YouVersion Logo
Search Icon

Job 34

34
Caibidil XXXIV.
Gu bhfuil Día ceart san uile neithe do ni sé.
1Tuilleamh oile do fhreagáir Elihu agus a dubhairt,
2Eístigh mo bhríathrasa, a dhaóine críonna; agus tugaidh éisteachd dhamh, a luchd agá bhfuil an téolus.
3Oír dearbhuidh an chlúas bríathra, mar bhlaisios an béul biadh.
4Toghmaóid dhúinn féin breitheamhnus: biodh a fhíos aguinn eadruinn féin cred an ní is maith.
5Oír a dubhairt Iób, Atáim ionnruic: agus rug Día mo bhreitheamhnus leis.
6A ndéanuinn bréug a naghaidh mo cheirt? atá mo chneadh dóileighis gan chionnta.
7Cía an duíne atá cosmhuil re Iób, noch ibheas súas magadh amhuil uisge?
8Noch imthighios a ccuideachda na druinge oibrighíos éaigceart, agus shiubhluighios lé drochdhaóinibh.
9Oír a dubhairt sé, Ní dhéanann tarbha ar bith do dhuine dúil do bheith aige a Ndía.
10Ar a nadhbharsin éistigh riomsa, sibhsi a dhaoine tuigsionacha: go ma fada bhías ó Dhía, go ndéanadh sé olc; agus ó Nuilechumhachdach, go ndéanadh sé éaigceart.
11Oír aíseogthar don duine a obair féin, agus do bhéara air gach aonduine go bhfuighe do réir a shlightheach.
12Fós, is dearbh nach déana Día go holc, ní mó mhillfios an Tuilechumhachtach breitheamhnus.
13Cía chuir cúram air fan ttalamh? nó cía shuighidh an domhan uile?
14Má shuighionn sé a chroidhe ar dhuine, chruinnighionn sé chuige féin a spíorad agus a anál;
15Díoghbháighfidh sé a nuile fheóil le chéile, agus fillfidh an duine a rís chum lúaithrigh.
16Má atá tuigse agad a nois, cluin so: éist ré guth mo bhríatharsa.
17An ndéana an té fhúathuighios ceart úachdaránachd? agus a ndaimneochuidh tusa an té is róicheirte?
18A niomchubhuidh a rádh re rígh, Atá tusa go holc? agus ré prionnsadhuibh, Atáthaói neimhdhíadha?
19Ca mhéad ní is lugha ris an té nach ccuirionn suim a bpearsannuibh na bprionnsadh, agus nach measann an saidhbhir ní is mó na an bochd? óir is íad uile oibreach a lámh.
20Do gheabhuid bás a móiment, agus buáidheorthar na daóine san meadhon oidhche, agus rachaid as: agus béarthar an neartmhar as gan láimh.
21Oír atáid a shúile ar shlighthíbh an duine, agus do chí sé a imtheachda uile.
22bhfuil dorchadas, nó scáile báis, mar a bhféudfaidis oibrighthe na héaccóra íad féin dfolach.
23Oir ní leacfuidh sé ar an nduine ní is mó ná ceart; as a rachadh sé a mbreitheamhnus ré Día.
24Brísfidh sé a mblodhuibh daóine cumhachdacha gan áiriomh, agus cuirfidh sé daóine oíle iona náit.
25Ar a nadhbharsin atá fios a noibreach aige, agus iompoighidh sé bun oscionn íad san noidhche, iondus go scríostar íad.
26Buailídh sé íad mar dhrochdhaóinibh a radharc shoilléir dhaóine oile;
27Do bhrígh gur fhilleadar ar a nais úadhasan, agus nár chuireadar suim a náon dá shlighthibh:
28Iondus go ttugaid ar chomhairc na mbocht teacht chuige, agus do chluín sé éigheamh na ttrúaghán.
29A nuáir do bheir sé suáimhnios úadh, cía fhéadas annsin buaidhreadh do dhéanamh? a núair fholchus sé a aghaidh, annsin cía fhéadas amharc air? más a naghaidh cinidh é, nó a naghaidh éanduine amháin:
30Go nach ríaghlochadh fear a nfúarchrábhuidh, deagla go ngéabhthaoi na daoine a bpaintéir.
31Go deimhin is iomchubhuidh a rádh ré Día, Dfulaing mé smachdughadh, ní chiontochuidh mé nios mó:
32 An ní nach bhfáicim, múinse dhamh é: má rinne mé éaicceart, ní dhéanad nios mó.
33An do réir do thoilesi budh cóir an ní bheith? do bhéara sé á luáidheachd úadh, má dhíultann tú é, nó má bheiricnn tú do roghain é; agus ní misi: uíme sin labhair an ní is fios duit.
34Innisidís daóine tuigsionacha dhamh, agus éisteadh duine críonna riom.
35Do labhair Iób gan éolus, agus do bhádar a bhriathra gan chríonnacht.
36 Isí mo thoil Iób do theastughadh go deireadh do bhrígh a fhreagartha ar son na ndaóine ccionntach.
37Oír cuiridh sé míríaghuil a cceann a pheacuidh, buailidh sé a bhasa ar measg, agus méaduighidh sé a bhríathra a naghaidh Dé.

Currently Selected:

Job 34: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in