YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 10

10
Aisling Choirnéilias
1Bhí i gCaesairia fear darbh ainm Coirnéilias, taoiseach céid ar an gCathlán Iodálach mar a thugtar air. 2Fear cráifeach ba ea é agus bhí sé féin agus a theaghlach ar fad ómósach do Dhia; thugadh sé déirc go fial don phobal agus dhéanadh guí chun Dé go buan. 3Lá amháin timpeall a trí a chlog tráthnóna chonaic sé go soiléir in aisling aingeal Dé ag teacht chuige agus ag rá: “A Choirnéilias.” 4Stán sé ar an aingeal le scanradh agus dúirt: “Cad é sin, a dhuine uasail?” Dʼfhreagair an t-aingeal: “Tá dʼurnaithe agus do dhéirc imithe suas i bhfianaise Dé agus tá cuimhne aige orthu. 5Agus anois, cuir-se fir go hIopae ag triall ar Shíomón áirithe dar comhainm Peadar. 6Tá sé ar aíocht ag Síomón Súdaire a bhfuil a theach ar bhruach na farraige.” 7Nuair a dʼimigh an t-aingeal a bhí ag caint leis, ghlaoigh sé chuige beirt dá sheirbhísigh agus duine diaganta de na saighdiúirí a bhí faoina réir, 8dʼaithris dóibh an scéal tríd síos agus chuir chun siúil go hIopae iad.
Aisling Pheadair
9Lá arna mhárach timpeall meán lae, bhí siad ag cur na slí díobh agus iad ag tarraingt ar an gcathair, nuair a chuaigh Peadar in airde go huachtar an tí ag guí. 10Tháinig ocras air agus fonn ite, ach fad a bhí siad ag ullmhú an bhia dó, thit támhnéal air: 11chonaic sé an spéir ar oscailt agus rud éigin mar a bheadh braillín mhór ag teacht anuas: í crochta as na ceithre chúinne agus í dá ligean anuas chun talaimh. 12Istigh ann bhí an uile ainmhí ceathairchosach agus phéist agus éanlaith an aeir. 13Agus labhair an guth leis: “Éirigh, a Pheadair, maraigh rud éigin agus ith.” 14“Nár lige Dia sin, a mháistir,” dʼfhreagair Peadar, “mar níor ith mé riamh aon ní a bhí mínaofa ná neamh-ghlan.” 15Labhair an guth leis athuair: “An ní atá íonghlanta ag Dia ná tabhairse rud neamh-ghlan air.” 16Tharla sé seo trí huaire agus ansin tógadh an rud ar ais in airde sa spéir.
17Bhí mearbhall ar Pheadar i dtaobh bhrí na físe a bhí feicthe aige: idir an dá linn bhí na fir a chuir Coirnéilias uaidh tar éis tuairisc theach Shíomóin a chur agus bhí siad ina seasamh ag an doras faoin am seo 18ag glaoch agus ag fiafraí an raibh Síomón dar chomhainm Peadar ar aíocht ann.
19Bhí Peadar fós ag machnamh ar an bhfís nuair a dúirt an Spiorad leis: “Féach, tá fir do do lorg. 20Éirigh i do shuí, gábh síos chucu agus gluais in éineacht leo. Agus ná bíodh aon cheist ort mar is mise a chuir chugat iad.” 21Chuaigh Peadar síos chun na bhfear agus dúirt leo: “Is mise an té atá uaibh. Cad é an gnó a thug anseo sibh?” 22Dʼfhreagair siad-san dó: “Coirnéilias taoiseach céid a chuir anseo sinn. Fear ionraic diaganta is ea é a bhfuil ard-mheas ag an gcine Giúdach ar fad air, agus fuair sé ordú ó aingeal naofa fios a chur ort-sa chun a thí agus éisteacht lena bhfuil le rá agat.” 23Dʼiarr Peadar isteach iad, dá bhrí sin, agus thug aíocht dóibh.
