Lúcas 9
9
Caibidil IX
Uír na nccos do ċraṫaḋ anaġaiḋ ḋaoine do ṫeagaisc. 51 Gan ḃéiṫ dioġaltaċ. 57 Agus gan Ċríosd do leanṁuin ar scáṫ sceiṁe, nó arson éadala agus onoir.
1Agus ag gairm a ḋá ḋeisciobal deg ḋó, tug sé neart agus cuṁaċda ḋóiḃ art na huile ḋeaṁnuiḃ, agus ar easláintiḃ do leiġeas. 2Agus do ċuir sé iád do ṡeanmoír ríoġaċda De, agus do leiġeas na ndáoine easlán. 3Agus a duḃairt sé riú, Ná beiriḋ ní ur biṫ liḃ ċum na sliġeaḋ, bataiġe, ná tiaċ lóin, ná arán, ná aírgead ná bioḋ ḋá ċóta ag cáċ. 4Agus giḋ bé ar biḋ teaċ an a raċtáoi a sdeaċ, gur ab ann sin ḟanfáoi, agus gur ab as raċtái amaċ. 5Agus giḋ bé naċ géuḃuiḋ ċuca siḃ, ar ḃfagḃáil na caiṫreaċasin dáoiḃ, craiṫiḋ fós an lúaṫbreaċán dá ḃur gcosniḃ mar ḟíaḋnuisi na naġaiḋ. 6Agus do imṫiġeadarsan, trís agus do ġaḃadar na mbailtreaċ, ag déanaṁ seanmóra agus ag leiġeas ann gaċ uile ḃall.
7Agus do ċúaluiḋ Ióruáiṫ an Tetrarca gaċ uile ní dá ndeamuiḋ seision: agus do ḃí sé a naṁarus, do briġ go nduḃradar dáoine áiriġe, gur éiriġ Eóin ó ṁarḃuiḋ; 8Agus dáoine eile, Gur ḟoillsiġ Elias é féin; agus dáoine eile, Gur eirséiriġ faiġ éigin do na seanḟáiġiḃ. 9Agus a daḃairt Iorúaiṫ, Do ḃean misi a ċeann Deóin: agus cia hé so, ar a gcluinim a leiṫéde so? Agus diarr sé eision dfaicsin.
10Aċd ar ḃfilleaḋ do na habsdalniḃ, dinnseadar ḋósan gaċ ní ḋá ndearnadar. Agus ar na mbreiṫ leis do, do ċuáiḋ sé fá Leiṫ ar ḟásaċ na ciaṫreaċa dá ngoirṫear Betsáida. 11Agus an tan, do aiṫin an pubal sin, do leanadar é: agus ar na ngaḃáil ċuige ḋó, do laḃair sé ria a dtimċeall rioġaċda Dé, agus do ṡlánaiġ sé an ċuid díoḃ ar a raiḃ úireasḃuide leigbis. 12Agus do ḃí an lá ag dol ṫárrsa, agus trangadar an dá ḟear ḋég ċuigesion, agus a duḃradar ris, Léiġ uáit an slúaġ, ionnus go numéoċaidis fa na bailtiḃ agus fan tír do leaṫnuġaḋ, agus go ccoṁnuiḋid, agus dfaiġáil bíḋ: óir a tamáoid ann so a náit ḟásaṁuil. 13Aċd a duḃairt seision riú, Taḃruiḋsi ní lé na iṫe ḋóiḃ. Agus a duḃradarsan, Ní ḃfuil ní is mó aguinn ná cúig aráin agus dá iásg, aċd mona dteímis do ċeannaċ biḋ don ṗobal so nile. 14Oír do ḃádar a dtimċeall ċuig míle fear. Aċd a duḃairt seisión ré na ḋeisciobluiḃ, Cuiriḋ na suiḋe iád na gcaogadaiḃ. 15Agus do rinneadarsan aṁlaiḋ, agus do ċuireadar na suiḋe iád nile. 16Agus ar ngaḃáil na gcúig narán agus an dá iásg ḋósan, agus ar ḃféaċain sias ar neaṁ, do ḃeannuiġ sé iád, agus do ḃris sé, agus tug sé ḋá ḋeisciobluiḃ iád do ċum go gcuirfidís a ḃfiaḋnuisi an ṗubail iád. 17Agus a diṫadar, agus do sasaiġeaḋ iad uile: agus do tógḃaḋ ḋá ċlíaḃ ḋég do ḃíaḋ ḃrisde do ḃí dḟuiġioll aca.
