Genesis 40
40
Caibidil XL.
Aislinge ḋías oifigeaċ Ṗárao eidirṁiniġte le Ióseṗ. 14 Noċ rinne íúl dá ċoṁḟuasglaḋ.
1Agus tárla a ndiáiġ na neiṫeanso, gur ċuir buitléir agus báicéir riġ na Hégipte fearg ar a TTIĠEARNA riġ na Hégipte. 2Agus do fearguiḋeaḋ Ṗárao a naġuiḋ deisi dá oifigeaċuiḃ, a naġuiḋ an ṗrioṁḃuitléir agus an ṗríoṁḃáicéir. 3Agus do ċuir sé a láiṁ íad a ttiġ Ċaiptín an ġárda, don ṗriosúin, a náit a raiḃ Ióseṗ a láiṁ. 4Agus do ċuír Caiptín an ġárda a gcúram ar Ióseṗ, agus do ḃí ag foġnaṁ ḋóiḃ, agus do ḃádur seal a bpríusún, 5Agus do ċoncadur aráon aisling, gaċ áon aca a aisling féin a néanoiḋċe, gaċ neaċ aca do réir ḟriotail a aislinge; buitleir agús báicér riġ na Hégipte, noċ do ḃí ceanguilte san ṗríusún. 6Agus táinig Ióseṗ a steaċ ċugṫa ar maidin, agus do ḟéuċ orra, agus, féuċ, do ḃádar go duḃaċ. 7Agus do ḟiafruiġ sé doificeaċuiḃ Ṗárao do ḃí na ḟoċair a gcoiṁéud tiġe a ṫiġearna, ag ráḋ, Créad fa ḃfuiltísi coṁduḃaċ sin aniuġ. 8Agus a duḃradursan ris, Do ċoncamar aislinge, agus ní ḃfuil fear a ccialluiġe aguinn. Agus a duḃairt Jóseṗ riú, Naċ ré Día ḃeanas cialluġaḋ? guiḋim siḃ, innisiḋ ḋaṁsa íad. 9Agus do innis an táirdḃuitléir a aisling do Ióseṗ, agus a duḃairt ris, Ann maislingse, feuċ, do ḃí fíneaṁuin ar maġuiḋ; 10Agus annsa ḃfíneaṁuin do ḃádur trí beangáin, agus (do ḃí) aṁail do ḃiaḋ ag scinneaḋ amaċ, agus go raiḃ a ḃláṫ ag teaċd amaċ, agus go ttugadur a ttríopuill cáora apuiġe uaṫa. 11Agus do ḃí Cupán Ṗárao am láiṁsi, agus do ġlac mé na grápuiġe: agus dfáisg me a ccupán Ṗárao íad, agus tug mé an cupán a láiṁ Ṗárao. 12Agus a duḃairt Ióseṗ ris, A sé so a ċíall sin: na trí beangáin is tri lá íad sin. 13Giḋeaḋ fáoi ċionn trí lá fós toigeóḃuiḋ Ṗárao do ċeann súas, agus cuirfiḋ ad áit féin ṫú: agus so ḃéura tú Cupán Ṗárao na láiṁ, do nós an ċéd ṁóḋa a nuáir do ḃí tú ad ḃuitléir aige. 14Aċ cuiṁniġ ormsa a nuáir beaṫar go maiṫ agad, agus guiḋim ṫú taisbéin cineal daṁ, agus cuiṁniġ do Ṗárao, mé agus beir amaċ as a tiġsi mé. 15Oir as dearḃ gur ab é mo ġoid as críċ na Neaḃruiḋeaċ do rinneaḋ: ni ḋearna mé éinní annso mar an gceadna as a ccuirfidis ann sa ċarcairsi mé. 16A nuáir do ċonnuirc an tárdḃáicéir gur ṁaiṫ bríġ na haislinge, a duḃairt sé re Ioseṗ, Do ḃí misi mar an gceadna am aisling, agus, féaċ, do ḃí agam tri cléiḃíniġ bána ar mo ċionn: 17Agus annsa ċleiḃin uaċdaraċ do ḃí a nuile ṡórt bíḋ ḃácalta do Ṗárao; agus a dúadar na héunlaiṫ iad dom ċionn as na cléiḃíniḃ. 18Agus do ḟreagair Ióseṗ agus a duḃairt, Sé so a ċíall sin: Na trí cleiḃíniġ, trí lá íad sin. 19Giḋeaḋ fáoi ċionn ṫrí lá fós toigeóḃuidn Ṗárao do ċeann uáitsi, agus croċfuiḋ sé ar crann ṫú, agus iósuid na héunlaiṫ ṫfeóil díot. 20Agus tárla an treas lá, noċ ba lá bearṫa Ṗárao, go ndearna sé féusta dá ṡeirḃíseaċuiḃ uile: agus gur ṫóg súas ceann a nárdḃuitleir agus a nardḃáiceir ameasc a ṡerḃíseaċ. 21Agus do aisig sé an tárdḃuitléir ċum a ḃuitléireaċda a ris: agus tug sé an Cupán a láiṁ Ṗárao: 22Aċ do ċroċ sé an tárdḃáicéir: mar do innis Ióseṗ ḋóiḃ. 23Giḋéaḋ níor ċuiṁniġ an tárdḃuitléir air Ióseṗ, aċ do ḋearmuid se é.
Currently Selected:
Genesis 40: BedellG
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.