YouVersion Logo
Search Icon

Geineasas 8:21-22

Geineasas 8:21-22 ABN

Fuair an Tiarna an boladh cumhra agus dúirt sé leis féin: “Ní baol go gcuirfidh mé mallacht ar an talamh go brách arís de bharr an duine, óir is ar an olc atá a chroí meáite ag an duine óna óige. Ní bhuailfidh mé an uile dhúil bheo mar a rinne mé go deo arís. Fad a bheidh an talamh ann, ní rachaidh stad arís ar shíolchur ná ar fhómhar, ar fhuacht ná ar theas, ar shamhradh ná ar gheimhreadh, ar lá ná ar oíche.”