Gníomhartha 17
17
1Annsin, ag gabháil tré Amfipolis agus tré Apollónia dhóibh, thángadar go Tessaloníca, mar a raibh sionagóg ag na h‐Iúdachaibh: 2agus do chuaidh Pól isteach chuca, mar ba ghnáth leis, agus ar feadh trí lá sabóide, do bhí sé ag diospóireacht leo as na scrioptúiribh, 3g‐á mhíniú agus g‐á áiteamh gurbh éigean do’n Chríost fulang, agus éirghe ó na marbhaibh; agus gur ab é an t‐Íosa so, fhógraim‐se dhaoibh, an Críost. 4Agus do bhí cuid aca do chreid, agus do ghabhadar le Pól agus le Sílas; agus ortha‐san do bhí a lán mór de na Gréagachaibh diadha, agus cuid nár bheag de na mnáibh uaisle. 5Acht do las éad na nIúdach, agus do chruinnigheadar daoine de dhíogha an phobail, agus do bhailigheadar sluagh, agus do chuireadar an chathair i n‐achrann a chéile; agus d’ionnsuigheadar teach Iásóin, ag iarraidh iad‐san do thabhairt amach chum an phobail. 6Agus nuair nach bhfuaradar iad, do tharraingeadar Iásón agus cuid de na bráithreachaibh i láthair riaghlóir na cathrach, g‐á rádh, Na daoine seo go bhfuil an domhan bun os cionn aca, atá siad tagtha go dtí an áit seo, leis. 7Do ghlac Iásón isteach iad: agus atáid uile ag cur i gcoinnibh reachta Chéasair, g‐á rádh go bhfuil rí eile ann, Íosa. 8Agus do bhaineadar corruighe mór as an bpobal agus as riaghlóiribh na cathrach, nuair do‐chualadar na neithe sin. 9Agus nuair do bhaineadar banna de Iásón agus de’n chuid eile, do scaoileadar uatha iad.
10Agus do chuir na bráithreacha Pól agus Sílas uatha gan mhoill san oidhche, go Beréa: agus ar sroichint dóibh, do chuadar isteach i sionagóig na nIúdach. 11Agus bhíodar‐san ní ba uaisle ’ná na daoine do bí i dTessaloníca, agus do ghlacadas an briathar go díoghraiseach, ag cuardach na scrioptúir gach lá d’fhéachain an raibh na neithe sin amhlaidh. 12Do chreid mórán díobh‐san, agus de na mnáibh uaisle Gréagacha, agus cuid nár bheag de na fearaibh. 13Acht nuair fuair na h‐Iúdaigh i dTessaloníca fios scéil go raibh Pól ag craobhscaoileadh briathair Dé i mBeréa, leis, tháinig siad annsin mar an gcéadna, ag gríosadh agus ag saighdeadh na ndaoine. 14Annsin gan mhoill do chuir na bráithreacha Pól uatha i dtreo na fairrge: acht d’fhan Sílas agus Timóteus ’n‐a dhiaidh. 15Agus na daoine go raibh Pól fá n‐a gcúram aca thugadar leo é chómh fada le Cathair na h‐Aithne: agus tar éis teachtaireacht chum Sílas agus chum Timóteus d’fhágháil ag iarraidh ortha teacht chuige chómh luath agus d’fhéadfaidís, d’imthigheadar.
