Gníomhartha 10
10
1Do ḃí fear darḃ ainm Cornélius i gCéasaria, ceanntúir ar an mbuiḋin Iodáiliġ, mar tugaḋ uirṫi, fear cráiḃṫeaċ, 2go raiḃ eagla Dé air féin agus ar a ṫeaġlaċ go léir, fear do‐ḃeireaḋ a lán déirce do na daoiniḃ, agus do ḃíoḋ de ġnáṫ ag guiḋe Dé. 3Do taiḋḃriġeaḋ ḋó go soiléir, tuairim na naoṁaḋ h‐uaire de’n lá, aingeal Dé ag teaċt ċuige isteaċ, g‐á ráḋ leis, A Ċornéliuis. 4Agus aduḃairt seisean, ag féaċaint go géar air, agus eagla air, Créad é sin, a Ṫiġearna? Agus aduḃairt sé leis, Atá t’urnaiġṫe agus do ċuid déirce imṫiġṫe suas mar ċuiṁneaċán i láṫair Dé. 5Agus anois cuir fir go h‐Ioppé agus cuir fios ar Ṡíomón, ar a dtugtar Peadar; 6atá sé ar lóistín i dtiġ Ṡíomóin, fear leasuiġṫe leaṫair, go ḃfuil a ṫeaċ i n‐aice na fairrge. 7Agus nuair d’imṫiġ an t‐aingeal do ḃí ag cainnt leis, do ġlaoḋ sé ċuige beirt d’á ṡeirḃíseaċaiḃ, agus saiġdiúir cráiḃṫeaċ díoḃ‐san do ḃíoḋ i gcóṁnaiḋe ag freastal air; 8agus tar a éis dó gaċ uile niḋ d’innsint dóiḃ, do ċuir sé go h‐Ioppé iad.
9Agus lá ar n‐a ḃáraċ, ag siuḃal dóiḃ‐sean, agus iad ag tarraing ar an gcaṫair, do ċuaiḋ Peadar suas ar ḃárr an tiġe, tuairim na séṁaḋ h‐uaire, ċum urnaiġe do ḋéanaṁ: 10agus ṫáinig ocras air, agus do ḃí sé ag tnúṫ le biaḋ: aċt an ḟaid a ḃíodar g‐á ullṁú, ṫáinig táiṁnéall air: 11agus do ċonnaic sé na flaiṫis ar ḟoscailt, agus soiṫeaċ, mar ḃéaḋ seol mór, ag tuirling, d’á leigin anuas, agus é ceangailte ar na ceiṫre cúinniḃ, ar an talaṁ: 12agus do ḃí ann beiṫiḋiġ ceiṫre gcos, agus piastaí agus éanlaiṫe an aeir de gaċ cineál. 13Agus do laḃair an guṫ leis, Éiriġ, a Ṗeadair; marḃ agus iṫ. 14Aċt aduḃairt Peadar, Ní ḋéanfainn sin, a Ṫiġearna; óir éinniḋ coitċeann ná neaṁ‐ġlan níor iṫeas riaṁ. 15Agus do laḃair an guṫ arís leis, an dara h‐uair, An niḋ do ġlan Dia, ná déan‐sa neaṁ‐ġlan é. 16Mar sin aduḃraḋ trí h‐uaire as a ċéile, agus ar ball do tógaḋ an soiṫeaċ ar ais isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ.
17Agus a ḟaid do ḃí Peadar ag iarraiḋ a ḋéanaṁ amaċ créad ba ċiall do’n aisling do ċonnaic sé, féaċ, na fir do ċuir Cornélius uaiḋ, tar a éis dóiḃ a ḟiafruiġe cá raiḃ teaċ Ṡíomóin, do ḃíodar ’n‐a seasaṁ ag an doras, 18agus do ġlaoḋadar agus d’ḟiafruiġeadar an raiḃ Síomón, ar a dtugtar Peadar, ar lóistín annsin. 19Agus ag maċtnaṁ do Ṗeadar ar an aisling, aduḃairt an Spiorad leis, Féaċ, atá triúr fear ’gad’ lorg. 20Aċt éiriġ, agus téiġ síos, agus imṫiġ i n‐éinḟeaċt leo, gan aṁras intinne ḃeiṫ ort: óir is mise do ċuir ċugat iad. 21Agus do ċuaiḋ Peadar síos ċum na ḃfear, agus aduḃairt, Féaċ, is mise an té atá siḃ d’iarraiḋ: cia an fáṫ go dtáinig siḃ? 22Agus aduḃradar‐san, Córnélius ceanntúir, fear cráiḃṫeaċ go ḃfuil eagla Dé air, agus go ḃfuil árd‐ṁeas ag an gcineaḋ Iúdaċ uile air, fuair sé fógraḋ ó aingeal naoṁṫa fios do ċur ort‐sa teaċt ċum a ṫiġe féin, agus éisteaċt le briaṫraiḃ uait. 23Annsin do ġlaoḋ sé isteaċ iad agus ṫug sé aoiġeaċt dóiḃ.
