YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 18

18
1I n‐a dhiaidh sin d’imthigh sé ó Chathair na h‐Aithne, agus tháinig sé go Coirinnt. 2Agus fuair sé Iúdach áirithe annsin darbh ainm Aculas, fear rugadh i bPontus, tháinig tamall roimhe sin ó’n Iodáil, mar aon le n‐a bhainchéile Priscilla, de bhrigh gur órduigh Claudius do na h‐Iúdachaibh go léir imtheacht ó’n Róimh: 3agus tháinig sé chuca‐san; agus, toisc é bheith ar aon cheárd leo, d’fhan sé aca, agus d’oibrigh sé ’n‐a bhfochair, óir ba dhéantóirí pailliún iad de réir ceirde. 4Agus gach sabóid do bhí ann bhíodh sé ag pléidhe san tsionagóig, ag iarraidh Gréagaigh agus Iúdaigh do thabhairt leis.
5Acht nuair tháinig Sílas agus Timótéus anuas ó’n Maiceadóin, do labhair Pól an briathar le lán‐dúthracht, g‐á dhearbhú do na h‐Iúdachaibh gur ab é Íosa an Críost. 6Agus nuair do chuireadar ’n‐a choinnibh, ag cainnt go masluightheach, do chroth sé a chuid éadaigh, agus adubhairt sé leo, Ar bhúr gceann féin go raibh bhúr gcuid fola; atáim‐se glan: as so amach rachfad chum na gCineadhach. 7Agus d’imthigh sé ó’n áit sin, agus do‐chuaidh sé isteach i dtigh duine darbh ainm Titus Iustus, duine do bhí umhal do Dhia, go raibh a theach láimh leis an tsionagóig. 8Agus do chreid Crispus, uachtarán na sionagóige, san Tighearna, é féin agus muinntear a theaghlaigh go léir; agus do chreid mórán de na Coirinnteachaibh do bhí ag éisteacht leis, agus do baisteadh iad. 9Agus adubhairt an Tighearna le Pól i n‐aisling na h‐oidhche, Ná bíodh eagla ort, acht labhair gan do bhéal do chosc: 10óir atáim‐se leat, agus ní thiocfaidh aoinneach dod’ ionnsaighe le dochar do dhéanamh dhuit: óir atá a lán mór daoine agam san gcathair seo. 11Agus d’fhan sé annsin bliadhain agus sé mí, ag teagasc briathair Dé ’n‐a measc.
12Acht an tráth ’n‐a raibh Gallió ’n‐a phróconsúl i nAcháia, d’éirigh na h‐Iúdaigh de thoil a chéile i gcoinnibh Phóil, agus thugadar os cómhair cathaoireach an bhreitheamhnais é, 13g‐á rádh, Atá an fear so g‐á thafann orainn Dia d’adhradh i n‐aghaidh an reachta. 14Acht nuair do bhí Pól ag tosnú ar labhairt, adubhairt Gallió leis na h‐Iúdachaibh, Dá mba ceist éagcóra nó cuirptheachta é, a Iúdacha, ba cheart go dtiubhrainn éisteacht daoibh: 15acht má’s ceisteanna i dtaobh focal agus anmann, agus i dtaobh bhúr ndlighe féin é, féachaidh féin chuige; ní h‐áil liom‐sa bheith im’ bhreitheamh ar a leithéidibh sin. 16Agus do chuir sé as cathaoir an bhreitheamhnais amach iad. 17Agus rugadar uile ar Shostenés, uachtarán na sionagóige, agus do bhuaileadar é os cómhair cathaoireach an bhreitheamhnais. Agus níor chuir Gallió suim dá laighead ins na neithibh sin.
18Agus tar a éis do Phól tamall maith eile do chaitheamh annsin, d’fhág sé slán ag na bráithreachaibh, agus do chuaidh sé ar luing go Siria, agus Priscilla agus Aculas i n‐éinfheacht leis; tar éis a chinn do bhearadh i gCenchréa: óir do bhí ceangal móide air. 19Agus tháinig siad go h‐Eiféis, agus d’fhág sé annsin iad: acht do chuaidh sé féin isteach san tsionagóig, agus do bhí sé ag diospóireacht leis na h‐Iúdachaibh. 20Agus nuair d’iarradar air fanamhain ní b’fhuide, níor thoiligh sé chuige; 21acht d’fhág sé slán aca, g‐á rádh, Fillfead cugaibh arís, má’s toil le Dia é, agus d’imthigh sé ar luing ó Eiféis. 22Agus ar ndul i dtír dhó i gCéasaria, do chuaidh sé suas ag cur tuairisce na h‐eaglaise, agus annsin chuaidh sé síos go h‐Antuaigh. 23Agus tar a eis do tamall do chaitheamh annsin, d’imthigh sé, agus do ghluais sé ar fud réigiúin Ghalátia agus Frigia i ndiaidh a chéile, ag neartú na ndeisceabal go léir.
24Agus tháinig go h‐Eiféis Iúdach amháin darbh ainm Apollós, Alecsandríneach, fear an‐léigheanta, agus eolas mór ar na scrioptúiribh aige. 25Do bhí an fear so oilte i slighe an Tighearna; agus ó bhí díoghrais croidhe aige, do labhair agus do mhúin sé go cruinn i dtaobh Íosa, gan ar eolas aige acht baisteadh Eoin: 26agus do thosnuigh sé ar labhairt go dána san tsionagóig. Acht nuair d’éist Priscilla agus Aculas leis, thugadar leo é, agus do mhínigheadar slighe an Tighearna ní ba chruinne dhó. 27Agus nuair do cheap sé imtheacht go h‐Acháia, thug na bráithreacha meisneach dhó, agus do scríobhadar chum na ndeisceabal g‐á iarraidh ortha a ghlacadh: agus nuair tháinig sé, thug sé congnamh mór dóibh‐sean do chreid tré ghrása: 28óir do sháruigh sé go bríoghmhar ar na h‐Iúdachaibh go poiblidhe san diospóireacht, g‐a chrothú dhóibh gurbh é Íosa an Críost.

Currently Selected:

Gníomhartha 18: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in