YouVersion Logo
Search Icon

Breithiúna 12:5-6

Breithiúna 12:5-6 ABN

Ghabh na Gileádaigh áthanna na Iordáine ar na hEafráimigh. Ansin nuair a deireadh aon teifeach ó Eafráim: “Scaoil anonn mé!” deireadh fir Ghileád: “An as Eafráim duit?” Nuair a deireadh sé: “Ní hea,” deiridís leis: “Abair sibolet más ea,” agus deireadh sé: “Suibolet,” mar nach bhfeadfadh sé an focal a fhoghrú i gceart. Ansin ghabhaidís é agus chuiridís chun báis é ag áthanna na Iordáine. Cailleadh dhá mhile agus daichead d'fhir Eafráim an uair sin.

Video for Breithiúna 12:5-6