Gníomhartha 7
7
Stiofán dá Chosaint Féin
1Ansin dʼfhiafraigh an t-ard-sagart de: “An bhfuil seo amhlaidh?” Dʼfhreagair Stiofán: 2“A bhráithre agus a aithreacha,” ar seisean, “éistigí liom. Thaispeáin Dia na Glóire é féin dár n-athair Abrahám nuair a bhí sé sa Mheaspatáim sula ndeachaigh sé chun cónaithe i Hárán 3agus dúirt sé leis: ‘Fág do thír agus do mhuintir agus gluais leat chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit.’ 4Leis sin dʼfhág sé Tír na gCaildéach agus chuaigh chun cónaithe i Hárán. Agus tar éis bhás a athar, dʼaistrigh Dia as sin é chun na tíre ina bhfuil sibh-se in bhur gcónaí anois. 5Níor thug Dia seilbh dó, áfach, ar a oiread agus fód de thalamh na tíre: ach gheall sé go dtabharfadh sé dó é agus dá shliocht ina dhiaidh, siúd is nach raibh aon sliocht air san am. 6Seo mar a labhair Dia: ‘Beidh do shliocht ar deoraíocht i dtír iasachta, agus cuirfear faoi dhaorsmacht agus faoi leatrom iad go ceann ceithre chéad bliain; 7ach an cine a mbeidh siad faoi dhaoirse acu, tabharfaidh mé daorbhreith orthu,’ arsa an Tiarna, ‘agus ina dhiaidh sin tiocfaidh siad amach as an tír sin agus tabharfaidh ómós dom-sa san áit seo.’
8“Ansin rinne Dia conradh an timpeallghearrtha leis, agus mar sin nuair a rugadh Íosác, rinne Abrahám é a thimpeallghearradh ar an ochtú lá. Rinne Íosác an rud céanna le hIacób agus rinne Iacób é leis an dáréag uasalaithreacha. 9Bhí éad ag na huasalaithreacha le hIósaef agus dhíol siad san Éigipt é. Ach bhí Dia leis 10agus thug sé slán é ó gach gábh dá raibh i ndán dó, bhronn air grástúlacht agus eagna i bhfianaise Fharó, rí na hÉigipte, agus rinne ceannaire ar an Éigipt de agus ceann ar an teaghlach ríoga. 11Ansin tháinig gorta ar fud na hÉigipte agus ar fud Chanán. Lean cruatan mór é agus gan aon lón bia le fáil ag ár n-aithreacha. 12Nuair a chuala Iacób go raibh arbhar le fáil san Éigipt chuir sé ár n-aithreacha ann den chéad uair. 13Ar an dara turas nocht Iósaef é féin dá dheartháireacha agus fuair Faró fios cér dhíobh é Iósaef. 14Ansin chuir Iósaef fios ar a athair, Iacób, agus ar an teaghlach go léir, cúig dhuine seachtód díobh san iomlán. 15Chuaigh Iacób síos chun na hÉigipte, áit a bhfuair sé bás, é féin agus ár n-aithreacha. 16Aistríodh a gcoirp go Seicim, áfach, agus cuireadh iad sa tuama úd a bhí ceannaithe ann ag Abrahám ar shuim airgid ó chlann Hamór i Seicim.
17“Nuair a bhí an t-am ag teacht go gcomhlíonfaí an gealltanas a thug Dia dʼAbrahám, bhí ár muintir san Éigipt dulta i méid agus i líonmhaireacht 18nó gur tháinig rí i gcoróin ann nárbh aithnid dó Iósaef. 19Dʼimir an rí seo calaois ar ár gcine. Rinne sé leatrom ar ár sinsir agus chuir dʼfhiacha orthu a leanaí a chaitheamh amach i dtreo nach mairfidís.
20“Ag an am seo is ea a rugadh Maois. Ba an-chaithiseach an leanbh é agus oileadh ar feadh trí mhí i dteach a athar é 21ach nuair a cuireadh amach é, thóg iníon Fharó é agus rinne sí é a oiliúint amhail is dá mba mhac léi féin é. 22Múineadh eagna uile na nÉigipteach dó agus is é a bhí cumasach i mbriathar agus i ngníomh.
23“Bhí sé ag tarraingt ar an daichead nuair a bhuail an smaoineamh é dul ag fiosrú a mhuintire féin, clann Iosrael. 24Nuair a chonaic sé éagóir dá déanamh ar dhuine acu, chuaigh sé dá chosaint, threascair sé an tÉigipteach agus bhain díoltas amach don té a ndearnadh éagóir air. 25Mheas sé go dtuigfeadh a mhuintir gur dá bhfuascailt a chuir Dia chucu é, ach níor thuig. 26Lá arna mhárach tháinig sé orthu agus iad ag bruíon le chéile agus nuair a dʼfhéach sé le síocháin a dhéanamh eatarthu, dá rá: ‘A fheara, nach bráithre sibh? Cad uime a bhfuil sibh ag déanamh éagóra ar a chéile?’ 27An fear a bhí ag déanamh na héagóra ar a chomharsa, bhrúigh sé Maois uaidh dá rá: ‘Cé a cheap thusa i do cheann urra agus i do bhreitheamh orainn? 28An mé a mharú is áil leat mar a mharaigh tú an tÉigipteach úd inné?’ 29Ar chlos na cainte sin do Mhaois, theith sé agus bhí sé ina dheoraí i Midián, áit ar ghin sé beirt mhac.
