Gníomhartha 16
16
1Agus tháinig sé go Derbé agus go Listra, leis: agus féach, do bhí deisceabal annsin, darbh ainm Timóteus, mac mná Iúdaighe go raibh an creideamh aici; acht ba Ghréagach a athair. 2Do bhí cáil mhaith air ag na bráithreachaibh do bí i Listra agus i nIcónium. 3Do bhí fonn ar Phól go rachadh seisean amach i n‐éinfheacht leis; agus do ghlac sé é agus do thimcheall‐ghearr sé é mar gheall ar na h‐Iúdachaibh do bhí ins na h‐áiteannaibh sin: óir bhí a fhios aca go léir gur Ghréagach a athair. 4Agus san tsiubhal dóibh tríd na cathrachaibh, thugadar dóibh le coimhéad na reachta do‐rinne na h‐abstail agus na seanóirí do bhí i nIarúsalem. 5Agus mar sin do bhí na h‐eaglaisí ag neartú san gcreideamh, agus ag dul i méid i n‐aghaidh an lae.
6Agus do chuadar tré chrích Frigia agus Ghalácia, an Spiorad Naomh g‐á gcosc ar an mbriathar do labhairt san Áise; 7acht nuair thángadar i n‐aice le Misia, do chuireadar rómpa dul i mBitinia; acht níor leig Spiorad Íosa dhóibh dul ann; 8agus ag gabháil thar Misia, do chuadar síos go Tróas. 9Agus do chonnaic Pól aisling san oidhche; Do bhí fear ó’n Maiceadóin ’na sheasamh, ag cur impidhe air, agus g‐á rádh, Tar anall go dtí an Mhaiceadóin, agus cabhruigh linne. 10Agus nuair do chonnaic sé an aisling, do cheapamar ar an láthair imtheacht fá dhéin na Maiceadóine, agus a dheimhin againn gur ghlaodh Dia orainn an soiscéal do chraobhscaoileadh dhóibh ann.
11Do sheolamar, d’á bhrigh sin, díreach ó Thróas go Samotrácé, agus go Néapólis an lá ’n‐a dhiaidh sin: 12agus as sin go Pilippí, príomh‐chathair an cheanntair sin de’n Mhaiceadóin, coilíneacht Rómhánach: agus d’fhanamar san gcathair sin tamall beag. 13Agus do chuamar amach an geata lá na sabóide cois abhann, mar ar cheapamar go raibh áit urnaighthe; agus ’n‐ár suidhe dhúinn, do bhíomar ag labhairt leis na mnáibh do bhí cruinnighthe ann. 14Agus do bhí bean darbh ainm Lidia, bean díolta corcra ó chathair Thiatíra, do bhíodh ag adhradh an Aon‐Dé, do bhí sí ag éisteacht linn: d’fhoscail an Tighearna a croidhe chum aire do thabhairt d’á raibh ag Pól d’á rádh. 15Agus nuair do bhí sí féin agus muinntear a tighe baistthe, do chuir sí impidhe orainn, g‐á rádh, Má’s é bhúr meas go bhfuilim dílis do’n Tighearna, tagaidh isteach agus fanaidh im’ thigh. Agus do chuir sí d’fhiacaibh orainn dul.
16Agus thárla, agus sinn ag dul fá dhéin áite an urnaighthe, gur casadh orainn cailín ’n‐a raibh spioraid asarlaidheachta, agus do bhíodh sí ag gnóthú móráin d’a máistribh ag déanamh fáistíneachta. 17Do lean sise Pól agus sinne, ag glaodhach go h‐árd, g‐á rádh, Seirbhísigh do’n Dia is Áirde na fir sin, agus atáid ag fógairt slighe an tslánuighthe dhaoibh. 18Agus do bhí sí g‐á dhéanamh sin ar feadh mórán laethe. Acht do ghoill sin ar Phól, agus d’iompuigh sé agus adubhairt sé leis an spioraid, Órduighim duit i n‐ainm Íosa Críost teacht amach aisti. Agus tháinig sí amach an uair chéadna sin.