18Agus tárla, an tan do ḃí sé na áonar ag déanaṁ urnuiġe, go rabbadar a ḋeisciobuil na ḟoċair: agus gur ḟíafruiḋ sé ḋíoḃ, ag ráḋ, Créd a deir an slúaġ cía misi? 19Agus do ḟreagradarsan agus a duḃradar, Eóin Baisde; agus cuid eile, Elías; agus cuid eile, gur éiġe fáiġ éigin do na seanḟáiġiḃ a rís. 20Agus a duḃairt seision riú, Aċd cred a deárṫaoisi cía mé? agus ar ḃfreagra do Ṗeadar a duḃarit sé, Criosd Dé. 21Agus ar ndeanaṁ bagiar orrṫa ḋó, do aiṫin sé íad gan so dinnisin do ḋuine ar biṫ; 22Ag ráḋ, Gur ab éigin do Ṁac an duine mórán dfulang, agus a ḋinltaḋ ó na sinnsearniḃ agus ó úaċdaránniḃ na sagart agus ó na sgriobuidgiḃ, agus bás dfulang, agus éirġe an tres lá.
23Agus a duḃairt sé riá uile, Maḋ áill ré héinneaċ misi do leanṁuin, díultaḋ sé ḋo féin, agus toġbaḋ sé a ċros gaċ láoi agus leamaḋ sé misi. 24Oír giḋ bé lér ab aill an anam do ṡlánaġaḋ caillfiḋ sé é: agus giḋ be ċaillfeas a anam ar mo ṡonsa, a sé so ṡláineoċas é. 25Oír créd a ṫarḃa do ḋuine, dá ngnoġuiġeaḋ sé an doṁan uile, agus go gcaillfeaḋ sé, nó go léigfeaḋ sé a muġa é féin? 26Oír giḋ bé le buḋ nár misi agus mo ḃriaṫra, buḋ nár le Mac an duine eision, an tráṫ ṫiocfas sé ann a ġloír fein, agus Aṫar, agus na naingeal náoṁṫa. 27Agus a déirim riḃ go firinneaċ, Go ḃfuilid cuid don ṁuintir ata á láṫair ann so, naċ blaisfiḋ bás, nó go ḃfaicfid rioġaċd Dé.
28Agus tárla a dtimċeall oċd lá tar éis na mbriaṫarsa, ar mbeiṫ Ṗeadair agus Eóin agus Ṡéamuis leis, go ndeaċaiḋ sé súas ar ṡlíaḃ do ḋéanaḋ urnuiġe. 29Agus tárla ag deanaṁ urnuiġe ḋó, gur haṫruiġeaḋ fioġair a aiġṫe, agus go ndearnaḋ a éadaċ geal dealruiġeaċ. 30Agus, féuċ, do ḃádar días fear ag coṁráḋ ris, mar atá Máoisi agus Elías: 31Noċ do ċonncas a nglóir, agus dfoillsiġ an bás, do ḟuilcongaḋ sé a Niarusalem. 32Agus do ḃí codlaḋ trom ar Ṗeadar agus ar a ndroing do ḃí na ḟarraḋ, agus an tan do ḋuisgeadar, do ċunncadar a ġloírsion, agus an dias fear do ḃí na seasaṁ na ḟoċair. 33Agus tárlá, agá ḟagḃáil doiḃ, go nduḃairt Peadar ré Híosa, A Ṁaiġisdir, is maiṫ sinne do ḃeiṫ ann so: agus déanam trí boṫa; boṫ ḋuitsi, agus boṫ do Ṁáoisi, agus boṫ Ḋelías: gan fios aige créd a duḃairt sé. 34Agus an tan a duḃairt sé só, táinic néull, agus do ṫeilg sé agáile orrṫa: agus do ġaḃ eagla iásdsan an tan do ċuádar ann sa néull. 35Agus táinic giṫ as a néull, ag ráḋ, Ag so mo Ṁac graḋaċsa: éisdiġ ris. 36Agus ar teaċd don ġuṫsin, do fríoṫ Iósa na áonar. Agus do ḃadarsan na dtoċd, agus nior innisiodar dáonduine ann sna laéṫiḃsin ní ar biṫ ḋá ḃfacadar.
37Agus tárla, an lá na ḋiáiġsin, ar ndul síos don tslíaḃ ḋóiḃ, do dtárla slúaġ mór airsion. 38Agus, féuċ, do éiġ neaċ don tslúaġ, ag ráḋ, A Ṁaiġisdir, iárruim ort, feuċ ar mo ṁac: oír a sé méinġein é. 39Agus, féuċ, beiríḋ an spiorad air, agus éiṁiġ sé go hobann; agus tairrngiḋ sé as a ċeile é ag cur cuḃair amaċ, agus is ar éigin ḟágfas sé é tar éis a ċoṁmbrúġaḋ. 40Agus diárr mé ar do ḋeiscioblaiḃsi a ċur as; aċd níor ḟéadadar. 41Agus ar ḃfreaga Díosa a duḃairt sé, A ċineaḋ míċreidṁeaċ cláon, ga fad fós ḃiás mé eadruiḃ, agus ḟuileongas mé siḃ? Taḃair do ṁác leaċd an so. 42Agus ad teaċd ċuige ḋó, do ḃúail an deaṁan síos é, agus do ṫarruing sé as a ċeile é. Aċd do imḋearg Iósa an spiorad neaṁglan, agus do leiġis sé an leanaḃ, agus ṫug sé ḋá aṫair fein é.
