YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 14

14
Filleadh ón Deoraíocht
1Sea, glacfaidh an Tiarna trua do Iacób agus toghfáidh sé Iosrael arís agus bunóidh sé iad ina dtír féin. Tiocfaidh an coimhthíoch a cheangal leo agus cloífidh sé le teaghlach Iacóib. 2Tiocfaidh na ciníocha faoina gcoinne agus déanfaidh siad iad a thionlacan ar ais ionsar a n‑áit dúchais, agus fostóidh teaghlach Iosrael iad mar sclábhaithe agus searbhóntaí dóibh féin ar thalamh an Tiarna. Tógfaidh siad mar bhraighdeanaigh iad siúd ag a raibh siad ina mbraighdeanaigh, agus beidh smacht acu ar lucht a mbrúite.
Aoir ar Bhás Aintiarna
3An lá a dtabharfaidh an Tiarna faoiseamh duit tar éis do chrá agus do chorraíola, agus tar éis na daoirse déine a raibh tú daortha ann, crochfaidh tú suas an t‑amhrán seo mar aoir ar rí na Bablóine:
4Féach mar tá deireadh leis an aintiarna!
Féach mar tá deireadh lena dhíomas!
5Tá bata na n‑urchóideach briste ag an Tiarna,
agus slat ríoga na bhflatha,
6an té a ghreadadh na ciníocha go fíochmhar
le buillí agus le béimeanna,
a smachtaíodh na náisiúin le fraoch,
á gciapadh gan sos.
7Tá an talamh uile ag ligean a scíthe faoi shuaimhneas;
gáireann sé amach a racht áthais.
8Na crainn ghiúise féin, tá lúcháir orthu as do chás,
tá agus ar chéadrais na Liobáine:
“Óir thit tusa ar lár,” arsa siad,
“ní thagann aon duine aníos dár leagan.”
9Tá Seól thíos corraithe faoi do chionn
chun teacht ag fáiltiú romhat.
Dúisíonn sé taisí na sean in onóir duit,
a raibh ina dtaoisigh ar talamh;
cuireann sé suas as a suíocháin ríoga
ríthe na náisiún ar fad.
10Seo mar chuireann an t‑iomlán acu forrán ort:
“Tusa freisin, tá tú scriosta mar atáimidne;
rinneadh leat mar rinneadh linn féin.”
11Tá do phoimp caite síos go Seól,
mar aon le ceol do chuid cláirseach;
na péisteanna atá mar leaba fút
agus na cnumhóga ina gclúdach os do chionn.
12Nach breá mar tá tú tite ó na spéartha,
a sholas na solas agus a mhic na maidine!
Nach breá mar caitheadh anuas ar talamh thú,
tusa a mbíodh na ciníocha uile faoi do réir!
13Bhítheá á rá leat féin i do chroí:
“Dreapfaidh mé go barr na bhflaitheas;
os cionn réaltaí Dé a thógfaidh mé mo chathaoir ríoga.
Suífidh mé ar an sliabh
mar a mbailíonn na déithe i ndáil chomhairle
in iargúil an tuaiscirt i gcéin.
14Rachaidh mé suas go barr na néalta dubha,
beidh mé cosúil leis an Té is airde.
15Ach féach, tá tú caite síos go Seól,
go híochtar an duibheagáin féin.”
16Iad siúd a fheiceann thú, breathnaíonn siad ort,
stánann ort agus déanann a machnamh:
“An é sin an fear a chuireadh an domhan ar crith,
a leagadh na ríochtaí ar lár,
17a rinne fásach den talamh
agus fothracha de na bailte,
agus nár scaoil cime as braighdeanas riamh?”
18Ríthe uile na náisiún, tá siad ina luí faoi ghradam,
gach aon ina thuama féin.
19Ach tusa, tá tú caite amach as d'uaigh
mar bheadh dramhaíl déistineach,
ár agus coscairt chlaímh sa mhullach ort,
agus tú ar chlocha na díge i do chosair chró.
20Ní bheidh cuid ar bith leo siúd agat san adhlacadh.
Óir tá do thír féin scriosta agat,
agus do mhuintir díothaithe.
Ní bheidh iomrá go deo arís
ar ál sin na n‑urchóideach.
21Cuirigí eirleach in áirithe dá chlann mhac
i gcúiteamh ar mhírún a n‑athar.
Ná héirídís go deo arís
chun an domhan a ghabháil ina seilbh,
chun aghaidh na talún a chlúdach lena líon.
Fáistine in Éadan na Bablóine
22“Éireoidh mé suas ina n‑éadan - briathar Thiarna na Slua - agus teascfaidh mé den Bhablóin a hainm agus a hiarsma. Gan síol gan sliocht a bheidh sí - briathar an Tiarna. 23Déanfaidh mé fearann don ghráinneog aisti, agus riasc. Scuabfaidh mé í le scuab an scriosta - briathar Thiarna na Slua.”
An Asaír le Scrios
24Thug Tiarna na Slua a mhionn air, á rá: “Cinnte!
Díreach mar a thuar mé, is amhlaidh a thiocfaidh isteach.
An rud a shocraigh mé, is é a chuirfear i gcrích:
25An Asaír a bhriseadh i mo dhúiche féin,
í a bhascadh ar mo shléibhte.
Sleamhnóidh a cuing díbh,
sleamhnóidh a hualach de bhur ngualainn.’
26Is é seo an beart ar cinneadh air
in éadan na talún go hiomlán;
is í seo an lámh atá sínte amach
in éadan na náisiún.
27Ó chinn Tiarna na Slua ar a bheart,
cé a leomhfadh a chur ar ceal?
Má shíneann sé amach a lámh,
cé a thabharfadh air í a tharraingt chuige isteach?
Foláireamh do na Filistínigh
28An bhliain a bhfuair Áchaz rí bás a tugadh an fháistine seo:
29Ná bíodh gairdeas ortsa, a Fhilistía go léir,
de bharr gur briseadh an bata a bhíodh do do léasadh,
óir as pór na péiste tiocfaidh nathair,
agus a thoradh sin arís, beidh ina dhragan sciathánach.
30Ach beidh na bochtáin ag iníor ar mo thailte féaraigh,
agus na truáin ag ligean a scíthe go slán sábháilte.
Maidir le do shliochtsa, áfach, tabharfaidh mé a mbás le hocras
agus maróidh mé a bhfuil fágtha díbh.
31Lig uaill sa gheata! Glaoigh ar chabhair sa chathair!
Bíodh scéin ort, a Fhilistía go léir!
Óir tá namhaid ag triall aduaidh ina dheatach
agus fágálach ní bheidh ina chuid cathlán.
32Cén freagra a thabharfar ansin
do theachtairí an chine sin?
An méid seo, gurb é an Tiarna a bhunaigh Síón ina háit,
agus is ann a gheobhaidh dearóile a mhuintire dídean.

Currently Selected:

Íseáia 14: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in