YouVersion Logo
Search Icon

Eifisigh 4:11-13

Eifisigh 4:11-13 ABN

Agus is eisean a thug do dhaoine áirithe bheith ina n‑aspail, do dhaoine eile bheith ina bhfáithe, do dhaoine eile bheith ina soiscéalaithe, agus do dhaoine eile fós bheith ina n‑aoirí agus ina múinteoirí, d'fhonn na naoimh a chur in oiriúint dá ndualgas, mar atá, corp Chríost a thógáil mar theach; go dtí go mbeimid go léir tagtha chun aontacht chreidimh agus chun aontacht eolais ar Mhac Dé nó go mbeimid tagtha in inmhe, ar chomhchéim le Críost féin agus é i mbun a mhéide.