YouVersion Logo
Search Icon

Matha 19

19
Caibidil XIX
A ttimchioll dhealughadh, 10 pósadh agus geanmnaóidheacht; 10 agus gu ttoirmiscionn grádh shaidhbhris, duine ó righeacht Dé.
1Agus tarla, an tráth do chriochnuigh Iósa na comhraítesi, gur sgáoil sé on Ghalilé, agus táinic sé go críochuibh Iúdéa tar Iórdan; 2Agus do lean cuideachda mhór é; agus do shlánuigh sé íad ann sin.
3Tangadar na Pharisínigh chuige an tráthsin, do chur cathuigh air, agus ag rádh ris, An ceaduightheach do dhuine a bhean do léigean trí gach uile adhbhar? 4Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, A ne nar léaghabhair, an té do chruthuighe íad ó thus gur fear agus bean do rinne sé íad, 5Agus go ndubhairt , Ar a nadhbharsafúigfidh duine a athair agus a mhathair, agus ceangalfuidh sé dhá mhnáoi: agus béid a ráon na neinfhéoil a mhain? 6Ar a nadhbharsin ní bhfuilid feasda na ndís, achd na néinfhéoil. Uime sin an ní do cheanguil Díam ná sgáoileadh duine é. 7A dubhradarsan ris, Máseadh créd far aithin Máoisi leitir dhealuighthe do thabhairt, agus ise do léigean? 8A deir seisean riu, Do fhuluing Máosi dháoibhsi ar son cruáis bhur gcroidheadh bhur mná do léigean: achd cheana ní mar sin do bhí se ó thus. 9Achd a deirimsi ribh, Gidh bé neach léigfead a bhean, achd ar so striopachuis, agus do phosas bean eile, go ndéanann sé adhaltrannas: agus gidh bé phósas an bhean do légeadh go ndéanann sé adhaltrannas. 10A deirid a dheisciobuil risean, Ma sé sin is cor don fhior ré na mhnáoi, ní maith an posadh ré a dhéanamh 11Achd a dubhairt seisean ríu, Ní hé gach áonduine ghabhus an glórsa, achd an dream dár tugadh é. 12Oir a táid dáoine coillte noch a rugadh mar sin as broinn a mathar: agus a taíd cailltéanuigh, a gar bheanadar daóine asda: agus a táid cailltéanuigh, do bhean asda féin ar son na rióghachda neamhdha. Gidh bé fhéadus a ghabháil chuige, gabhadh.
13Tugadh chuige an tráthsin leinibh beagam, do chum go gcuirfeadh sé a lámha orrtha, agus go ndéanadh sé urnuighe: agus do spreagadar na deisciobuil íad. 14Agus a dubhairt Iosa, Fuilngidh do na leanbaibh, agus na bacuidh dhióbh, teachd chugamsa: oír is lé na leithéidibh sin rioghachd neimhe. 15Agus tar éis a lámha do chur ortha, do imthigh sé as sin.
16Agus, féuch, a dubhairt neach áirighthe ag teachd chuige ris, A Mhaighisdir mhaith, créd í an mhaith do dhéana mé, do chum go bhfuighinn an bheatha mharthanach? 17Agus a dubhairt seisean ris, Créd fá a ngóireann tu maith dhíomsa? ní bhfuil éinneach maith ach amháin, Día: achd mas mían leachd dul chum na beatha, eoimhéd na haitheanta. 18A deir seisean ris, Cía bíad? agus a dubhairt Iósa, Ní dhéana tú dúnmharbhadh, Ní dheana tú adhaltrannas, Ní dhéana tú gaduidheachd, ní dhéana tú fiadhnuisi bréige. 19Onóruigh hathair agus do mhathair: agus, Grádhuigh do chomharsa mar thú féin. 20A deir an tógánach ris, Do choimhéd mé na neitheisi uile ó moíge: créd a tá duireasbhuidh oram fós? 21A dubhairt Iósa ris, Mas áill leachd bheith diongmhala, imthigh reac a bhfuil agad, agus tabhair do na bochduibh é, agus do gheabha tu ionnmhas ar neamh, agus tarr, lean misi. 22Agus an tráth dó chúaluidh an tógánach an comhradhsin, do imthigh sé go dobhrónach: oír do bhí iomad saidbhris aige.
23Agus a dubhairt Iósa ré na dheisciobluibh, A deirim ribh go fírinneach, gur ab docomhlach rachas duine saidhbhir a steach a ríoghachd neimhe. 24Agus a rís a deirim ribh, Gur ab usa do chámhall dul tré chró na snáthuide, ná do dhuine shaidhbhir dul a sdeach go flaitheamhnus Dé. 25Agus ar na chlos so dá dheisciobluibh, do ghabh iongnadh mór íad, ag rádh, Ar a nadhbharsin cía is éidir do shlánughadh? 26Agus ar bhféachain Diósa orrtha a dubhairt sé ríu, Ní bhfuil so ar chumas do na dáoinibh: achd a tá gach uile ní ar chumas do Dhía
27Ar bhfreagra do Pheadar an tráthsin, a dubhairt sé ris, Féuch, do thrégeamairna gach uile ní, agus do leanamar thusa; ar a nadhbharsin créd do gheabham? 28Agus a dubhairt Iósa riu, A deirimsi ribh go deimhin, An tráth shuidhfeas Mac an duine a gcaithír a ghlóire féin, go suidhfidh sibhse, do lean misi ann sa naithgheineamhuin mar an gcéadna ar dhá chaithir dhéag, ag breith breithe ar dhá threibh dhéag Israel. 29Agus gidh bé neach do thréig tighthe, nó dearbhráithreacha, nó deirbhsheathracha, nó athair, nó mathair, nó bean, nó clan, nó dúthuidh ar son manmasa, do gheabha sé a chead oirid, agus an bheatha mharthanach mar oidhreachd. 30Achd a tá mórán ar tosachd bhiás fa dheireadh; agus fa dheireadh bhiás ar tosach.

Currently Selected:

Matha 19: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in