Genesis 41
41
Caibidil XLI.
Aislingiḋ Ṗarao. 14 Ar na neidirṁíniuġaḋ lé Ioseṗ. 38 Neaċ do ḋearnaḋ na riaġlóir ar an Egipt.
1Agus tárla a gcionn dá ḃlíaḋan iomlán, go ḃfaca Ṗárao aisling; agus, féuċ, do ḃí sé na ṡeasaṁ láiṁ ris a naḃainn. 2Agus, féuċ, ṫáinic na diáiġ as a naḃuinn seaċd mbaṫ sgíaṁaċa, agus íad raṁar a ḃfeóil; agus do ḃádur ag inġeilt ar ṁóinḟéar. 3Agus, féuċ, ṫáinic na ndiáiġ as a naḃuinn seaċd mbaṫ eile, gránda agus trúaġ a ḃfeóil; agus do ṡeasadur a bḟoċair na mbó eile, ar brúaċ na haḃanna. 4Agus dúadar na baṫ gránda feóiltrúaġa na seaċd mbaṫ bréaġḋa reaṁra. Agus ann sin do ṁúsguil Ṗárao. 5Agus do ċoduil sé, agus do ċonnairc sé aisling an dara huair: agus, féuċ, tangadur seaċd ndíasa arḃa ar éanċoinnlín ṁéaṫ agus ṁaiṫ. 6Agus, féuċ, tangadur seaċd ndiásá tana cáola, ar na ccáoċaḋ ón ġáoiṫ a nsoir, a níos na ndiáiġ. 7Agus do ṡluigeadar na seaċd ndíasa tana cáola na seaċd ndíasa raṁra lána, agus do ṁúsguil Ṗárao, agus, féuċ, dob aisling é. 8Agus tárla air maidin go raiḃ a spiorad buaiḋearṫa; agus do ċuir fios, agus do ġoir ar ḋráoiṫiḃ na Hégipte uile, agus ar a ḋaóiniḃ críonna: agus do innis Ṗárao a aisling ḋóiḃ; aċ níor fríṫ áonduine do inneosaḋ a ccíall do Ṗárao. 9Ann sin do laḃair an tárdḃuitléir ré Ṗárao, ag ráḋ, Cuiṁniġim mo loċda a niuġ: 10Do ḃí Ṗárao feargaċ ré na ṡerḃíse ċuiḃ, agus do ċuir sé misi a bpríosún a ttiġ ċaiptín an ġárda, mé féin agus an tárdḃáicéir: 11Agus do ċoncamair aisling a néunoiḋċe aṁáin, misi agus eision; do taiḋḃreaḋ dá gaċ neaċ aguinn do réir eidirṁiniġe a aislinge féin. 12Agus do ḃí ionar ḃfoċair annsin óganaċ, Eaḃruiḋeaċ, serḃíseaċ ċaíptin an ġárda; agus do innisiomar ḋó, agus do ḟoillsiġ cíall ar naislinġiḋ ḋúinn, do gaċ áon aguinn do réir a aislinge deadarṁiniġe se. 13Agus tárla, do réir mar do ḟoillsiġ sé ḋúinn, gur mar sin do ḃí: do ḟill sé misi a rís ċum moifige, agus do ċroċ sé eision. 14Ann sin do ċuir Ṗárao fios, agus do ġoir ar Ióseṗ, agus tugadar léo é go deifreaċ amaċ as an bpríosún; agus do ḃéarr seision é féin, agus do aṫruiġ a ċuluiḋ, agus táinic a steaċ go nuige Ṗárao. 15Agus a duḃairt Ṗárao re Ióseṗ, Do ċonnairc mé aisling, agus ní ḃfuil neaċ ḟéadus a heidirṁíniuġaḋ: agus do ċúala me teaċd ortsa, go ttuigeann tu aisling ċum a heidirṁíniġe. 16Agus do ḟreagair Ióseṗ Ṗárao, dá ráḋ, Ní híonnamsa atá sin: do ḃéura Día do Ṗárao freagra ṡíoṫċánta. 17Agus a duḃairt Ṗárao re Ióseṗ, Ann maisling, féuċ, do ṡeas mé ar ḃrúaċ na haḃanna. 18Agus, féuċ, ṫáinig a nsíos as a naḃuinn seaċd mbaṫ, raṁra feólṁara sgíamaċa; agus do ḃádur ag inġilt ar léana. 