YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 4:9-12

Lúcás 4:9-12 ABN2012

Ansin sheol sé go hIarúsailéim é, chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith thú féin as seo síos; óir tá scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil mar gheall ort, chun go ngardálfaidís thú’; agus: ‘Iompróidh siad ina lámha thú, le heagla go mbuailfeá do chos faoi chloch.’” Dúirt Íosa leis dá fhreagairt: “Tá ráite: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’”