Dʼéirigh sé lá arna mhárach agus dʼimigh sé lena gcois agus cuid de na bráithre ó Iopae ina theannta, 24agus bhain sé Caesairia amach an lá dár gcionn. Bhí Coirnéilias ag feitheamh leis agus é tar éis a ghaolta agus a dhlúth-chairde a ghlaoch le chéile. 25Nuair a bhí Peadar ar tí dul isteach tháinig Coirnéilias ina araicis agus dʼumhlaigh go talamh ag déanamh ómóis dó. 26Thóg Peadar suas é áfach, dá rá: “Éirigh i do sheasamh. Níl ionamsa ach fear ar do dhála féin.” 27Chuaigh sé isteach ag comhrá leis agus fuair sé slua mór daoine cruinnithe ann, 28agus labhair sé leo: “Tuigeann sibh go maith nach dleathach do Ghiúdaigh caidreamh a bheith acu le lucht cine eile, ná dul ar cuairt féin chucu. Thaispeáin Dia dom-sa, áfach, gan duine mínaofa ná neamh-ghlan a thabhairt ar neach ar bith. 29Dá chomhartha sin tháinig mise anseo gan cheist gan doicheall an túisce a cuireadh fios orm. Ceist agam oraibh dá bhrí sin: cad uime ar chuir sibh fios orm, fiafraím díbh?”
30Dʼfhreagair Coirnéilias: “An taca seo trí lá ó shin bhíos ag rá mʼurnaithe tráthnóna i mo theach nuair a sheas duine os mo chomhair agus é cóirithe in éadaí geala. 31‘A Choirnéilias,’ ar sé, ‘tá éiste le do ghuí agus tá cuimhne ar do dhéirc i bhfianaise Dé. 32Cuir fios, dá bhrí sin, go hIopae ar Shíomón dar comhainm Peadar; tá sé ar aíocht i dteach Shíomóin Súdaire ar bhruach na farraige.’ 33Mar sin chuir mé fios ort láithreach bonn–agus ba mhaith uait teacht. Anois táimid go léir anseo i bhfianaise Dé chun éisteacht le gach ar ordaigh an Tiarna duit.”
Óráid Pheadair
34Ansin thosaigh Peadar ag labhairt: “Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile 35ach cibé duine a thugann ómós dó agus a dhéanann an ceart, gur taitneamhach an duine sin dó is cuma cén cine ar díobh é. 36Sin é an teachtaireacht a chuir sé go dtí clann Iosrael nuair a dʼfhógair sé dea-scéal na síochána dóibh trí Íosa Críost–an té atá inA Thiarna ar chách uile. 37Tá a fhios agaibh an rud a thit amach ar fud Iúdáia, tar éis dó tosú sa Ghailíl i ndiaidh an bhaiste a dʼfhógair Eoin, 38an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis. 39Agus is finnéithe sinn ar gach ní dá ndearna sé i dtír na nGiúdach agus in Iarúsailéim. Chuir siad chun báis é dá chrochadh ar chrann, 40ach thóg Dia ón mbás an treas lá é agus thug le feiceáil é, 41ní don phobal ar fad é, ach do na finnéithe a bhí réamhcheaptha ag Dia, is é sin le rá, dúinne. Chaitheamar bia agus deoch ina theannta tar éis a aiséirithe ó mhairbh 42agus dʼordaigh sé dúinn a fhógairt don phobal agus a dhearbhú gurb é atá ceaptha ag Dia ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh. 43Agus is air a thugann na fáithe uile an fhianaise seo go bhfuil maithiúnas peacaí le fáil ina ainm ag an uile dhuine a chreideann ann!”
Págánaigh dá mBaisteadh
44Ní raibh an méid sin ráite ag Peadar nuair a tháinig an Spiorad Naomh anuas ar a raibh ag éisteacht lena theachtaireacht. 45Bhí alltacht ar na creidmhigh Ghiúdacha a bhí tagtha in éineacht le Peadar a fheiceáil gur doirteadh tabhartas an Spioraid Naoimh ar na págánaigh freisin, 46mar chuala siad ag caint iad i dteangacha agus ag móradh Dé. 47Ansin labhair Peadar leo: “Cé a dʼfhéadfadh uisce a mbaiste a dhiúltú do na daoine seo agus iad tar éis an Spiorad Naomh a fháil chomh maith linn féin?” 48Agus dʼordaigh sé iad a bhaisteadh in ainm Íosa Críost. Ansin dʼiarr siad air fanacht ina dteannta ar feadh roinnt laethanta.

Currently Selected:

Gníomhartha 10: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in