30“Daichead bliain ina dhiaidh sin thaispeáin aingeal an Tiarna é féin dó i lasair an toir i bhfásach Shliabh Shíonáí. 31Chuir an radharc ionadh ar Mhaois, agus nuair a dhruid sé in aice an toir dá bhreithniú, tháinig guth an Tiarna chuige: 32‘Mise Dia do shinsear, Dia Abrahám agus Íosác agus Iacób.’ Thosaigh Maois ar chrith agus ní leomhfadh sé breithniú air. 33Ansin labhair an Tiarna leis: ‘Bain díot do chuaráin,’ ar seisean, ‘mar is talamh naofa an ball ina bhfuil tú i do sheasamh. 34Tá droch-íde mo phobail san Éigipt feicthe agam go dearfa–tá a gcuid osna cloiste agam agus tháinig mé dá bhfuascailt. Agus seo anois, táim chun tusa a chur mar theachtaire go dtí an Éigipt.’
35“An Maois seo ar dhiúltaigh siad dó dá rá: ‘Cé a cheap thusa i do cheann urra agus i do bhreitheamh orainn,’ sin é an fear a sheol Dia chucu ina cheann agus ina fhuascailteoir le cabhair an aingil a thaispeáin é féin dó ag an tor. 36Eisean a sheol amach iad agus a rinne éachtaí agus míorúiltí i dtír na hÉigipte agus ag an Muir Rua agus sa bhfhásach ar feadh daichead bliain. 37Sin é an Maois céanna a dúirt le clann Iosrael: ‘Ardóidh Dia fáidh eile daoibh as bhur gcine féin faoi mar a dʼardaigh sé mise.’ 38Sin é an fear a bhí leis an bpobal sa bhfhásach i gcuideachta an aingil a labhair leis ar Shliabh Shíonáí, agus i gcuideachta ár sinsear, agus a fuair briathra beo le tabhairt dúinne. 39Ach ní ghéillfeadh ár sinsir dó: thug siad droim láimhe dó agus dʼiompaigh a gcroí ar an Éigipt athuair, 40dá rá le hÁrón: ‘Déan dúinn déithe a ghluaisfidh romhainn. An Maois seo a sheol as tír na hÉigipte sinn, ní fheadramar cad a dʼimigh air.’ 41agus rinne siad íomhá lao sna laethanta sin agus dʼofráil íobairt don íol agus rinne siad aoibhneas as saothar a lámh. 42Ach dʼiompaigh Dia uathu agus lig dóibh adhradh a thabhairt do na ranna Neimhe de réir mar atá scríofa i leabhar na bhfáithe:
‘Ní dom-sa a thug sibh tíolacthaí agus íobairt
ar feadh daichead bliain sa bhfhásach,
a theaghlach Iosrael;
43is í both Mholoch a rinne sibh a iompar
agus réalta Ráífean, bhur ndia;
bʼin iad na híomhánna a rinne sibh le hadhradh
agus díbreoidh mé sibh thar an mBablóin soir.’
44“Bhí both an fhoilsithe ag ár sinsir sa bhfhásach. An té úd a bhíodh ag labhairt le Maois, dʼordaigh sé dó í a dhéanamh de réir an phatrúin a bhí feicthe aige. 45Fuair an chéad ghlúin eile dár sinsir í mar oidhreacht agus thug siad féin agus Iósua isteach leo í i ndúiche na gciníocha a ruaig Dia amach rompu; agus dʼfhan sí ann go dtí aimsir Dháiví. 46Fuair Dáiví gean ó Dhia agus dʼiarr sé cead air áitreabh a fháil do Dhia Iacób. 47Ach ba é Solamh a thóg teach dó. 48Ar a shon sin ní chónaíonn an té is airde i dtithe lámhdhéanta, de réir mar a deir an fáidh:
49Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga,
agus an talamh stól mo chos.
Cén sórt tí a thógfaidh sibh-se dom, arsa an Tiarna,
nó cá mbeidh mʼáit chónaithe?
50Nach í mo lámh-sa a rinne na nithe seo uile?’
51“Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh. 52Cén duine de na fáithe nach ndearna bhur sinsir géar-leanúint air? Agus dʼimir siad an bás orthu siúd a thairngir teacht an Fhíréin. Agus anois tá sibh-se tar éis é a bhrath agus a chur chun báis, 53sibh-se a fuair an dlí trí bhíthin na n-aingeal ach nár choimeád é.”
Stiofán dá Chlochadh
54Chuaigh an chaint sin trí chroí a lucht éiste agus tháinig díoscán fiacla orthu chuige. 55Ach bhí seisean lán den Spiorad Naomh, agus, ag féachaint in airde chun na bhflaitheas dó, chonaic sé glóir Dé agus Íosa ina sheasamh ar dheis Dé. 56“Féach,” ar seisean, “feicim na flaithis ar oscailt agus Mac an Duine ina sheasamh ar dheis Dé.” 57Leis sin lig siad béic ard astu agus gan éisteacht le focal eile thug siad ruathar faoi in éineacht, 58thiomáin amach as an gcathair é agus thosaigh siad ar ghabháil de chlocha air. Dʼfhág na finnéithe a mbrait ag cosa ógfhir darbh ainm Sól. 59Fad a bhí siad dá chlochadh bhí Stiofán ag glao os ard dá rá: “A Thiarna Íosa, glac chugat mʼanam.” 60Ar thitim dó ar a ghlúine scread sé in ard a ghutha: “A Thiarna, ná hagair orthu an peaca seo.”
Currently Selected:
Gníomhartha 7: ABN2012
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.