YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 15

15
Olagón ar Mhóáb
1Fáistine i dtaobh Mhóáb.
An oíche a ndearnadh creach ar Ár,
fágadh Móáb ina thost;
an oíche ar creachadh Cír,
fágadh Móáb ina thost.
2Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón,
suas ar na hardáin chun caoineadh;
ar Neabó agus i Maedabá
tá Móáb ag olagón.
Tá gach cloigeann bearrtha,
gach féasóg lomtha;
3sna sráideanna tá éadach róin orthu,
agus ar bharr na dtithe táthar ag caoineadh.
Sna cearnóga tá gach aon ag olagón
agus an gol ag briseadh orthu.
4Tá Heisbeon agus Eileálae ag éagaoin,
chomh fada le Iahaz tá siad le cloisint.
Is uime sin atá corróga Mhóáb ar crith,
agus a anam ag creathnú.
5Tá mo chroí ag éagaoin ar son Mhóáb,
agus a uaisle ar teicheadh fad le Zoar.
Och! fána Lúichít suas
atá a dtriall agus iad ag caoineadh.
Ar bhealach Horonáím
tá siad ag gol go coscarthach.
6Och! uiscí Nimrím,
is sceirdiúil an áit í;
tá an féar feoite, an scraith ghlas seargtha,
lusra níl ann níos mó.
7Is é sin an fáth a bhfuil a soláthar déanta
agus a bhfuil a maoin á hiompar acu
thar Sruthán na Saileach anonn.
8Och! déanann an liúireach cuairt chríoch Mhóáb;
fhad le hEaglaím tá a uailleach le cloisint,
a uailleach fad le Béar Éilím.
9Och! tá uiscí Dhímeon ina dtuilte fola;
ach tá tubaistí le teacht fós ar Dhímeon,
leon ar fhuíoll air Mhóáb
agus ar iarmhar na tíre sin.

Currently Selected:

Íseáia 15: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in