Ecclesiastes 5
5
Caibidil V.
Liáigheas ar na díomháineassa reamhráidhte.
1Coinnimh do chos a nuair rachus tú go tigh Dé, agus go madh réidhe bhias tú do chluinsion, ná do thabhairt íodhbartha na namadán uáit: óir ní mheasuid síad go ndéanuid olc.
2Ná bí obann le do bhéal, agus ná bíodh do chroidhe lúath do labhairt éinneithe a lathair Dé: óir atá Día air neamh, agus atá tusa air talamh: uimesin go má tearc do bhríathra.
3Oír thig aisling tre iomad na ngnothuigheadh; agus aitheantar guth a namadáin lé hiomad na mbríathra.
4A nuáir do bhéarus tú móid do Dhía, ná cuir cáirde air a díol; óir ní bhfuil dúil aige annsna hamadánuibh: íoc an ní do mhóidigh tú.
5 Is féarr dhuit gan móid do thabhairt, ná móid do thabhairt agus gan a comhall.
6Ná léig lé do bhéul a thábhairt ar thfeóil peacughadh; agus na habair a lathair a naingil, gurab earráid é: créd as a mbeith fearg ar Dhía fa do ghlórsa, agus obair do lámh do mhilleadh?
7Oír a niomad na naislingeadh agus a niomad na mbríathar atá iomad díomhaoinis: acht bíodh eagla fós Dé ortsa.
8¶ Má chí tú fóirneart air an mbocht, agus cláonadh éigiontach breitheamhnuis agus ceirt a bproibhinnse, ná bíodh iongnadh agad annsa chúis: óir airighidh an té is airde ná an té is ro áirde: agus atá ann ní is áirde ná íadsan.
9¶ Tuilleamh oile; is fa choinne gach aónduine atá tarbha na tahnhan: do ní an machaire seirbhís den rígh féin.
10An té ghrádhuighios airgiod ní sástar lé hairgiod é; nó an té ghrádhuighios iomarcaigh ré bíseach: is díomhaóineas so mar an gcéadna.
11A nuáir fhásas an mhaóin, fásuigh an lucht ithios é: agus cred é an mhaith don tí ler leis íad, acht a bhfeithiomh amháin lé na súilibh?
12 Is milis codladh an tsáothruighthe, madh beag nó mór íosas sé: acht ní léigionn a niomadamhlacht don tsaidhbhir codladh.
13Atá olc romhór do chonnairc mé faói an ngréin, saidhbhris dá thaisgidh don droing ler leis é chum a ndochair féin.
14Acht imthighe an saidhbhrios sin seachad le drochsháothrughadh: agus ginidh seision mac, agus ní bhíonn éainní iona láimh.
15Mar tháinic sé amach as broinn a mhathar, fillfidh sé tárrnochd dimtheacht mar tháinic sé, agus ní bhéara sé eínni dha sháothar, do bhéaradh sé leis iona láimh.
16Agus is géar an tolcsa mar an gcéadna: air an mhodh céadna a ttáinic sé, go nimtheocha sé amhluigh: agus cred é an sochar atá ag an té do sháothruigh ní don ghaóith?
17Ar feadh a uile láetheadh ithidh sé a ndorchadas, agus bí sé lán do dhóbrón agus dfeirg ré na easláinte.
18¶ Féuch an ní sin do chonnairc misi: is maith agus is breádha do dhuine ithe agus ól, agus sólásughadh a maíth a sháothair uile noch ghlacas sé faói an ngréin air feadh uile laethe a sháoghail, noch do bheir Día dhó: óir isé sin a chuid ronna.
19Gach uile dhuine fós dá ttug Día saidhbhrios agus maóin, agus dá ttug sé cumhachta íthe dhe, agus a chomhroinn do ghlacadh, agus sólásughadh ann a sháothar; sé so tiodhlacadh Dé.
20Oír ní mór chuimhneochus sé láethe a sháoghail; do bhrígh gur fhreagair Día é a sólás a chroidhe.
Currently Selected:
Ecclesiastes 5: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)