43Aċd do ġaḃ úaṫḃás cáċ uile trí ṁórċuṁaċd Dé. Agus ar mbeiṫ ag déanaṁ iongantus doiḃ uile ann gaċ uile ní da ndearnuiḋ Iósa, a duḃairt sé ré na ḋeiscioblaiḃ, 44Taisgiḋ na bríaṫrasa ann ḃur gcluasaiḃ: óir tiofuiḋ ċum ċríċe go dtioḃarṫar Mac an duine a láṁuiḃ na ndaóine. 45Aċd níor ṫuigeadarsan an coṁráḋsa, agus do ḃí sé ar na ḟolaċ úaṫa, ionnas nar airiġeadar é: agus do ḃí eagla orrṫa ceisd do ċur airsion a dtimċeall an ċoṁráiḋ sin.
46Agus déiriġ diospóireaċd eatarra, cía ḋíoḃ féin buḋ ṁó. 47Agus ar ḃfaicsin smuaintiġe a gcroiḋe, Díosa, do ġaḃ se leanaḃ ċuige, agus ċuir sé na aice féin é. 48Agus a duḃairt sé riú, Giḋ bé ġéuḃas ċuige an leanaḃ so a mainmsi is misi ġaḃas se ċuige: agus giḋ bé ġéuḃas misi ċuige, gaḃuiḋ sé ċuige an té do ċuir uáḋ mé: óir giḋ bé is luġa eadruiḃsi uile, bíaiḋ se mór.
49Agus ar ḃfreagra Déoin a duḃairt sé, A Ṁaiġisdir, do ċunncamairne duine áiriġe ag teilgean deaṁan a maċ ad ainmsi; agus do ṫoirmeasgamar é, ar son naċ leananu sé ḋínne. 50Agus a duḃairt Iósa ríu, Ná toirmeasuiḋ é: oir giḋ bé naċ ḃfuil ar naġuiḋ atá sé linn.
51Agus tárla, an tan do coíṁliónaḋ laéṫe a nglacfaiḋ súas é, gur ċuir sé roiṁe go daingion dul go Hiárusaléim. 52Agus do ċuir sé teaċdairiġe róiṁe: agus ar nimṫeaċd dóiḃ, do ċúadara sdeaċ a mbaile na Samáritánaċ, do ċum go ndéanaidís ullṁaġaḋ roiṁesion. 53Aċd niór ġaḃadársan ċuca é, ar son go raiḃ a aġáiḋ mar ḃiaġ sé dul go Hiarusalém. 54Agus an tráṫ do ċuncadar a ḋeisciobuilsion Séumas agus Eóin so, a duḃradar, A Ṫiġearna, a naill leaċd go nabramáois teine do ṫeaċd a núas ó neaṁ, dá losaḋ síad, mar do rinne Elías leis? 55Agus ar gcasaḋ ḋó, do imḋearg sé iad, agus a duiḃairt sé, Ní ḃfuíl a ḟios aguiḃ créd é an spiorad dár ḋe siḃ. 56Oír ní ṫaínic Mac an duine do sgríos anmann na ndáoine, aċd dá slánuġaḋ. Agus do ċúadar as sin go ḃaile eile.
57Agus tárla, ar nimṫeaċd dóiḃ san tslíġe, go ndúḃairt neaċ áiriġe rision, Leanfuiḋ misi ṫú giḋ bé háit ann a raċa tú, a Ṫiġearna. 58Agus a duḃairt Iósa ris, Ataíd fúaċaisiġe ag na sionnċaiḃ, agus neíd ag éanlaiṫ a naiéir; aċd ní ḃfuil áit ag Mac an duine ann a gcurfeaḋ sé a ċeann. 59Agus a duḃairt sé ré neaċ eile, Leansa misi, Aċd a duḃairt seision, A Ṫiġearna, leiġ ḋaṁ imṫeaċd ar túís agus maṫair daġlacaḋ. 60Aċd a duḃairt Iósa ris, Leíg do na marḃuiḃ a mairḃ féin daġlacaḋ: aċd imṫiġsi, agus déana rioġaċd Dé do ṡeanmóir. 61Agus mar an gcéadna a duḃairt neaċ eile, Leanfuiḋ misi ṫú, a Ṫiġearna; Aċd leiġ ḋaṁ ar tús mo ċead do ġaḃáil, ag am ṁuinntir. 62Aċd a duḃairt Iósa ris, Giḋ bé neaċ ċureas a láṁ ar an gcéuċd, agus ḟéaċas na ḋíaiġ, ní ḃfuil se iomċuḃaiḋ do ríoġaċd Dé.
Currently Selected:
Lúcas 9: BedellG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.