Gníomhartha 8
8
1Agus d’éiriġ géir‐leanṁain ṁór an lá sin i gcoinniḃ na h‐eaglaise do ḃí i nIarúsalem; agus do scaipeaḋ iad uile ar fud réigiúin Iúdaea agus Ṡamária, aċt aṁáin na h‐abstail. 2Agus d’aḋlaic daoine cráiḃṫeaċa Stiofán, agus do ċaoineadar é go h‐árd‐ġlóraċ. 3Aċt do ḃí Saul ag slad na h‐eaglaise, ag dul isteaċ ins gaċ aon tiġ, ag tarraing fear agus ban amaċ agus g‐á gcur i bpríosún.
4Aċt an méid díoḃ do scaipeaḋ d’imṫiġ siad rómpa ag craoḃscaoileaḋ an ḃriaṫair. 5Agus do ċuaiḋ Pilib síos go caṫair Ṡamária, agus d’ḟógair sé Críost dóiḃ annsin. 6Agus ṫug na sluaiġte aire d’aon toil do’n méid aduḃairt Pilib, nuair d’éisteadar leis, agus do ċonnacadar na cóṁarṫaí do‐rinne sé. 7Óir do ḃí mórán daoine as a dtáinig spioraidí neaṁ‐ġlana amaċ, ag éiġeaṁ go h‐árd: agus do leiġeasaḋ mórán go raiḃ pairilis orṫa, agus do ḃí ’n‐a máirtíneaċaiḃ. 8Agus ḃa ṁór an t‐áṫás do ḃí san gcaṫair sin.
9Aċt do ḃí fear aṁáin, darḃ ainm Síomón, do ḃí ag cleaċtaḋ draoiḋeaċta, agus ag meallaḋ muinntire Samária ar feaḋ tamaill roiṁe sin, g‐á ráḋ gur ḋuine mór éigin é féin: 10ṫug na daoine go léir, beag agus mór, aire ḋó, g‐á ráḋ, Cuṁaċt Dé an fear so an ċuṁaċt ar a dtugtar Mór. 11Agus ba é fáṫ fá ṫugadar aire ḋó, gur ċuir sé iongnaḋ mór orṫa le tamall fada le n‐a ċuid draoiḋeaċta. 12Aċt nuair do ċreideadar Pilib agus é ag craoḃscaoileaḋ i dtaoḃ ríoġaċta Dé agus ainme Íosa Críost, do baisteaḋ iad, idir ḟearaiḃ agus ṁnáiḃ. 13Agus do ċreid Síomón féin: agus iar n‐a ḃaisteaḋ, d’ḟan sé i ḃfoċair Ṗilib; agus nuair do ċonnaic sé cóṁarṫaí agus míorḃailtí móra d’a ndéanaṁ, ḃí iongnaḋ mór air.
14Nuair d’airiġ na h‐abstail do ḃí i nIarúsalem go raiḃ Samária tar éis briaṫar Dé go ġlacaḋ, do ċuireadar ċuca Peadar agus Eoin: 15agus nuair ṫáinig siad‐san, do ġuiḋeadar ar a son, go ḃfaiġidís an Spiorad Naoṁ: 16óir go dtí sin níor ṫuirling sé ar duine aca: ní dearnaḋ aċt iad do ḃaisteaḋ i n‐ainm an Tiġearna Íosa. 17Annsin do ċuireadar a láṁa orṫa, agus do ġlacadar an Spiorad Naoṁ. 18Nuair ṫug Síomón fá deara gur tré láṁa na n‐abstal d’á gcur orṫa tugaḋ an Spiorad Naoṁ, do ṫairg sé airgead dóiḃ, 19g‐á ráḋ, Taḃraiḋ ḋaṁ‐sa an ċuṁaċt sin, leis, go ḃfaiġeaḋ an té go gcuirfead mo láṁ air an Spiorad Naoṁ. 20Aċt aduḃairt Peadar leis, Scrios ar do ċuid airgid agus ort féin, toisc gur ċeapais go ḃféadfá saor‐ṫaḃartas Dé d’ḟáġáil ar airgead. 21Ní ḟuil baint ná páirt agat leis an ngnó so: óir ní ḟuil do ċroiḋe ceart i láṫair Dé. 22Déan aiṫriġe, d’á ḃriġ sin, san gcuirpṫeaċt so agat, agus cuir guiḋe ċum Dé, le súil go maiṫfiḋe ḋuit smaoineaḋ do ċroiḋe. 23Óir is léir ḋom go ḃfuilir i ndomblas seirḃṫin agus i ngreim an uilc. 24Agus d’ḟreagair Síomón agus aduḃairt, Guiḋiḋ‐se ċum Dé ar mo ṡon, ionnas naċ dtiocfaḋ orm éinniḋ de’n méid atá ráiḋte agaiḃ.
