YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 139

139
Salm 139.
Domine, probasti.
1A Thiarna, is tú a thomhais mé agus a chuir eolas orm: is feasach duit mo shuí agus mʼéirí; tuigeann tú mo smaointe i bhfad roimh ré.
2Bíonn tú i dtimpeall mo chosáin, agus i dtimpeall mo leapa: agus breathnaíonn tú mo shlite go huile.
3Óir níl focal dá mbíonn ar mo theanga: nach feasach duit é ar fad, a Thiarna.
4Dhruid tú a bhfuil i mo dhiaidh agus romham: agus leag tú do lámh orm.
5Is mór liom feabhas agus oirirceas an eolais sin: téann sé ar fad thar mʼacmhainn.
6Cá rachaidh mé mar sin ó do spiorad: nó cá n‑imeoidh mé ó bheith i do láthair?
7Má théim suas chun neimhe, bíonn tú ansin romham: má théim síos go hifreann, bíonn tú romham ansin fós.
8Má chuirim orm sciatháin na maidine: agus fanacht sa chearn is faide den fharraige;
9San áit sin féin beidh do lámh do mo sheoladh: agus greim ag do láimh dheas orm.
10Má deirim, bʼfhéidir go bhfolóidh an dorchadas mé: athrófar ansin oíche ina lá.
11Is ea, ní dorcha leat an dorchadas, ach bíonn an oíche chomh soiléir leis an lá: is cuma leat cé acu ina dhorchadas nó ina sholas é.
12Óir is leat mo dhuáin: is tú a chumhdaigh mé i mbroinn mo mháthar.
13Is leat a thabharfaidh mé buíochas, mar is uafásach, iontach mar a rinneadh mé: is míorúilteach dʼoibreacha, agus tá a shárfhios sin ag mʼanamsa.
14Níor ceileadh ort mo chnámha: nuair a bhítí do mo dhéanamh os íseal, agus nuair a dhéantaí mé in íochtar an talaimh.
15Chonaic do shúile mo mheall faoi anchuma: agus scríobhadh mo bhaill uile i do leabhar.
16A bhíodh á ndéanamh ó lá go lá: sular tháinig ann dóibh.
17Nach mór liom do chomhairlí, a Dhia: nach áibhéil a méid!
18Má théim á gcomhaireamh, ní lia gaineamh na trá ná iad: nuair a dhúisím, bím i do láthair.
19Nach maróidh tú lucht an oilc, a Dhia: imigí uaim, a lucht na fionaíle.
20Óir cuireann siad míchlú ort: agus tugann do naimhde dʼAinm gan fáth.
21Nach mbíonn fuath agam, a Thiarna, don dream a thug fuath duit: agus nach mbíonn olc agam don lucht a chuireas id aghaidh?
22Is dóibh a thug mé an dubhfhuath: is é fuath na naimhde atá agam dóibh.
23Féach mé, a Dhia, agus breathnaigh an mianach atá i mo chroí: promhaigh mé, agus scrúdaigh mo smaointe.
24Amharc an bhfuil aon tslitheantacht ionam: agus bí do mo sheoladh ar shlí na síoraíochta.

Currently Selected:

Na Sailm 139: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in