YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 6:1-4

Genesis 6:1-4 BEDELLG

Agus tárla, a nuáir do ṫosuiġeadar na dáoine ar ṁeaduġa ar ḋruim na talṁan, agus rugaḋ inġeana ḋóiḃ, Go ḃfacadar mic Dé inġeana na ndáoine go raḃadar sgíaṁaċ; agus tugadar mná ċuca do nuile ḋroing do ṫógradar. Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Ní ḃía mo spiorad a ccoṁnuiḋe ag crionċán ris an nduine, do ḃríġ gur féoil eision mar an ccéudna: giḋeaḋ béid a láeṫe na ccéud agus fiċṫe blíaġan. Do ḃádar aiṫiṫe ar an ttalaṁ ann sna laeṫiḃ sin; agus mar an ccéudna na ḋiáiġ sin, a nuair ṫangadar mic Dé a steaċ ċum inġeana na ndáoine, agus rugadar clann dóiḃ, do ḟásadar sin na ndáoiniḃ árrṫaċda, noċ do ḃí san tseanaimsir na ndáoiniḃ iomráiteaċ.