YouVersion Logo
Search Icon

Matha 16

16
Caibidil XVI
Droch theagasc na Bparisineach, insheachanta; 16 admhail ghlórmhar Pheadair; 24 agus gu bfuil dfhiachaibhar lucht leanmhuin Chríosd an nainmhain do chrosadh.
1Agus ag teachd do na Pharisineachaibh agus do na Sadduichíneachuibh, a cur cathuighthe air do iárradar air comhartha do thaisbéanadh ó neamh dhóibh. 2Agus ar bhfreaga dhósan a dubhairt sé ríu, An tráth thig deireadh an láoi, a deartháoi, Bíaidh sé na shoininn: óir a tá an taiér dearg. 3Agus ar maidin, bíaidh drochaimsear ann a níu: oír a tá an taier ag deargadh agus ag dorchughadh. A luchd an fhúarchrábhaigh, is éol dáoibh gnúis a naier do bhreathnughadh; achd a né nach édir libh comharthuidhe na naimsearach do thuigsin? 4Iárraidh an droichchineadh adhaltrannach comhartha; agus ní tiobharthar comhartha dhó, achd comhartha Iónás an fáidh, agus ar ndealughadh ríu, do imthigh sé. 5Agus an tráth thangadar a dheisciobail a dtir ann sa phort thall, do dhearmadar arán do bhreith léo.
6Agus a dubhairt Iosa ríu, Tabhruidh dá bhur naire agus coimhheaduigh sibh ó laibhín na Bhphairisíneach agus na Saduichineach. 7Agus do thagradarsin eatorra féin, ag rádh, Is ar son nach dtugamar arán linn. 8Agus ar an thuigsin sin Diósa, a dubhairt sé ríu, O luchd an chreidimh bhig, créd fá a dtagartháoi eadraibh féin, gur ab ar son nach dtugabhair arán libh? 9A né nach dtuígthí fós, no nach ccuimhnighthí na cúig aráin na gcúig mhíle fear, agus ga mhéd clíabh do thógabhair? 10Nó na seachd naráin na gceithre mhíle fear, agus ga mhéd clíabh do thógabhair? 11Cionnas nach ttuigthí nach a dtimcheall aráin a dubhairt mé ribh, bhur naire do thabhairt dháoibh ar laibhin na Bhphairisíneach, agus na Saduichineach? 12Ann sin do thuigiodar cionnas nach díarradh orra aire do thabhairt dóibh ar loibhín an aráin, achd ar theagasc na Bhphairisineach, agus na Saduichineach.
13Agus ar dteachd Diósa go críochaibh Shesárea Philippí, do fhíafruidh sé dá dheisciobluibh, ag rádh, Créd a deir na dáoine, cía misi Mac an duine? 14Agus a dubhradarsan, A deirid cuid dhíobh gur ab tú Eóin Baisde: agus cuid eile, Elías; agus cuid eile, Ieremias, nó áon do na faidhibh. 15A deir seisean ríu, Achd créd a deir sibhsi cía mé?
16Agus ar bhfreagra do Shímón Peadar a dubhairt sé, Is tusa Criósd, Mac Dé bhí. 17Agus ar bhfreagra Diósa an tráthsin a dubhairt sé ris: As beannuighthe thú, a Shímoin mhic Ióna: óir ní féoil ná fuil do fhoillsigh sin duit, achd Mathairsi a tá air neamh. 18Agus a deirimsi riot, Gur ab tusa Peadar, agus gur ab ar an gcarruicsi thóigeabhus misi méagluis féin; agus nach béaruid geatuidhe ifeirn búaidh uirrthe. 19Agus do bhéara me dhuit eochracha na ríoghachda neamhdha: agus giodh bé ní cheingéolus tú ar talamh biáidh sé ceanguilte ar neamh: agus giodh bé ní sgáoilfeas tú ar talamh, biáidh sé sgáoilte ar neamh. 20Ann sin do aithin sé dá dheisciobluibh gan innisin déin neach gur bhé féin Iósa Criosd.
21O a núairsin amach do thionnsgain Iosa a fhoillseaghadh dhá dheisciobluibh, gur ab éigin dó dhul go Híarusaleim, agus mórán dfulang ó na seinnsearuibh agus ó úachdaránaibh na sagart agus ó na sgriobuidhibh, agus bás dfulang, agus eiséirghe an treas lá. 22Achd do ghabh Peadar é, agus do thionnsgain sé achmhusan do thabhairt dó, ag rádh, A bhfad uaidse sin, a Thighearna: ní theigeomha so dhuitse. 23Achd ar gcasadh dhósan, a dubhairt sé ré Peadar, Imthigh am dhiaigh, a Shátain: is scannail dhamh thú: oir ní thuigeann tú na neithe bheanas ré Diá, achd na neithe bheanas ré dáoinibh.
24A dubhairt Iósa an tansin ré na dheisciobluibh, Más áill le neach teachd am dhiaghsi, díultadh sé dhó fein, agus tóghadh sé a chros, agus leanadh se misi. 25Oír gidh bé neach lé nab mían a anam féin do chumhdach caillfidh sé é: agus gidh bé neach chaillfeas a anam arm o shonsa do gheabha sé é. 26Oír créd é a tharbha do dhuine, da ngnodhuigheadh sé an domhan uile, agus a anam féin do leígean a mugha? No créd í an mhalairt do bheuradh duine ar son anma féin. 27Oír tiocfuidh Mac an duine a nglóir a Athar féin maille lé na ainglibh; agus do bhéara sé an tráthsin dá gach neach do réir a ghniomhartha. 28Go fírinneach a deirimsi ribh, Go bhfuil cuid do luchd a tá na seasamh ann so, nach blaisfidh bás, no go bhfaicid Mac an duine ag teachd ann a rioghachd féin.

Currently Selected:

Matha 16: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in