugadar an tasail, agus an bromach leó, agus do chuireadar a néaduighe orrtha, agus do chuireadar eisean na shuidhe ar a mhuin. 8Agus do leathnuigheadar mórán do dháonibh a mbruit ar a tslighe; agus do ghearradar drong eile géaga dó chrannaibh, agus do leagadar ar a tlighe íad. 9Agus do thógaibh an slúagh do bhí roimhe, agus na dhiáigh, gáir, ag rádh, Hósanna do mhac Dháibhí: Is beannuighthe an té thig a nainm an Tighearna; Hósanna annsna hárdaibh. 10Agus ag dul Díosa a sdeach go Híarusaléim, do bhí an chathair uile ar na comhmbogadh, ag rádh, Cía he so? 11Agus a dubhairt an coímhthionól, A sé so Iósa an fáidh ó Násarét na Galilé.
12Agus do chúaidh Iósa a sdeach go teampoll Dé, agus do theilg sé amach a raibh ag reic agus ceannach annsa teampoll, agus do theilg sé buird luchd malarta a nairgid air lár, agus caithreacha luchd reactha na gcolum, 13Agus a dubhairt sé ríu, Atá sgríobhtha, Goirfidhthear teach urnuighthe dom theachsa; achd do rinneabhairsi tuinídhe biothamhnach dhe. 14Tangadar chuige an tráthsin doill, agus bacaigh annsa teampoll; agus do shlánaigh sé íad. 15Agus an tan do chonncadar úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe na míorbhuile do rinne sé, agus na leinibh ag éighmhe sa teampoll, agus ag rádh, Hósanna do mhac Dháibhí; Do ghabhadar chuca go feargach é, 16Agus a dubhradar ris, An gluin tú créd a deirid an mhuinntirso? Agus a deir Iósa ríu, Do chluinim; a né nar léaghabhair, As béul leanabh agus náoidheanán cíche do chriochnuigh tú moládh? 17Agus ar na bhfágbháil, do chúaidh sé amach as an gcathraigh go Betánia; agus do fhan sé ann sin.
18Agus ag filleadh dhó chum na cathrach ar maidin, do ghabh ocarus é. 19Agus a núair do chonnairc sé crann fige ar a tslighm táinic sé chuige, agus ní fhúair sé ní ar bith air, achd duilleabhar a mháin, agus a deir sé ris, Nar fhása toradh ó so amach go bráth ort, Agus chrión an crann fíge ar an mballsin. 20Agus ar na fhaicsin do na deisciobluibh, do ghabh iongantus íad, ag rádh, Cionnus do mheath an crann fige ar an mball! 21Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé riu, A deirim ribh go firinneach, Má bhíonn creideamh agaibh, agus nach ccuirfithí cunntabhairt ann, ni hé a mháin a nísi thárla don chrann fíge do dhéantháoi, achd mar an gcéadna má a deartháoi ris an tslíabhso, Tógthar thú, agus teilgthear ann sa bhfairge thú; bíaidh sin deanta. 22Agus gidh bé ar bith neither, iárrfuidhthe an bhur nurnuighe má chreidtí, do gheabhtháoi íad.
23Agus an tráth tháinic sé don teampoll, tangadar úachdaráin na sagart agus sinnsear phobuil chuige agus é ag teagasg, ag rádh ris, Créd é an tughdarrás ré a ndéanann tusa na neithesi? agus cía thug na cumhachdasa dhuit? 24Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé ríu, Fíafróchuidh misi mar an gcéadna dhíbhsi ní aírighthe, agus dá ninnisdi dhamh é, innéosuidh misi dháoibhsi mar an gcéadna cía an tughdarás ré a ndéanuim na neithesi. 25Ga háith as, a dtaínic baisdeadh Eóin? ó neamh, no ó dháoinibh? Achd do smuaineadarsan ionnta féin, ag rádh, Má deirmíd, O neamh; a déara sé rinn, Ar a nadhbharsin créd fa nar chreideabhairse dho? 26Agus má deirmid, O dháoinibh; a tá eagla an phobail oruinn; óir atá meas fáidhe ag gach uile dhuine ar Eoin. 27Agus ag tabhair freagara ar Iósa, a dubhrádar, Ní bhfuil a fhios aguinn. Agus a dubhairt seisean ríu, Ní mó innéosadsa dháoibhse cía an túghdarrás ré a ndéanuim na neithesi.
