Lúcás 4:9-12
Lúcás 4:9-12 ABN
Ansin sheol sé go Iarúsailéim é, chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith tú féin as seo síos; óir tá scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil mar gheall ort, chun go ngardálfaidís tú’; agus: ‘Iompróidh siad ina lámha tú, le heagla go mbuailfeá do chos faoi chloch.’ ” Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Tá ráite: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’ ”