25Annsin, tar a éis dóiḃ fiaḋnaise do ṫaḃairt agus briaṫar an Tiġearna do laḃairt, d’ḟilleadar go h‐Iarúsalem, agus do ċraoḃscaoileadar an soiscéal ’n‐a lán de ḃailtiḃ beaga na Samáritánaċ.
26Aċt do laḃair aingeal an Tiġearna le Pilib, g‐á ráḋ, Éiriġ, agus imṫiġ ó ḋeas fá ḋéin an ḃealaiġ ṡeolas síos ó Iarúsalem go Gása: fásaċ atá ann. 27Agus d’éiriġ sé agus d’imṫiġ: agus féaċ, fear ó Étiópia, coillteánaċ réimeaṁail fá Ċandácé, bainríoġain na nÉtiópaċ, do ḃí i mbun a ciste go léir, ṫáinig sé go h‐Iarúsalem ċum aḋraḋ do ḋéanaṁ ann; 28agus do ḃí sé ag filleaḋ ar ais agus é ’n‐a ṡuiḋe ’n‐a ċarbad ag léiġeaḋ Ésáias fáiḋ. 29Agus aduḃairt an Spiorad le Pilib, Druid i n‐aice leis, agus téiġ san gcarbad sin. 30Agus do riṫ Pilib ċuige, agus d’airiġ sé é ag léiġeaḋ Ésáias fáiḋ, agus aduḃairt sé, An dtuigeann tú an méid atá agat d’á léiġeaḋ? 31Agus aduḃairt seisean, Cionnas is féidir liom a ṫuigsin, gan duine éigin ḃeiṫ ann le n‐a ṁíniú ḋom? Agus d’iarr sé ar Ṗilib teaċt aníos agus suiḋe ’n‐a aice. 32Agus is é seo an ċuid de’n scrioptúir do ḃí aige d’a léiġeaḋ,
Do treoruiġeaḋ é aṁail caora ċum báis;
Agus aṁail uan n‐a ṫost i láṫair a lomaire,
Níor ḟoscail sé a ḃéal:
33I n‐uṁlaċt do séanaḋ a ḃreiṫeaṁnas air:
Cia ḟoillseoċas a ġeinealaċ?
Óir scriostar a ṡaoġal de’n talaṁ.
34Agus d’ḟreagair an coillteánaċ agus aduḃairt sé le Pilib, Aṫċuinġim ort, cia air go laḃrann an fáiḋ é seo? an air féin, nó ar duine éigin eile? 35Agus d’ḟoscail Pilib a ḃéal, agus ag tosnú ḋó ó’n scrioptúir sin, d’innis sé i dtaoḃ Íosa ḋó. 36Agus san tsliġe ḋóiḃ, ṫángadar mar a raiḃ uisce; agus aduḃairt an coillteánaċ, Féaċ, an t‐uisce; Créad atá ag cur coisc lem’ ḃaisteaḋ? 38Agus d’órduiġ sé an carbad do ċur ’n‐a stad: agus do ċuadar beirt, Pilib agus an coillteánaċ, síos isteaċ san uisce; agus do ḃaist sé é. 39Agus nuair ṫángadar aníos as an uisce, d’ḟuaduiġ Spiorad an Tiġearna Pilib; agus ní ḟaca an coillteánaċ as sin amaċ é, óir d’imṫiġ sé ar a ḃóṫar agus árd‐áṫas air. 40Aċt fríṫ Pilib i nAsótos: agus ag gluaiseaċt tríd na bailtiḃ ḋó, do ċraoḃscaoil sé an soiscéal dóiḃ go léir, nó go dtáinig sé go Céasaria.
Currently Selected:
Gníomhartha 8: JOYNTG
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.