28Achd créd do cíthear dháoibhsi? Do bhádar días mac ag duine aírighe; agus ag teachd dionnsuighe an chédmhic, a dubhairt , A mhic, imthigh déana obair a niu am fhineamhain. 29Ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé Ní dhéanad: achd na dhiáigh sin an tráth do ghabh aithreachas é, do imdhigh sé. 30Agus ag teachd gus an dara mac, a dubhairt sé mar an gcéadna. Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé, Do dhéan, a tighearna: gidheadh niór imthigh . 31Cía don dísse do rinne toil a athar? A deiridsean ris, An céadfhear. A deir Iósa ríusan, A deirimse ribh go fírrinneach, Go dtéid na publicáin agus na sdríopacha romhaibhsi go flaitheas Dé. 32Oír tháinic Eóin chugaibh a slighe na córa, agus niór chreideabhair dhó: achd do chreideadar na puiblicain agus na sdríopacha dhó: achd gé do chonncabhairsi so, ní dhearnabhair aithrighe na dhíaigh sin, do chum go gcreidfeadh sibh dhó.
33Eísdigh ré cosamhlachd eile: Do bhí fear tighe áirighthe ann, do chuir fíneamhuin, agus do chuir sé fál na timcheall, agus do thochail sé ionad brúighte an fhiona innte, agus do thogaibh sé tor, agus tug sé do sgológaibh ar chiós í, agus do imthidh sé féin a gcoigcrích: 34Agus an tráth do dhruid aimsear na dtórtha riu, do chuir sé a sheabhfhoghantuidhe chum na sgológ, do ghlacadh na dtórtha. 35Agus rugadar na sgológa ar a shearbhfoghantuidhibh, agus do ghabhadar ar fhear dhióbh, agus do mharbhadar fear eile, agus do ghabhadar do chlochaibh ar fhear eile. 36A ris, do chuir sé searbhfhoghantuidhe eile úadh búdh lía na an chéadchuideachda: agus do rineardarsan mar an gcéadna ríu. 37Agus fa dheireadh do chuir sé a mhac féin chuca, ag rádh, Do bhéaruid sías onóir dom mhac. 38Agus ar bhfaicsin an mhic do ba sgológaibh, a dubhradar eatorra féin, A sé so an toíghre; tigidh, marbham é, agus congbham a oidhreachd. 39Agus ar mbreith air, do theilgeadar as an bhfíneamhuin a mach é, agus do mharbhadar é. 40Ar a nadhbharsin an tráth thiocfas tighearna na fíneamhna, créud do dhéana sé ris na sgológaibh úd? 41A deiridsean ris, Sgriosfuidh sé go díoghaltach na drochdháoine úd, agus do bhéara sé a fhineamhuin ar chíos do sgológaibh eile, do bhéara na tórtha dhó an a naimsearaibh féin. 42A deir Iósa ríu, Nar léaghabhair a ríamh ann sna sgrioptúraibh, An chloch do dhiúltadar na sáoir, a si a tá ar ne déanamh na ceann ann sa chúaínne: a sé an Tighearna do rinne so, agus a tá sé iongantach ann ar súilibhne? 43Ar a nadhbharsin a deirim ribh, Go dtoigéobhthar rioghachd Dé úaibhsi, agus go dtiobharthar í so chineadh bhéara toradh úatha. 44Agus gidh bé neach thuitfeas ar an gcloichse, brisfithear é: agus giodh bé ar a dtuitfi sí, do dhéana sí mionluaithreadh dhe. 45Agus an tráth do chúaladar úachdaráin na sagart agus na Phairisinigh an chosmhalachd sin, do aithnigheadar gur ab na dtimcheall féin da labhair sé. 46Agus an tráth do shantuigheadar breith air, do bhí eagla an phobail orrtha, óir do bhí meas fáidhe aca airsean.

Currently Selected:

Matha 21: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in