Íseáia 13
13
Fáistiní i dTaobh Chiníocha na Coigríche
In aghaidh na Bablóine
1Fógra ar an mBablóin, de réir mar taispeánadh d'Íseáia, mac Ámóz.
2Ar an gcnocán sceirdiúil cuirigí comhartha in airde,
crochaigí suas an ghairm slua.
Bagraígí lámh orthu i leith
chun go dtaga siad go geataí na n‑uaisle.
3Tá ordú tugtha agam do mo chuid óglach beannaithe;
tá mé ag glaoch le teann feirge ar mo laochra,
agus is iad atá cíocrach chun caithréime.
4Éistigí! Torann ar na sléibhte
mar bheadh slua ollmhór ag callán.
Éistigí! Búirthíl na ríochtaí agus na náisiún i dtionól.
Is é Tiarna na Slua atá ag gairm slógadh chun catha.
5Tá siad ag teacht ó thír i gcéin,
ó chianchríocha na spéire,
an Tiarna agus feidhmeannaigh a fheirge,
chun an talamh ar fad a chreachadh.
6Déanaigí olagón! óir tá sé i ngar, lá an Tiarna;
tá sé chugaibh ina léirscrios ó Dhia na n‑uilechumhacht.
7Dá bharr sin tá na lámha uile ar sileadh,
agus croí an uile dhuine go fann;
8tá scéin orthu agus scaoll,
tá siad i bpriacail ar nós mná seolta.
Tá siad ag breathnú ar a chéile
agus a ngnúiseanna lasta le náire.
9Tá lá an Tiarna chugaibh go cruálach,
le fraoch agus le fearg loiscneach,
chun fásach a dhéanamh den tír
agus na peacaigh a theascadh as.
10Óir réaltaí neimhe ina mbuíonta,
ní chuirfidh siad a solas ag lonrú a thuilleadh;
tiocfaidh smúit ar an ngrian ar éirí di,
ní thabharfaidh an ghealach a solas níos mó.
11Smachtóidh mé an domhan cláir as ucht a urchóide,
agus na ciontaigh de bharr a mí-rúin;
cuirfidh mé críoch le sotal na mórtasach
agus ísleoidh mé díomas lucht an uafáis.
12Déanfaidh mé daoine níos gainne ná scoth an óir,
níos teirce ná ór Óifír.
13Is é sin an fáth a dtiocfaidh ballchrith ar na spéartha,
go mbogfaidh an talamh as a áit,
le barr buile Thiarna na Slua,
sa lá a spréachfaidh a fhearg.
14Ansin, mar a bheadh fia á sheilg,
mar a bheadh tréad caorach gan duine lena locadh,
tabharfaidh gach aon a aghaidh ar a mhuintir féin,
agus teithfidh chun a dhúiche féin.
15Gach aon a dtiocfar air, sáithfear le scian é;
gach aon a mbéarfar air, titfidh sé leis an gclaíomh.
16Bascfar a bpáistí os comhair a dhá súl,
déanfar slad ar a dtithe agus éigean ar a mná.
17Seo, tá mé ag gríosú na Méideach ina n‑aghaidh,
gur cuma leo airgead agus gur táir leo ór.
18Tá na gasúir á mbascadh agus na girseacha á mbrú.
Toradh na broinne ní trua leo,
ná níl trócaire ina súil d'aon mhac máthar.
19An Bhablóin, péarla na ríochtaí,
seod agus práinn na gCaildéach,
beidh sí ar nós Shodom agus Ghomorá
nuair a threascair Dia iad.
20Ní bheidh cónaí ansin níos mó,
ná áitreabh ann ó ghlúin go glúin go deo.
Ní chuirfidh an tArabach suas a bhoth ann a thuilleadh,
ná na haoirí a dtréada ann i gcró.
21Beidh a ngnáthóga ag na hainmhithe allta ann,
agus beidh a cuid tithe lán d'ulchabháin.
Beidh cónaí ar éanlaith an aeir ansin,
agus na púcaí ag rince ina lár.
22Beidh mic tíre ag glaoch ar a chéile ina hárais,
agus na madraí allta ina páláis sháile...
Tá a haimsir ar na gaobhair,
ní chuirfear a laethe ar cairde.
Currently Selected:
Íseáia 13: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.