19Agus, féuċ, tangadur seaċd mbaṫ eile amaċ na ndiáiġ, trúaġa gránna teircḟeólaċ, a leiṫéid naċ ḃfaca mé ríaṁ ar feaḋ ċríċe na Hégipte ar olcas. 20Agus a dúadar na baṫ truáġa ġránna súas na séáċd mbaṫ raṁra sín. 21Agus a nuair a duadar súas íad, ní raiḃ a ḟíos a ndúadar íad; aċ do ḃadur granna do ġnáṫ, mar do ḃádar ó ṫús: ann sin do ṁúsguil mé. 22Agus do ċonnairc mé ann maisling, agus, féuċ, ṫáinic as áonċoinnlín aṁaín seaċd ndíasa iomlán, agus maiṫe: 23Agus, féuċ, ṫáinic súas na ndiáiġ so, seaċd ndíasa, críona, tana, agus ar na ccáoċaḋ ón ngaoiṫ a nsoir: 24Agus do ṡluigeadur na díasa tana na seaċd ndíasa maiṫe; agus do innis mé so do na draóiṫiḃ; aċ ní friṫ éunduine dfoillseoċaḋ a mbríġ ḋaṁ. 25Agus a duḃairt Ióseṗ re Ṗárao, Is ionann aisling Ṗárao: do ḟoillsiġ Día do Ṗárao an ni as mían leis do ḋéunaṁ. 26Na seaċd mbaṫ maiṫe is seáċd mblíaḋna iad; agus na seaċd ndiasa maiṫe, is seaċd mbliaḋna íad; is ionann a naisling. 27Agus na seaċd mbaṫ tana gránna ṫáinic a nsíos na ndiáiġ, seaċd mblíaḋna íad; agus na seaċd ndíasa folṁa, buáilte on ngáoiṫ a nsoir, buḋ séaċd mbliaḋna gorta íad. 28As é so an ní duḃairt mé re Ṗárao: An ní is áil le Día do ḋéanaṁ atá sé agá ḟoillsiuġaḋ do Ṗarao. 29Bióḋ a ḟios agad go ḃfuilid seaċd mbliaḋna mórṫórrṫaċa ag teaċd ar feaḋ ċríċe na Hégipte uile: 30Agus éiréoċuid na ndiaiġ sin seaċd mbliaḋna gorta; agus dearmadfuiġear an ḟairsinge uile a gcriċ na Hegipte; agus millfiḋ an ġorta an talaṁ; 31Agus ní biá fios an líonṁuire sa tír, do ḃríġ na gorta sin ṫig na ḋiáiġ; óir biáiḋ sé ro ṫrom. 32Agus do ċionn gur dúbluiġeaḋ a naisling do Ṗárao fá ḋó; is uime sin gur cinnteaḋ an ċúis lé Diá, agus do ḃéara a ccriċ é go goirid. 33A nois uime sin, faġaḋ Ṗárao duine discréideaċ críonna, agus cuireaḋ é os cionn ċríċe na Hégipte. 34Déanaḋ Ṗárao mar so, agus orduiġeaḋ sé oifigiḋ ós cionn na críċe, agus tógḃaḋ an cúigeaḋ cuid do ċríċ na Hégipte, annsna seaċd mbliaḋnuiḃ tóirrṫeaċa. 35Agus cruinníġedís uile beaṫa na mbliaḋan maiṫ sin do ṫiocfas, agus cuiredís arḃar a dtaisge faói láiṁ Ṗárao, agus cuṁduiġedís beaṫa ann sna caiṫreaċaiḃ. 36Agus biáiḋ an lónn sin na stór ag an talaṁ a noirċill ṡeaċd mbliaḋna gorta, noċ ḃias a ttalaṁ na Hégipte; ionnus naċ aidṁillfiḋ an talaṁ tríd an ngórta sin. 37Agus do ṫáitin an ní sin ré Ṗárao: agus ré na ṡerḃíseaċuiḃ uile. 38Agus a duḃairt Ṗárao re na ṁuinntir, An féidir ḋúinn duine ann a ḃfuil spiórad Dé mar é so dfaġáil? 