Eoin 21:15-17
Eoin 21:15-17 ATN1951
Annsin, nuair do bhí ithte aca, adubhairt Íosa le Peadar, A Shíomóin Eoin, an annsa leat‐sa ’ná leo so mé? Adubhairt seisean leis, Is eadh, a Thighearna is eol duit gur ab ionmhain liom thú. Adubhairt sé leis, Beathuigh m’uain. Adubhairt sé arís leis an dara h‐uair, A Shíomóin Eoin, An bhfuil grádh agat dom? Adubhairt seisean leis, Atá, a Thighearna: atá a fhios agat gur ab ionmhain liom thú. Adubhairt sé leis, Bí id’ aodhaire dom’ chaoiribh. Adubhairt sé leis an tríomhadh h‐uair, A Shíomóin Eoin, An ionmhain leat mé? Do ghoill sé ar Pheadar go ndubhairt sé leis an tríomhadh h‐uair, An ionmhain leat mé? Agus adubhairt sé leis, A Thighearna, is eol duit an uile nidh; atá a fhios agat gur ab ionmhain liom thú. Adubhairt Íosa leis, Beathuigh mo chaoirigh.