YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 46

46
Caibidil XLVI.
Tainic Iacob do Négipt, agus a ṡlioċt. 28 Ċoinniġ Ioseṗ é. 33 Agus ċoṁairliġ a ḃraiṫre.
1Agus do ġluáis Israel maille ris a nuile ní dá raiḃ aige, agus táinic go Beerséba, agus do rinne ioḋbuirt do Ḋía a aṫar Isaac. 2Agus do laḃair Día re Hisrael a ttaiḃse na hoiḋċe, agus do ráiḋ, A Iácob, a Iacob. Agus a duḃairt seision, Atáim annso. 3Agus a duḃairt sé, As misi Día, Día haṫar: ná bíoḋ eagla ort dul síos do Négipt; óir do ḋeana misi ann sin díot cineaḋ mór. 4Raċa mé leaċd síos do Négipt; agus do ḃéura mé go deiṁin mar an gcéadna a nsíos a rís ṫú: agus cuirfiḋ Ióseṗ a láṁ ar do ṡúiliḃ. 5Agus do éiriġ Iacob súas ó Ḃéerséba; agus do iomċradar mic Israel a naṫair Iacob, agus a náos óg, agus a mná, ann sna carbuduiḃ ċuir Ṗárao ḋá iomċur. 6Agus rugadur leó a narnéis, agus a maiṫeas, noċ fuaradur a ttír Ċánaain, agus tangadur do Négipt, Iacob, agus a ṡlíoċd uile leis: 7A ṁic, agus mic a ṁac maille ris, agus a inġeana, agus inġeana a ṁac, agus a slioċd uile tug sé leis do Négipt íad. 8Agus a síad so anmanna ċloinne Israel noċ do ṫáinic do Négipt, Iacob agus a ṁic: Reuben cédġin Iacob. 9Agus mic Reuben; Hanoċ, agus Ṗallu, agus Hesron, agus Carmi. 10Agus mic Ṡimeon; Iemuel, agus Iamin, agus Ohad, agus Iaċim, agus Sohar, agus Saul mac mná Canaanítiġ. 11Agus mic Léḃi; Gerson, agus Cohat, agus Merári. 12Agus mic Iúdah; Er, agus Onan, agus Sélah, agus Ṗáres, agus Sárah: aċ fuair Er, agus Onan bás a ttír Ċánaain. Agus mic Ṗáres dob íad Hesron, agus Hámul. 13Agus mic Isaċar; Tóla, agus Ṗúbah, agus Iób, agus Simron. 14Agus mic Sebulun; Séred, agus Elon, agus Iahleel. 15Agus dob íad so mic Leah, noċ rug sí do Iácob a Bpadan-Aram, maille re na hinġin Dínah: anmann a ṁac agus a inġean uile bá tríur ar ṫrioċad íad. 16Agus mic Ġad; Siṗion, agus Haggái, Súni, agus Esbon, Eri, agus Aródi, agus Aréli. 17Agus mic Aser; Iimnah, agus Isuah, agus Isui, agus Bériah, agus Sérah a ndeirḃṡiur: agus mic Ḃériah; Héber, agus Malċiel, 18A síad so mic Silpah, noċ tug Lában da inġin Léah, agus rug sí íad so do Iácob, eaḋon sé hanmanna déug. 19Mic Raċel, bean Iácob; Ioseṗ, agus Beniamin. 20Agus do rugaḋ a gcríċ na Hégipte do Ióseṗ, Manasseh, agus Eṗraim, noċ rug Asenat inġean Ṗotiṗerah sagart On dó. 21Agus mic Ḃeniamin, Bélah, agus Béċer, agus Asbel, Géra, agus Náaman, Ehi, agus Ros, Muppim, agus Huppim, agus Ard. 22A súíd so mic Ráċel, noċ rugaḋ do Iácob; na hanmanna uile bá a ceaṫair déug íad. 23Agus mic Dan; Hussim. 24Agus mic Naṗtali; Iasehel, agus Guni, agus Iéser, agus Sillem. 25Asíadso mic Ḃilhah, noċ tug Lában dá inġin Ráċel, agus rug sí íad so do Iacob: na hanmanna uile bá móirṡeisior íad. 26Na hanmanna uile noċ ṫáinic lé Iacob do Négipt, noċ ṫáiníc amaċ as a ḟorḋronnuiḃ, táoḃ amuiġ do ṁnáiḃ ṁac Iacob, bá trí fiċid íad agus a sé. 27Agus mic Ióseṗ, rugaḋ ḋó sa Négipt, bá ḋá anum íad: a nuíle anum do ṫiġ Iácob, noċ ṫáinic do Négipt, bá trí fiċid, agus a deiċ íad. 28Agus do ċuir sé Iudah roiṁe go Ioseṗ, do ṡeóluḋ a aiġṫe go díreaċ go Gosen; agus tangadur go tír Ġosen. 29Agus do rinne Ióseṗ a ċarbad réiġ, agus do ċuaiḋ súas do ṫeagṁáil ar Israel a aṫair, go Gosen, agus do ṫais béin é féin do; agus do laiġ ar a ṁuinéul, agus do ġuil ar a ṁuinéul tamall maiṫ. 30Agus a duḃairt Israel ré Ióseṗ, Annois faġaim bás ó ċonnuirc mé do ġnúis, do ċionn go ḃfuil tú beó fós. 31Agus a duḃairt Ióseṗ ré na dearḃráiṫríḃ agus ré tiġ a aṫar, Raċa mísi súas, agus foillseoċad do Ṗarao, agus a déara mé ris, Tangadur mo ḋearḃráiṫre agus tiġ maṫar noċ do ḃí a ttir Ċanaain, ċugamsa: 32Agus is aoḋaireaḋa cáoraċ íad, óir isé bá ceird doíḃ airneis do ḃeaṫuġaḋ; agus tugadur a ttréada agus a sealḃa leo, agus a nuile ní dá ḃfuíl aca. 33Agus teigeóṁuíġ a nuáir ġoirfeas Ṗárao siḃsi, agus a déara sé, cred as ceird ḋaóiḃ? 34A bruiḋsi do bí ceird do ṡerḃíseaċ ḃeiṫ timċioll áirnési ó ar nóige go ttí a nois, sinn féin aráon agus ar naiṫre, ionnus go náitreoċṫaoi a ḃféarann Gosen: óir is gráineaṁlaċd a nuile ṫréaduiġe cáoraċ ag na Hégiptiḃ.

Currently Selected:

Genesis 46: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in