39Agus a duḃairt Ṗarao ré Ióseṗ, Do ċionn gur ṫaisbein Día so uile ḋuitsi, ní ḃfuil duine is discréidiġe agus is críonna ná ṫú féin. 40Biáiḋ tú ós cionn mo ṫiġe, agus is réir do ḃréiṫre ḃías riaġlúġaḋ mo ḋáoine uile: ann mo ċaṫáoir ríoġa aṁáin ḃías mé ní is mó ná ṫú. 41Agus a duḃairt Ṗáraó ré Ióseṗ, Féuċ, do ċuir mé ós cionn críċe na Hégipte uile ṫú. 42Agus do ḃeán Ṗárao a ḟáinne dá láiṁ, agus do ċuir sé ar láiṁ Ióseṗ é, agus do ċuir sé culaiḋ ṡíoda uime, agus do ċuir slaḃra óir fa na ḃraġuid. 43Agus tug air dul air marcuiġeaċd san dara carbad do ḃí áige: agus do ḟúagradar roiṁe, filliḋ ḃar nglún: agus do rinne sé úaċdarán ḋe ós cionn criċe na Hégipte uile. 44Agus a duḃairt Ṗárao ré Ioseṗ, Is misi Ṗárao, agus gan tusa ní ṫoigeoḃuiḋ éanduine a láṁ na a ċos súas a ttaalaṁ na Hégipte uile. 45Agus do ġoir Ṗárao mar ainm do Ióseṗ Saṗnat-Ṗaaneah, agus tug sé mar ṁnáoi ḋó Asénat inġean Ṗotiṗerah sagart On: agus do ċuáiḋ Ióseṗ amaċ ar feaḋ ċríċe na Hégipte uile. 46Agus do ḃí Ióseṗ trioċad bliáḋan dáois a nuáir do ṡeas se a laṫair Ṗárao ríġ na Hégipte: agus do ċuáiḋ Ióseṗ amaċ as fiaġnuisi Ṗárao, agus do ċuaiḋ ar feaḋ críċe na Hégipte. 47Agus ann snaseaċd mbliaḋnuiḃ tóirrṫeaċa tug an talaṁ toráḋ úaḋ na ḋornánuiḃ. 48Agus do ċruinniġ seision súas beaṫa na seaċd mbliaḋan noċ do ḃí a ttalaṁ na Hégipte, agus do ċuir an bbeaṫa a ttaisgiḋ ann sna caiṫreacuiḃ: toraḋ na ḃfearann, do ḃí gaċ éantáoiḃ fá gcuáirt gaċ éanċaiṫreaċ, do ċuir sé a ttaisgiḋ innte féin é. 49Agus do ċruinniġ Ióseṗ arḃar mar ġainiṁ na fairge, róṁórán, nó go ndeaċuiḋ sé ó ċoṁáireaṁ; óir níor ḃféidir a áireaṁ. 50Agus rugaḋ dias mac do Ióseṗ suil ṫangadar blíaḋna na gorta, noċ rug Asénat ínġean Ṗotiṗera, sagart On, dó. 51Agus tug Ioseṗ Manasseh dainm ar an ccéidġin; óir do ṫug Día orúm, air sé, mo uile ṡáoṫar, agus tiġ máṫar uile do ḋearmad. 52Agus tug sé Eṗraim dainm ar an dara fear: óir do rinne Día síolṁar mé a ttalaṁ mo ḃuaiḋriḋ. 53Agus do críoċnuiġéaḋ na seaċd mbliaḋna tóirṫeaċa do ḃí a ttalaṁ na Hégipte. 54Agus do ṫosuiġeadar seaċd mbliaġna na gorta teaċd mar á duḃairt Ióseṗ; agus do ḃí an ġorta ann gaċ uile ṫír; aċ do ḃí arán a ttalaṁ na Hégipte uile. 55Agus a nuáir do ḃí gorta a gcríċ na Hégipte, do éiġṁeadar na dáoine ar Ṗárao díarruiġ aráin air: agus a duḃairt Ṗárao ris na Hégiptiḃ uile ímṫiġiḋ dionnsuiġe Ióseṗ; déanuiḋ an ní a déara sé riḃ. 56Agus do ḃí an ġorta ar aġuiḋ na talṁan uile: agus do oscuil Ióseṗ tiġṫe an stórúis uile, agus do reac ris na Hégiptiḃ: agus do ḟás an ġorta go trom á gcríċ na Hégipte. 57Agus táinig a nuile ṫír go Ióseṗ don Egipt do ċeannaċ arḃar, do ċionn go raiḃ an ġorta ċoṁṫrom sin ann gáċ entír.
Currently Selected:
Genesis 41: BedellG
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.