YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 12

12
Caibidil XII.
Goifear Abram. 10 Doċuaiḋ as Canaan don Egipt. 11 Ṡéun a ḃeun tré éagat.
1Anois a duḃairt an TIĠEARNA ré Abram, Eiriġ roṁad as do ṫír, agus ód ġáol, agus ó ṫiġ haṫar, go fearann ṫaisbenfus misi ḋuit: 2Agus do ḋéuna mé cineaḋ mór ḋíot, agus beannóċuiḋ mé ṫú, agus do ḋeuna mé hainm mór; agus biaiḋ tú ad ḃeannuġaḋ: 3Agus beannóċuiḋ mé an ṁéid ḃeannoċus ṫú, agus mailleoċuiḋ mé an té ṁailleoċas ṫú: is ionnadsa ḃeannóċar treaḃa an doṁuin uile. 4Mar sin do imṫiġ Abram, mar a duḃairt an TIĠEARNA ris: agus do ċuáiḋ Lot leis: agus do ḃí Abram seaċdṁoġad agus cúig ḃlíaġna dáois a nuáir do imṫiġ se as Háran. 5Agus rug Abram Sarai a ḃean, agus Lot mac a ḋearḃraṫar, agus a substaint uile noċ do ċruinniġeadar, agus na hanmanna fúaradar ann Háran: agus do ċúadar amaċ do ḋul go tir Ċanaáin; agus tangadar go tir Ċanaáin. 6Agus do ġluais Abram ṫríd an ḃfearann go háit Ṡiċem, go reiḋteaċ Moreh. Agus do ḃí an Canaaníteaċ ann tan sin san ḃfearann. 7Agus do ḟoillsiġ an TIĠEARNA é féin do Abram agus a duḃairt, Is dod ṡiolsa do ḃeara mean duṫaiḋsi: agus ann sin do rinne sé altóir don TIĠEARNA, noċ do ṫaisbein é féin dó. 8Agus do aṫruiġ sé as sin go slíaḃ táoḃ ṡoir do Ḃétel, agus do ṡuiḋiġ a ṗailliún, ar mḃeiṫ do Ḃetel don táoḃ ṡíar ḋe, agus Hái don táoiḃ ṡoir: agus do rinne altóir annsin don TIĠEARNA; agus do ġoir ar ainm an TIĠEARNA. 9Agus do aistriġ Abram, ag dul ar aġuiḋ a gcoṁnuiḋe don táoḃ ó ḋeas. 10Agus do ḃí gorta ann sa tir: agus do ċúaiḋ Abram síos don Egipt do ċoṁnúiġe ann sin; óir do ḃí an ġorta doilġeasaċ sa talaṁ. 11Agus tárla, a nuáir do ḃi sé ar teaċd a ḃfogus do ḋul a steaċ don Egipt, go nduḃairt sé re Sárai a ḃean, Féuċ annois, as aiṫne ḋaṁsa go ḃfúil tusa ad ṁnáoi sgiaṁaiḋ ré féaċúin ort: 12Uime sin teigeoṁaiḋ, nuáir do ċífid na Hégiptiġ ṫú, go naibeorúid síad, A sí so a ḃean; agus múirfid misí, agus coiṁneoċúid ṫusa beó. 13Gúiḋim ṫú, abair gur tú mo ḋeirḃṡiur; ċor go mbeiṫear go maiṫ ar do ṡonsa leam; agus go mairfiḋ manam ar do ṡonsa. 14Agus tárla, a nuáir ṫáinic Abram don Egipt, do ċoncadar na Hégiptiġ an ḃean go raiḃ si rosgiaṁaċ. 15Do ċoncadar mar an ccéadna prionnsuiḋe Ṗárao í, agus do ṁoladar í a laṫair Ṗárao: agus rugaḋ an ḃean a steaċ go tiġ Ṗárao. 16Agus do ḃi Ṗárao go maiṫ ré Abram air a son: agus do ḃádar cáoiriġ aige, agus daiṁ agus ásail, agus seirḃisiġ ḟear agus seirḃisiġ ban, agus banassail, agus cáṁúill. 17Agus do ṗláiġ an TIĠEARNA Ṗárao agus a ṫiġ lé pláġúiḃ móra ar son Ṡárai bean Abram. 18Agus do ġoir Ṗárao Abram, agus a duḃairt, Créad é so do rinne tú oram: créd nár innis tú ḋaṁ gur ḃí do ḃean í? 19Créd fá nduḃairt tú, a sí mo ḋearḃṡíur í? mar sin do ḟéadfuinnse a taḃairt mar ṁnáoi; úime sin a nois féuċ do ḃean, gaḃ ċugad í, agus imṫiġ roṁad. 20Agus tug Ṗárao áiṫne ḋá ṁuinntir ḋá táoiḃ: agus do ċuireadar ar siuḃal, é féin agus a ḃean agus a nuile ní do ḃí aige.

Currently Selected:

Genesis 12: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in