Agus d’éiriġ sé lá ar n‐a ḃáraċ agus d’imṫiġ sé amaċ i n‐éinḟeaċt leo, agus cuid de na bráiṫriḃ ó Ioppé ’n‐a gcuideaċtain. 24Agus an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċuadar isteaċ i gCéasaria. Agus do ḃí Cornélius ag feiṫeaṁ leo, agus a ġaolta agus a ċáirde cruinniġṫe le ċéile aige. 25Agus ṫárla, ag dul isteaċ do Ṗeadar, go ndeaċaiḋ Cornélius ċuige, agus do ṡléaċt sé ḋó ag a ċosaiḃ, ag déanaṁ onóra dó. 26Aċt do ṫóg Peadar suas é, g‐á ráḋ, Éiriġ id’ ṡeasaṁ; duine is eaḋ mé féin, leis. 27Agus do ċuaiḋ sé isteaċ agus é ag cainnt leis, agus fuair sé mórán daoine cruinn le ċéile ann: 28agus aduḃairt sé leo, Atá a ḟios agaiḃ féin naċ dlisteanaċ do’n Iúdaċ baint do ḃeiṫ aige le duine d’aon ċineaḋ eile, ná caidreaṁ do ḋéanaṁ leis; aċt ṫug Dia le tuigsin dom gan coitċeann ná neaṁ‐ġlan do ṫaḃairt ar aon duine: 29uime sin, nuair do cuireaḋ fios orm, ṫáinig mé gan cur ’n‐a ċoinniḃ. Fiafruiġim, d’á ḃriġ sin, cad ċuige ar cuireaḃar fios orm. 30Agus aduḃairt Cornélius, Ceiṫre lá ó ṡoin, go dtí an uair seo, do ḃíos ag guiḋe ar an naoṁaḋ h‐uair im’ ṫiġ: agus féaċ, do ḃí fear ’n‐a ṡeasaṁ im’ ḟiaḋnaise agus éadaċ geal air, 31agus aduḃairt sé, A Ċornéliuis, do h‐éisteaḋ led’ ġuiḋe, agus do cuiṁniġeaḋ ar do ċuid déirce i láṫair Dé. 32Cuir fios go h‐Ioppé, d’á ḃriġ sin, agus iarr ar Ṡíomón, ar a dtugtar Peadar, teaċt ċugat; cóṁnuiġeann sé i dtiġ Ṡíomóin fear leasuiġṫe leaṫair, cois na fairrge. 33Ar an aḋḃar sin do ċuireas fios ort‐sa; agus is maiṫ do‐rinnis agus teaċt. Sin é an fáṫ go ḃfuilmíd uile láiṫreaċ annso i ḃfiaḋnaise Dé, ċum ḃeiṫ ag éisteaċt le gaċ ar órduiġ Dia ḋuit a ráḋ. 34Agus d’ḟoscail Peadar a ḃéal, agus aduḃairt,
Go fírinneaċ is léir ḋom naċ ḃféaċann Dia do ḋuine seaċas a ċéile: 35aċt go mbíonn glacaḋ aige le gaċ cineaḋ go mbíonn a eagla air, agus ċleaċtuiġeas an ceart. 36An briaṫar do ċuir sé ċum clainne Israel, ag fógairt deaġ‐scéal síoṫċána tré Íosa Críost (is é Tiġearna ar ċáċ é) — 37is eol daoiḃ féin an briaṫar sin, do craoḃscaoileaḋ ar fud Iúdaea ar fad, ag tosnú ó’n nGalilé, tar éis an ḃaiste d’ḟógair Eoin; 38cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasarḋa leis an Spiorad Naoṁ agus le cuṁaċt: gur ġluais sé roiṁe ag déanaṁ deaġ‐ġníoṁ, agus ag leiġeas gaċ duine do ḃí fá smaċt an diaḃail; óir do ḃí Dia leis. 39Agus ataimíd‐ne ’n‐ár ḃfiaḋnaiḋṫiḃ do’n méid do‐rinne sé i gcríċ na nIúdaċ, agus i nIarúsalem; gur cuireaḋ ċum báis é, d’á ċroċaḋ ar ċrann. 40Do ṫóg Dia ó’n mbás é an treas lá, agus ṫug sé le feicsin é, ní do’n ṗobal go léir, 41aċt d’ḟiaḋnaiḋṫiḃ do ḃí toġṫa ag Dia roiṁ ré, dúinne, do ḃí ag iṫe agus ag ól ’n‐a ḟoċair tar a éis dó aiséirġe ó na marḃaiḃ. 42Agus d’órduiġ sé ḋúinn laḃairt leis na daoiniḃ agus a ḋearḃú gur ab eisean an té atá ceapṫa ag Dia ċum ḃeiṫ ’n‐a ḃreiṫeaṁ ar ḃeoḋaiḃ agus ar ṁarḃaiḃ. 43Is dó‐san do‐ḃeir na fáiḋe go léir fiaḋnaise, gur ’n‐a ainm‐sean gaċ éinneaċ ċreideas ann do‐ġeoḃaiḋ sé maiṫeaṁnas na bpeacaḋ.
44Le linn Peadar ḃeiṫ ag laḃairt na mbriaṫar sin, do ṫuirling an Spiorad Naoṁ orṫa‐san do ḃí ag éisteaċt leis an mbriaṫar. 45Agus luċt an timċeall‐ġearrṫa do ċreid, an méid díoḃ ṫáinig i n‐éinḟeaċt le Peadar, do ḃí iongnaḋ mór orṫa de ḃriġ gur doirteaḋ tíoḋlacaḋ an Spioraid Naoṁ ar an Cineaḋaċaiḃ féin. 46Óir d’airiġeadar iad ag laḃairt as teangṫaċaiḃ, agus ag aḋṁolaḋ Dé. Annsin aduḃairt Peadar, 47An féidir le duine ar biṫ uisce do ḋiúltaḋ ḋúinn, gan leigin dúinn na daoine seo do ḃaisteaḋ, iad so do ġlac an Spiorad Naoṁ ċóṁ maiṫ linne? 48Agus d’órduiġ sé iad do ḃaisteaḋ i n‐ainm Íosa Críost. Annsin d’impiḋeadar air fanaṁain aca roinnt laeṫe.
Currently Selected:
Gníomhartha 10: JOYNTG
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.