1
Marcas 9:23
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
Agus dúirt Íosa leis, “Más féidir leatsa! Níl ní dodhéanta ag an té a chreideas.”
Compare
Explore Marcas 9:23
2
Marcas 9:24
Agus leis sin scairt athair an gharsúin in ard a chinn agus dúirt sé, “Creidimse; cuidigh le mo dhíchreideamh.”
Explore Marcas 9:24
3
Marcas 9:28-29
Agus nuair a chuaigh sé isteach sa teach, dʼfhiafraigh a dheisceabail de os íseal, “Cad chuige nár fhéadamar a cur amach?” Agus dúirt sé leo, “Ní féidir an cineál seo deamhain a chur amach ach amháin leis an urnaí.”
Explore Marcas 9:28-29
4
Marcas 9:50
Is maith é an salann; ach má chailleann an salann a ghoirte, cad é a thabharfas a bhlas dó aris? Cuireadh an salann dea-bhlas oraibh dá chéile, agus bígí i siocháin le chéile.”
Explore Marcas 9:50
5
Marcas 9:37
“Cibé duine a ghlacas i mʼainmse le leanbh mar an leanbh seo, is liom a ghlacas sé, agus cibé duine a ghlacas liom, ní liom a ghlacas sé ach leis an té a chuir uaidh mé.”
Explore Marcas 9:37
6
Marcas 9:41
Mar deirim i bhfírinne libh, cibé duine a thugas cupán uisce daoibh le n‑ól as siocair ainm Chríost a bheith oraibh, ní bheidh sé sin gan a aisce a fháil.
Explore Marcas 9:41
7
Marcas 9:42
“Cibé duine a bhíos ina chúis pheaca dʼaon leanbh den mhuintir bheag a chreideas ionamsa, bʼfhearr dó bró mhuilinn a chrochadh faoina mhuineál agus a chaitheamh amach san fharraige.
Explore Marcas 9:42
8
Marcas 9:47
Agus má bhíonn do shúil ina cúis pheaca agat tarraing amach as do cheann í; is fearr duit dul isteach i ríocht Dé ar leathshúil ná do chaitheamh isteach in ifreann agus dhá shúil agat
Explore Marcas 9:47
Home
Bible
Plans
Videos