19Acht nuair do chonnaic a máistrí nach raibh súil le saidhbhreas a thuilleadh aca, rugadar ar Phól agus as Shilas, agus tharraingeadar iad go h‐áit an mhargaidh, i láthair na riaghlóir, 20agus nuair thugadar chum na n‐iúistís iad, adubhradar, Is Iúdaigh na fir seo, agus táid ag buaidhreadh na cathrach orainn, 21agus atáid ag múineadh cleachtadh nach dleaghthach dúinne glacadh leo, toisc gur Rómhánaigh sinn. 22Agus d’éirigh an pobal i n‐éinfheacht ’n‐a gcoinnibh: agus do bhain na giúistísí a n‐éadaighe dhíobh, agus d’órduigheadar gabháil de shlataibh ortha. 23Agus tar a éis dóibh a lán buille do bualadh ortha, do chuireadar i bpríosún iad, agus d’órduigheadar d’fhear an phríosúin iad do choimhéad go daingean. 24Nuair fuair seisean a leithéid sin d’órdú do chuir sé iad ins an bpríosún b’fhaide isteach, agus chuir sé a gcosa i bhfostodh i gceap. 25Acht timcheall uaire an mheadhoin oidhche do bhí Pól agus Sílas ag urnaighe agus ag canadh iomann do Dhia, agus na príosúnaigh ag éisteacht leo; 26agus go h‐obann d’éirigh luascadh mór talmhan, i dtreo go raibh bun an phríosúin d’á shuathadh: agus ar an láthair bhí dóirse an phríosúin ar leathadh; agus geimhleacha gach duine scaoilte. 27Agus ag dúiseacht d’fhear an phríosúin as a chodladh, do chonnaic sé dóirse an phríosúin ar fhoscailt, agus ag tarraing a chlaidhimh dó, bhí sé ar tí é féin do mharbhadh, óir cheap sé gur éaluigh na príosúnaigh. 28Acht do ghlaodh Pól de ghuth árd, g‐á rádh, Ná déan aon díoghbháil ort féin: atáimíd uile annso. 29Agus do ghlaodh sé ar shoillsibh, agus do léim sé isteach, agus do thuit sé síos i bhfiadhnaise Phóil agus Shílais, 30agus é ar bhaill‐chrith, agus thug sé amach iad, agus adubhairt, A dhaoine uaisle, créad atá le déanamh agam chum go saorfaidhe mé? 31Agus adubhradar‐san, Creid san Tighearna Íosa, agus saorfar thú fhéin agus do theaghlach. 32Agus d’inniseadar briathar an Tighearna dhó féin agus d’á raibh ’n‐a thigh. 33Agus do ghlac sé iad an uair chéadna sin de’n oidhche, agus do nigh sé a gcneadhacha; agus do baisteadh é féin agus muinntear a theaghlaigh go léir ar an láthair. 34Agus thug sé isteach ’n‐a thigh iad, agus do chuir sé biadh rómpa, agus do‐rinne sé féin agus muinntear a theaghlaigh go léir gáirdeachas mór, agus é ag creideamhain i nDia.
35Acht ar maidin, do chuir na giúistísí uatha na maoir, g‐á rádh, Scaoilidh na fir úd. 36Agus d’innis fear an phríosúin na focla do Phól, g‐á rádh, D’órduigh na giúistísí sibh do scaoileadh: uime sin tagaidh amach, agus imthighidh libh i síothcháin. 37Acht adubhairt Pól, Do bhuaileadar sinn go poiblidhe, gan triail, agus gur fir Rómhánacha sinn, agus chaitheadar i bpríosún sinn; agus arbh áil leo anois ár gcur amach os íseal? Ní mar sin bhéas; ní h‐eadh, acht tagaidís féin agus beiridís amach sinn. 38Agus d’innis na maoir an chainnt sin do na giúistísibh: agus do bhí eagla ortha, nuair do‐chualad ar gur Rómhánaigh iad; 39agus thángadar agus d’impidheadar ortha; agus tar a éis dóibh a dtabhairt amach, d’iarradar ortha imtheacht ó’n gcathair. 40Agus d’imthigheadar as an bpríosún, agus chuadar isteach i dtigh Lidia: agus nuair do‐chonnacadar na bráithreacha, thugadar meisneach dóibh, agus d’imthigheadar.
Currently Selected:
Gníomhartha 16: ATN1951
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932