YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 31

31
Saibhreas
1Neamhchodladh an tsaibhris, déanann sé an cholainn a chnaí;
agus cuireann an imní a ghabhann leis an codladh ar fán.
2Cuireann imní an lae as do chodladh na hoíche,
agus cuireann breoiteacht throm an teitheadh ar an gcodladh.
3Bíonn saothar ar an saibhir ag cnuasach a stóir,
agus nuair ligeann sé a scíth líonann sé a pheains le sólais.
4Bíonn saothar ar an daibhir agus a chuid ag leá,
agus nuair a ligeann sé a scíth buaileann an ghannchúis é.
5An té a thugann grá don ór, ní fhíréanófar é,
agus an té a théann sa tóir ar an airgead, cuirfidh sé amú é.
6Is iomaí duine a scriosadh de bharr an óir,
cé go raibh an tubaiste os comhair a súl.
7Is gaiste é dá bhóidíní,
agus gabhfar gach amadán ann.
8Is méanar don duine saibhir a gheofar gan locht,
agus nach dtéann sa tóir ar an ór.
9Cé hé féin? agus déanfaimid gairdeas leis,
mar rinne sé nithe iontacha i measc a phobail.
10Cé a d'fhéad peaca a dhéanamh agus nach ndearna,
agus olc a dhéanamh agus nach ndearna?
11Cuirfear bonn daingean faoina chonách,
agus comórfaidh an comhthionól go léir a dhéirc.
Fleá Fíon agus Féasta
12Ar bhuail tú fút ag bord flaithiúil?
ná bíodh craos ort chuige,
agus ná habair: “Cad é bia atá air!”
13Cuimhnigh gurb olc an rud í súil na dúile,
ar cruthaíodh aon ní is miangasaí na í?
Uime sin tugann sí na deora ar gach grua.
14Ná sín do lámh chun gach a bhfeicfidh tú,
agus ná bí ag trasnaíl [ar do chomharsa] chun na méise.
15Tabhair do bhreith ar do chomharsa de réir do cháis féin,
agus bí tuisceanach i ngach cúram.
16Ith a gcuirtear romhat mar a dhéanfadh duine [ar a bhfuil tabhairt suas];
ná bí ag cogaint go cíocrach d'fhonn nach mbeadh an ghráin ort.
17Bí ar an gcéad duine a stadfaidh den bhia le barr deabhéas;
ná bí doshásta nó tabharfaidh tú masla.
18Má bhíonn tú suite le comhluadar
ná sín do lámh rompu.
19Nach beag é dóthain an duine dea-thógtha!
ní bhíonn giorranáil air nuair a luíonn sé ar a leaba.
20Tá codladh na sláinte ag brath ar ghoile tomhaiste;
bíonn an mochóirí chomh folláin le breac.
Bíonn neamhchodladh, masmas, agus póit
i ndán don sutha.
21Má itheann tú breis, éirígh ón mbord,
[caith suas é] agus gheobhaidh tú faoiseamh.
22Éist liom a mhic, agus tabhair aird orm,
agus ar deireadh tuigfidh tú mo chuid cainte.
Bí broidiúil i mbun do ghnóthaí go léir
agus ní bhfaighidh easláinte greim ort.
23Molfaidh daoine an té atá fial faoi bhia;
agus is iontaofa an teist a thabharfaidh siad ar a fhéile.
24An té atá sprionlaithe faoi bhia, beidh sé i mbéal gach aon duine sa chathair,
agus is cruinn an teist a thabharfaidh siad ar a sprionlaitheacht.
25Ná bí i do ghaiscíoch i mbun fíona,
mar is iomaí duine a scrios an fíon.
26Déanann tine agus uisce an crua a phromhadh;
ar an tslí chéanna déanann an fíon croíthe a phromhadh in aighneas na ndíomasach.
27Is cuma nó beatha don duine an fíon
ach é a ól go tomhaiste.
Cad is fiú saol gan fíon?
cruthaíodh é le lúcháir a chur ar dhaoine.
28Cuireann fíon áthas ar an gcroí agus lúcháir ar an aigne
ach é a ól san am ceart agus sa tomhas ceart.
29Má óltar breis de, nó má oltar é le barr drochmhianaigh nó teaspaigh,
beidh crá croí dá chionn.
30Borrann cuthach an amadáin le teann meisce agus bíonn sé féin thíos leis,
mar go mbaineann an meisce óna neart ach go spreagann buillí.
31Ná bí ag cur ceartú ar do chomharsa ag fleá fíona,
agus ná tabhair masla dó agus é go súgach;
ná labhair go haithiseach leis
agus ná ciap é le hiasacht a éileamh ar ais air.

Currently Selected:

Síorach 31: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in