16An fhaid do bhí Pól ag fanamhain leo i gCathair na h‐Aithne, do bhí a spioraid d’á corrú ann, agus é ag féachain ar an gcathair agus í lán d’íodhalaibh. 17D’á bhrigh sin do bhíodh sé ag diospóireacht san tsionagóig leis na h‐Iúdachaibh agus leis na daoinibh diadha, agus leo‐san do casadh leis gach lá i n‐áit an mhargaidh. 18Agus do bhíodh cuid d’fheallsamhnaibh na nEpicúrach agus na Stóiceach ag conspóid leis. Agus adubhairt cuid aca, Créad atá le rádh ag an duine cainnteach so? Adubhairt cuid eile, Is cosmhail gur duine é atá ag fógairt déithe coimhightheach: toisc go raibh sé ag innsint i dtaobh Íosa agus i dtaobh an aiséirghe. 19Agus rugadar air, agus do thógadar é go dtí an t‐Aréopagus, g‐á rádh, An bhféadaimíd a fhios d’fhágháil caidé an teagasc nua so atá agat d’á thabhairt? 20Óir is aisteach linn na scéala atá agat d’á gcur ’n‐ár gcluasaibh: ba mhaith linn a fhios bheith againn caidé is ciall dóibh. 21(Óir n’ raibh de chaitheamh aimsire ag lucht na h‐Aithne agus ag na coimhthigheachaibh do bhíodh ’n‐a gcómhnaidhe annsin, acht bheith ag innsin nó ag clos nidh úr‐nua éigin.) 22Agus do sheas Pól i lár an Aréopaguis, agus adubhairt sé,
A mhuinntear Chathrach na h‐Aithne, do‐chím go bhfuil sibh, ins gach slighe, an‐chráibhtheach. 23Óir san tsiubhal dom, agus mé ag féachain ar na neithibh adhras sibh, fuaras altóir ar a raibh an inscríbhinn seo, DO’N DIA ANAITHNID. An té úd adhras sibh gan aithne bheith agaibh air, fógraim daoibh é anois. 24An Dia do‐rinne an domhan agus a bhfuil ann, ó’s é Tighearna neimhe agus talmhan é, ní chómhnuigheann sé i dteampallaibh do‐rinneadh le lámhaibh; 25agus fós ní déantar seirbhís dó le lámhaibh daoine, mar bhéadh gábhadh aige le nidh ar bith, óir is é féin do‐bheir anam, agus anál, agus gach uile nidh do chách; 26agus do‐rinne sé ó aon duine amháin an cineadh daonna uile, chum bheith ’n‐a gcómhnaidhe ar uachtar na talmhan, agus do cheap sé dhóibh a dtréimhse agus a dteoranta; 27d’fhonn go loirgfidís Dia, dá mbéadh ar chumas dóibh a chuardach agus a fhágháil, gidh nach bhfuil sé i bhfad ó aon duine againn: 28óir is ann mhairimíd, agus chorruighmíd, agus atáimíd; fá mar adubhairt daoine de bhúr bhfilibh féin, Óir is d’á shliocht‐san sinn. 29D’á bhrigh sin, ó’s de shliocht Dé sinn, ní cóir dhúinn a mheas gur cosmhail Dia le h‐ór, ná le h‐airgead, ná le cloich, do greanadh le h‐ealadhain nó le h‐inntleacht daonna. 30Do leig Dia aimsear an ainbhfiosa thairis, acht anois atá sé g‐á fhógairt do na daoinibh ins gach aon áit aithrighe do dhéanamh: 31de bhrigh go bhfuil lá ceaptha aige ’n‐a dtiubhraidh sé breitheamhnas de réir cirt ar an saoghal tríd an bhfear atá réamh‐órduighthe aige; agus do dhearbhuigh sé é do gach uile dhuine, g‐á thógáil ó na marbhaibh.
32Acht nuair do‐chualadar trácht ar aiséirghe na marbh, do bhí cuid aca do‐rinne magadh; acht bhí cuid eile adubhairt, Éistfimíd leat uair éigin eile ’n‐a thaobh sin. 33D’imthigh Pól uatha mar sin. Acht do bhí fir áirithe do chlaoidh leis, 34agus do chreid: ortha‐san do bhí Díonusios an t‐Aréopagíteach, agus bean darbh ainm Damaris, agus daoine eile nach iad.
Currently Selected:
Gníomhartha 17: ATN1951
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932